You are here:

Caiteachas ar fhuinneamh laghdaithe ar €1.3 billún ag an earnáil phoiblí

19 Feabhra 2020

Tá an caiteachas ar fhuinneamh laghdaithe ar €1.3 billiún ag forais phoiblí agus tá 4.6 milliún tonna d'astaíochtaí CO2 seachanta acu ó bhí 2009 ann, de réir na hanailíse is deireanaí ag Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann ('an tÚdarás'). Léirítear i dTuarascáil Bhliantúil 2019 ar Fheidhmíocht na hEarnála Poiblí um Éifeachtúlacht Fuinnimh go raibh an earnáil phoiblí trí chéile 27% níos tíosaí ar fhuinneamh faoi dheireadh 2018 agus go raibh gach seans aici an sprioc éifeachtúlachta fuinnimh 33% a bhaint amach faoi dheireadh 2020.

 

Seo an dara bliain as a chéile a bhfuil feabhas suntasach tagtha ar fheidhmíocht, agus tá an feabhas ag titim amach sna sála ar thabhairt isteach na Straitéise um Éifeachtúlacht Fuinnimh san Earnáil Phoiblí in 2017. 

 

Mar ghrúpa, d'éirigh leis an 345 foras poiblí agus leis an 2,678 scoil a chuir tuairisc isteach faoina bhfeidhmíocht fuinnimh in 2018 feabhas comhiomlán ar éifeachtúlacht a bhaint amach, ó 24% an bhliain roimhe sin go 27%. Maidir le 2018, ba ionann é sin agus €246 milliún breise i gcaiteachas ar fhuinneamh a sheachaint agus 761,000 tonna d'astaíochtaí CO2 a sheachaint.

 

Agus é ag fógairt fhoilsiú na tuairisce inniu, dúirt an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, Richard Bruton T.D.:

 

"Caithfidh an earnáil phoiblí a bheith eiseamlárach maidir le comhlíonadh ár ngealltanais aeráide. Tugann an tuarascáil seo léargas tábhachtach dúinn. Is ábhair sásaimh é an méadú trí phointe céatadáin agus cuirfidh sé lenár n-iarrachtaí an sprioc 33% ó thaobh éifeachtúlachta fuinnimh de a bhaint amach faoi 2020. Tá éagsúlacht mhór ann idir na forais phoiblí, áfach, rud atá ina chúis imní – bhain 162 foras poiblí éifeachtúlacht fuinnimh 30% amach sa tréimhse atá i gceist, ach chuaigh 49 foras poiblí in olcas nó bhí feabhsú níos lú ná 10% i gceist. Caithfear glacadh leis anois gur sprioc íosta í an sprioc éifeachtúlacht 50% a bhaint amach faoi 2030, i bhfianaise na huaillimhéin méadaithe aeráide agus na ngníomhartha is gá a dhéanamh chun an uaillmhian sin a fhíorú."

 

Dúirt William Walsh, Príomhfheidhmeannach Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann:

 

"Tá an clár earnála poiblí atá ag Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann mar thacaíocht d'fhorais phoiblí agus na hathruithe is gá á ndéanamh acu ina n-iompraíochtaí fuinnimh chun spriocanna náisiúnta a bhaint amach. Ar an tacaíocht a thugaimid tá oiliúint, comhairle, meántóireacht agus deontais shuntasacha chaipitil ar mhaithe le hinfheistíochtaí ar scála mór. Más mian le forais phoiblí bheith ina n-eiseamláir, agus má léiríonn siad an uaillmhian is gá chun ár spriocanna a bhaint amach, tig leo bheith cinnte de go gcuirfidh an tÚdarás acmhainní agus saineolas ar fáil dóibh. Tá an tuarascáil seo, agus an dul chun cinn leanúnach a bhfuil cur síos déanta air inti, mar fhianaise ar an rath leanúnach atá leis na hidirghabhálacha seo."

 

Tá cóip iomlán de Thuarascáil Bhliantúil 2019 ar Fheidhmíocht Éifeachtúlachta Fuinnimh san Earnáil Phoiblí ar fáil ar www.seai.ie

 

CRÍOCH

 

Nótaí d'eagarthóirí

 

Eolas ar Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann

Is é Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann údarás náisiúnta fuinnimh na hÉireann. Déanaimid infheistíocht i réitigh oiriúnacha, éifeachtacha, inmharthana, agus cuirimid na réitigh seo ar fáil, d'fhonn cuidiú le muintir na hÉireann an t-aistriú a dhéanamh chun gur todhchaí fuinnimh ghlain a bheidh againn. Bímid ag obair leis an Rialtas, le húinéirí tí, le gnónna agus le pobail chun na spriocanna sin a bhaint amach trí shaineolas, maoiniú, cláir oideachais, comhairle ar pholasaithe, taighde agus forbairt teicneolaíochtaí nua.

