You are here:

Deontas €530m ón AE faighte ag an Rialtas le haghaidh an Idirnascaire Cheiltigh

2 Deireadh Fómhair, 2019

 

Dhearbhaigh an Taoiseach, Leo Varadkar, agus an tAire Cumarsaide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, Richard Bruton, inniu (an Chéadaoin, an 2 Deireadh Fómhair) go bhfuil an Coimisiún Eorpach le hinfheistíocht €530 milliún a dhéanamh san Idirnascaire Ceilteach chun Éire a nascadh le greille fuinnimh na hEorpa.

 

Nascfaidh an tIdirnascaire Ceilteach, a chosnóidh €1 billiún, líonra leictreachais na hÉireann leis an bhFrainc trí nasc fothoinn. Nuair a bheidh sé tógtha, beidh acmhainn 700 meigeavata ann agus cuirfear cumhacht ar fáil do 450,000 teaghlach. Cuideoidh an t-idirnascaire le hÉirinn aistriú go leibhéal 70% i dtaca le fuinneamh in-athnuaite, de réir mar atá leagtha amach i bPlean an Rialtais um Ghníomhú ar son na hAeráide. 

 

Is gné ríthábhachtach de Thionscadal Éireann 2040 é an tIdirnascaire agus is dócha go n-íslófar na praghsanna leictreachais a íocann tomhaltóirí mar gheall ar an iomaíocht níos géire a bheidh ann mar thoradh air. Freisin, toisc go mbeidh Éire in ann dul isteach i margadh fuinnimh inmheánach na hEorpa, beimid in ann leibhéil is airde d'fhuinneamh gaoithe agus d'fhuinneamh in-athnuaite a chothabháil. 

 

Nuair a fhágfaidh an Bhreatain an AE, ní bheidh aon idirnascaire leictreachais ag Éirinn níos mo le haon bhallstát eile de chuid an Aontais Eorpaigh. Trí nasc díreach leictreachais a sholáthar le mórthír na hEorpa, beidh Éire nasctha le Margadh Fuinnimh Inmheánach an AE i ndiaidh an Bhreatimeachta.

 

Dúirt an Taoiseach:

 "Seo infheistíocht fhíorshuntasach in Éirinn a chuideoidh linn gaisce mór innealtóireachta a chur i gcrích. Cuideoidh an tIdirnascaire Ceilteach le praghsanna leictreachais a ísliú, le hastaíochtaí de gháis cheaptha teasa a laghdú agus le slándáil fuinnimh níos fearr a sholáthar. Is toradh díreach é seo ar an dlúthchaidreamh oibre atá againn leis an gCoimisiún Eorpach, an tUachtarán Juncker san áireamh, agus leis an bhFrainc agus leis an Uachtarán Macron, a bheidh ar an gcomharsa is gaire dúinn san AE i ndiaidh an Bhreatimeachta. Is léiriú é de dhlúthpháirtíocht Eorpach sa tréimhse ríthábhachtach seo."

 

Dúirt an tAire Bruton:

 "Tá an píosa tábhachtach infreastruchtúir seo ríthábhachtach chun na forbairtí a bheidh de dhíth chun dul i ngleic leis an dúshlán aeráide a chur i gcrích. Chomh maith leis na buntáistí soiléire ó thaobh slándáil níos fearr agus éagsúlú an tsoláthair leictreachais de, éascóidh sé tuilleadh forbartha ar fhuinneamh in-athnuaite, rud atá tábhachtach agus a chuideoidh linn ár sprioc 70% a bhaint amach. Beimid ag dúil le hísliú ar na praghsanna a íocann tomhaltóirí nuair a bheidh oibritheoirí ag feidhmiú i margadh is iomaíche."

 

Is trí Shaoráid an AE um an Eoraip a Nascadh a fuarthas an infheistíocht. Bhíothas in ann cur isteach uirthi mar gheall ar stádas an Idirnascaire Cheiltigh mar Thionscadal Comhleasa. Aithnítear tionscadail a bhfuil an stádas seo acu mar thionscadail riachtanacha chun Margadh Fuinnimh Inmheánach na hEorpa a thabhairt chun críche agus chun na cuspóirí i mbeartas fuinnimh an AE maidir le fuinneamh a bhfuil sé d'acmhainn ag daoine íoc as, slándáil fuinnimh agus inbhuanaitheacht fuinnimh a ghnóthú.

 

Tá an tionscadal á chomhfhorbairt ag EirGrid agus ag a mhacasamhail sa Fhrainc, Réseau de Transport d'Électricité (RTÉ). Tá Éire ag tacú leis an tionscadal i bpróiseas Thionscadal Comhleasa an AE le roinnt blianta anuas, agus is mar gheall ar é a bheith ina Thionscadal Comhleasa atá an deontas ar fáil.  

