Leagann Naughten a phleananna amach maidir le cáilíocht an aeir a fheabhsú agus beatha daoine a bhfuil asma orthu a shábháil
22 Samhain 2016
Bhuail an tAire Comhshaoil Denis Naughten inniu le Príomhfheidhmeannach Chumann Asma na hÉireann Averil Power chun a phleananna a leagan amach maidir le cáilíocht an aeir in Éirinn a fheabhsú. Tá Éire sa cheathrú háit ar domhan ó thaobh bail daoine a bhfuil asma orthu de.
"Áirítear asma agus COPD (Galar Scamhóige Toirmeascach Ainsealach) i measc na bhfadhbanna is tromchúisí don tseirbhís sláinte in Éirinn agus imríonn cáilíocht an aeir agus dálaí eile comhshaoil tionchar an-mhór orthu araon. Meastar go bhfaigheann ceathrar bás gach lá in Éirinn de bharr aer truaillithe agus go ngabhann costas breise de thart ar €2 bhilliún in aghaidh na bliana leis sin," arsa an tAire Naughten.
I measc na n-ábhar a phléigh an tAire Naughten agus Averil Power ag a gcruinniú i dTithe an Rialtais bhí:
Cosc náisiúnta ar ghual toiteach a chur i bhfeidhm go luath; gréasán náisiúnta de stáisiúin mhonatóireachta fíorama ar cháilíocht aeir; truailliú ón réimse iompair
Dhearbhaigh an tAire Naughten d'Averil Power go ndéanfar na bearta seo a leanas laistigh de na sé seachtaine amach romhainn:
- Go bhfoilseofar an chéad Ráiteas Bliantúil um Aistriú faoin Acht Um Ghníomhú Aeráide agus Um Fhorbairt Ísealcharbóin.
- Go rachfar i gcomhairle leis an bpobal maidir leis an gcéad Phlean Náisiúnta um Maolú anseo in Éirinn lena chinntiú go mbeidh saoránaigh na tíre in ann páirt a ghlacadh sa phróiseas agus tionchar a imirt ar na bearta a d'aithin na príomhearnálacha i leith plean comhtháite agus éifeachtach a fhorbairt.
- Go seolfar Idirphlé Náisiúnta ar an Aeráid go luath in 2017
- Go bhfoilseofar comhairliúchán tosaigh ar Straitéis um Aer Glan don tír le súil go bhforbrófar plean uaillmhianach i gcomhréir le beartas AE lena ndéanfar iarracht sláinte saoránach a chosaint, agus ina dtabharfar aitheantas iomlán do na hidircheangail idir an úsáid fuinnimh againn agus cáilíocht an aeir a análaímid.
- Go bhfógrófar sonraí maidir le comhfhiontar idir dhá chuideachta leathstáit ina ndéanfar iarracht soláthar agus bainistiú tionscal bithmhaise inbhuanaithe in Éirinn a optamú.
Críoch