Tá an tÚdarás maoinithe ag Rialtas na hÉireann tríd an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil.

Eolas ar Thuarascáil Bhliantúil 2019 ar Fheidhmíocht Éifeachtúlachta Fuinnimh san Earnáil Phoiblí

Is í seo an séú tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht éifeachtúlachta fuinnimh na bhforas poiblí in Éirinn. Tá sé á chur i láthair i gcomhthéacs na ngealltanas atá déanta ag Éirinn ar leibhéal an AE agus ar leibhéal náisiúnta agus i gcomhthéacs na spriocanna is leithne i dtaca le hathrú na haeráide, mar atá go mbainfidh gach foras poiblí in Éirinn feabhas éifeachtúlachta fuinnimh 33% amach (mar atá sainmhínithe in I.R. 426 de 2014) faoi dheireadh 2020.

Tá ceangal ar fhorais phoiblí sonraí bliantúla éifeachtúlachta fuinnimh a thuairisciú d'Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann, a bhíonn ag bainistiú an phróiseas tuairiscithe ar son na Roinne Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil (RCGAC). Bíonn an córas náisiúnta monatóireachta agus tuairiscithe fuinnimh a bhunaigh an tÚdarás agus RCGAC in úsáid ag tuairim is 97% de na forais phoiblí uile agus ag formhór na scoileanna. Soláthraíonn an córas monatóireachta agus tuairiscithe taifead tábhachtach ar fheidhmíocht na hearnála poiblí in 2018.

Cuid den 4,036 tionscadal a bhfuair an tÚdarás tuairisc ina leith in 2018:

feabhas 34% ó bhí 2009 ann bainte amach ag Ollscoil Mhá Nuad trí chleachtais éifeachtachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm, trí uasdátú ar fhearais, trí shoilse LED a chur isteach in áit na soilse a bhíodh ann, agus trí dhearadh na gcóras i bhfoirgnimh a fheabhsú. Bronnadh creidiúnú ISO 50001 i dtaca le bainistiú fuinnimh ar an ollscoil in 2018. Trí fheasacht ar fhuinneamh a ardú, tá meon an chaomhnaithe agus na hinbhuanaitheachta daingnithe i bpobal an champais. Tá roinnt pointí luchtaithe d'fheithiclí leictreacha curtha ar fáil ag an ollscoil freisin chun gur féidir le baill foirne agus le mic léinn úsáid a bhaint astu. Mar thoradh ar a n-uaillmhian agus an cur chuige imeasctha atá acu, tá sábháiltí fuinnimh agus éifeachtúlacht fheabhsaithe acmhainní á mbaint amach go leanúnach ag Ollscoil Mhá Nuad.

 

An Phríomhoifig Staidrimh Cuireadh i gcrích dhá thionscadal sábháilte fuinnimh in 2018 sa Phríomhoifig Staidrimh i Machain i gCorcaigh. Cuireadh ceithre choire cascáide isteach in áit na gcoirí téimh gháis a bhíodh ann. Cuireadh rialuithe zónála limistéar isteach freisin, rud a fhágann gur féidir an córas téimh a rialú níos fearr. Bhí tionscadal eile ann chun aisfheistiú iomlán a dhéanamh ar na feistis soilsithe inmheánacha. Cuireadh LEDanna agus rialuithe bunaithe ar áitíocht isteach in áit na soilse fluaraiseacha a bhíodh ann. Tá rialuithe ann chun leas a bhaint as solas an lae freisin. Bliain i ndiaidh gur cuireadh an tionscadal i gcrích, bhí caitheamh gáis laghdaithe ar 171,100 kWh (€3,600) agus bhí sábháiltí leictreachais 125,700 kWh (€21,400) déanta.

 

FSS  Trí Bhiúró Fuinnimh Réigiún an Oirthir de chuid an FSS agus foireann nuabhunaithe bainistíochta fuinnimh, shábháil Ospidéal Naomh Ita i bPort Reachrann €95,000 trí bhreis agus 900,000 kWh d'úsáid fuinnimh a ghearradh óna mbille. Bhí laghdú 220 tonna per annum ar astaíochtaí carbóin agus bhí tréimhse shimplí aisíoca 3.1 bliain i gceist, bunaithe ar infheistíocht €100,000. Ar na tionscadail a rinneadh bhí na caidéil téimh uile ar an suíomh a uasghrádú agus samhlacha níos nua-aimseartha, níos éifeachtúla a chur in áit na seancheann, agus soilse LED a chur isteach. Tá an t-airgead a sábháladh á infheistiú sa tseirbhís agus tá sé ag maoiniú tionscadail chomhshaoil a rachaidh chun leasa do chliaint agus do bhaill foirne.

 

 

Press Release Documents