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach EirGrid, Mark Foley:

 "Mar gheall ar na hardmhianta a léirítear i bPlean an Rialtais um Ghníomhú ar son na hAeráide, tá dúshlán roimh EirGrid an greille a fhorbairt chun glacadh leis an ardú leanúnach ar leibhéil fuinnimh in-athnuaite. Tá idirnascadh ar cheann de na dóigheanna is fearr chun tabhairt faoin dúshlán sin. Bíonn an fhoireann againne i gCorcaigh go minic agus bíonn siad i dteagmháil leis na pobail áitiúla chun a chinntiú go mbeidh a dtuairimí siúd san áireamh agus an tionscadal á dhearadh. Leis an deontas seo agus le tacaíocht na bpobal sin, samhlaímid go bhféadfaí tús a chur leis an obair thógála chomh luath le 2022 agus í a chríochnú faoi 2026."​

Nótaí d'eagarthóirí

 

Tá tuilleadh idirnascthachta an-tábhachtach i dtaca leis na hardmhianta aeráide againn atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide chun Dul i nGleic le Cliseadh Aeráide.

Feabhsóidh an tIdirnascaire Ceilteach slándáil an tsoláthair leictreachais in Éirinn agus sa Fhrainc trí nasc ardacmhainneachta iontaofa a chur ar fáil idir an dá thír, trí fhoinsí ár soláthair a éagsúlú agus trí iomaíocht sa Mhargadh Leictreachais Aonair uile-oileáin a mhéadú. Tacóidh sé le forbairt fuinnimh in-athnuaite, go háirithe in Éirinn. Cuirfidh an acmhainn 700 meigeavata atá molta leis na leibhéil giniúina acmhainneachta atá ar fáil agus cuideoidh sí le freastal ar an bhfás a thiocfaidh ar éileamh sa todhchaí.

 

Tá Rialtas na hÉireann ag tacú leis an Idirnascaire Ceilteach leis an bhFrainc ó moladh an chéad lá é. Aithníonn an Rialtas an tábhacht atá le nasc díreach leictreachais idir Éirinn agus mór-roinn na hEorpa, go háirithe anois, i gcomhthéacs an Bhreatimeachta. Is tionscadal bonneagair fuinnimh é an tIdirnascaire Ceilteach a mbaineann suntas náisiúnta leis agus tá an méid sin ráite faoi i dTionscadal 2040.

Tá an tionscadal ainmnithe mar "Thionscadal Comhleasa" de chuid an AE, rud a chiallaíonn go mbreathnaítear air mar thionscadal bonneagar fuinnimh den tosaíocht is airde taobh istigh den AE. De réir an phróiseas Thionscadal Comhleasa, chuir an dá pháirtí atá ag cur an tionscadail chun cinn "iarratais ar infheistíocht" isteach chuig na hÚdaráis Náisiúnta Rialála ina dtír féin i mí Mheán Fómhair seo caite – is é an Coimisiún um Rialáil Fóntas an tÚdarás Náisiúnta Rialála in Éirinn. Tá ról sainithe sa phróiseas ag na hÚdaráis Náisiúnta Rialála, mar atá a dhearbhú cé acu atá nó nach bhfuil an tionscadal atá molta chun leasa an phobail. Ar an 29 Aibreán 2019, d'fhoilsigh na hÚdaráis Náisiúnta Rialála páipéir ag cur in iúl go rachadh an tionscadal chun leasa don phobal sa Fhrainc agus in Éirinn araon dá bhféadfaí deontas substaintiúil a fháil ó chiste Shaoráid an AE um an Eoraip a Nascadh.

Chuir príomhpháirtithe an tionscadail iarratas ar chúnamh airgid isteach chuig an gCoimisiún Eorpach trí chiste na Saoráide ar an 13 Meitheamh 2019. Chuir an Taoiseach agus an tUachtarán Macron litir chomhshínithe isteach ag tacú leis an iarratas.

Bronnadh €4m roimhe seo ar an Idirnascaire Ceilteach mar mhaoiniú infheistíochta ó chiste na Saoráide. Bhí an infheistíocht sin mar thacaíocht do chéim dheiridh an tionscadail, is é sin an Bundearadh agus Réamhchomhairliúchán, lena n-áirítear measúnú domhain eacnamaíochta ar an tionscadal, staidéir theicniúla agus chomhshaoil agus gníomhaireachtaí réamhchomhairliúcháin chun ullmhú le haghaidh gnáthaimh bronnadh ceadanna sa todhchaí sa Fhrainc agus in Éirinn.

Press Release Documents