26 Aibreán 2018
Tá fógartha ag an Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, Denis Naughten T.D. inniu (26 Aibreán) go bhfuil €884,000 le dáileadh ón gCiste Comhshaoil ar 31 Údarás Áitiúil faoi Scéim Deontais Feasachta Frith-Bhruscair agus Frith-Ghraifítí 2018 (SDFFF).
Soláthraíonn an Scéim maoiniú d'údaráis áitiúla chun feachtais feasachta agus oideachais don phobal a eagrú ag leibhéal an phobail a dhíríonn ar bhruscar, salachar madraí agus graifítí. Tá freagracht ar gach údarás áitiúil ar leith na tionscadail feasachta oiriúnacha a gcuirfear maoiniú ar fáil dóibh a roghnú. Agus leithdháileadh €884,000 an lae inniu san áireamh fágtar gur €15 mhilliún, nach mór, iomlán na ndeontas a soláthraíodh faoin Scéim seo le 10 mbliana anuas.
Dúirt an tAire Naughten: "Is mór an sásamh dom a fhógairt go bhfuil €884,000 le leithdháileadh faoi Scéim Deontais Feasachta Frith-Bhruscair agus Frith-Ghraifítí 2018 (SDFFF). Anuraidh, rinne mé méadú 28% ar an maoiniú don SDFFF agus tá an leibhéal seo maoinithe don chlár á choinneáil agam i mbliana. Baineann údaráis áitiúla úsáid as an maoiniú seo chun feasacht a mhéadú agus chun athrú ar iompar daoine a spreagadh chun dul i ngleic le graifítí agus gach cineál bruscair a chaitear, cuir i gcás guma coganta, bunanna toitíní agus salachar madraí, rud a bhíonn ag dó na geirbe agam féin go speisialta. Seans gurb é an salachar madraí an bruscar is mó a chuireann isteach ar dhaoine agus is cúis mhór crá croí é dúinn ar fad ar shráideanna, i bpáirceanna agus ar thránna na tíre. Cuirim fáilte roimh aon tionscnamh a mhéadódh feasacht faoin mbruscar seo a chránn muid agus an baol mór don tsláinte phoiblí a théann leis, go háirithe do pháistí, nuair nach mbacann úinéirí madraí salachar a madraí féin a thógáil den talamh."
"Loitiméireacht ar an gcomhshaol is ea bruscar a chaitheamh ach ní réiteoidh an t-airgead na fadhbanna ar fad atá againn ó thaobh bruscair. Teastaíonn athrú ar iompar daoine ar bhonn uilechoiteann agus táim muiníneach go mbeidh fíorthionchar ag na feachtais feasachta a mhaoineofar tríd an scéim seo ag leibhéal an phobail fud fad na tíre. Tá sé fíorthábhachtach dom tacú agus cabhrú le hiarracht an phobail trí mhaoiniú suntasach agus aitheantas a chur ar fáil. Teastaíonn uaim moladh a thabhairt do dhíograis, d'fhuinneamh agus do dhúthracht grúpaí áitiúla pobail agus saorálacha, daltaí scoile agus múinteoirí a thugann faoina gcuid freagrachtaí sibhialta go dáiríre gach lá beo trí thionscnaimh frithbhruscair éagsúla a eagraíonn siad ar fud na tíre chun an comhshaol a chosaint".
Is é 2018 comóradh 20 bliain an Ghlantacháin Náisiúnta Earraigh, a eagraíonn An Taisce agus a ndéanann mo Roinn cómhaoiniú air. Tá an Glantachán Náisiúnta Earraigh ar siúl faoi láthair do mhí Aibreáin ar fud na tíre," arsa an tAire Naughtenmar fhocal scoir.
CRÍOCH
Sceideal Leithdháiltí na nDeontas Feasachta Frith-Bhruscair 2018
Údarás Áitiúil | Leithdháileadh SDFFF 2018 |
Cathair Bhaile Átha Cliath | 72,000 |
Contae Chorcaí | 36,000 |
Fine Gall | 36,000 |
Baile Átha Cliath Theas | 36,000 |
Cill Dara | 23,000 |
Dún Laoghaire-Ráth an Dúin | 36,000 |
Cathair agus Contae Luimnigh | 51,000 |
An Mhí | 26,000 |
Contae na Gaillimhe | 26,000 |
Dún na nGall | 26,000 |
Contae Thiobraid Árann | 42,000 |
Ciarraí | 26,000 |
Loch Garman | 28,000 |
Cill Mhantáin | 23,000 |
Maigh Eo | 23,000 |
Lú | 23,000 |
Cathair Chorcaí | 36,000 |
An Clár | 23,000 |
Cathair agus Contae Phort Láirge | 49,000 |
Cill Chainnigh | 23,000 |
An Iarmhí | 19,000 |
Laois | 19,000 |
Uíbh Fhailí | 19,000 |
Cathair na Gaillimhe | 36,000 |
An Cabhán | 19,000 |
Sligeach | 19,000 |
Ros Comáin | 19,000 |
Muineachán | 19,000 |
Ceatharlach | 19,000 |
An Longfort | 16,000 |
Liatroim | 16,000 |
| |
Iomláin | 884,000 |