You are here:

Dréacht-Treoirlínte maidir le Fuinneamh Gaoithe a Fhorbairt foilsithe i gcomhair comhairliúcháin phoiblí

12 Nollaig 2019

Sheol an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Eoghan Murphy T.D, agus an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide. Richard Bruton, TD., comhairliúchán poiblí inniu ar na hathbhreithnithe molta ar na Dréacht-Treoirlínte maidir le Fuinneamh Gaoithe a Fhorbairt. Baineann na treoirlíne le forbairtí gaoithe ar talamh agus leagtar amach iontu comhthéacs an bheartais náisiúnta i gcomhair na nithe seo a leanas: fuinneamh gaoithe a chur san áireamh i bpleananna forbartha na n-údarás áitiúil agus na cinntí a dhéanann údaráis phleanála agus An Bord Pleanála ar iarratais agus ar achomhairc phleanála i dtaca le forbairtí fuinnimh gaoithe.

Nuair a chuirfear na dréacht-treoirlínte i gcrích, beidh tionchar acu ar iarratais phleanála agus ar fhorbairt an fhuinnimh ghaoithe amach anseo. Áireofar leo seo athnuachan agus athchumhachtú na dtoilithe reatha i dtaca le forbairt an fhuinnimh ghaoithe.  

Moltar sna dréacht-treoirlínte na príomhathruithe seo a leanas a dhéanamh ar na Treoirlínte reatha:

 

        • Caighdeáin nua torainn: Áirítear leis na dréacht-treoirlínte caighdeáin nua mholta atá dírithe ar núis torainn ó fhorbairtí fuinnimh gaoithe a laghdú le haghaidh cónaitheoirí agus pobail áitiúla. Tá na caighdeáin nua mholta seo ar aon dul leis na caighdeáin idirnáisiúnta is nua-aimseartha, a cuireadh san áireamh i dTreoirlínte na hEagraíochta Domhanda Sláinte um Thorann Timpeallachta i Réigiún na hEorpa in 2018. Cuirfear san áireamh sna leibhéil cheadaithe torainn saintréithe áirithe torainn a bhaineann le tionscadail fuinnimh gaoithe i.e. modhnú aimplitiúide, tonúil agus torann ísealmhinicíochta, agus déantar foráil i leith na nithe seo a leanas chomh maith: pionóis i gcomhair torann tonúil agus modhnú aimplitiúide agus tairseach maidir le torann ísealmhinicíochta atá níos airde ná teorainneacha sonraithe, agus má sháraítear iad, múchfar an tuirbín. Moltar creat nua láidir um monatóireacht ar thorann a chur i bhfeidhm freisin. 

           Slánachar:  Teastaíonn slánachar sna dréacht-treoirlínte ar mhaithe le taitneamhacht amhairc. Caithfidh an slánachar a bheith ceithre huaire níos mó ná airde an bhairr idir tuirbín gaoithe agus an pointe is gaire cúirtealáiste i maoin chónaithe ar bith sa cheantar, faoi réir slánachar sainordaitheach de 500 méadar ar a laghad. Caithfear cloí leis na teorainneacha molta torainn a leagtar amach thuas de réir riachtanas an tslánachair chomh maith.
           
          • Meicníochtaí rialaithe uathoibríocha um chaochaíl scáileanna: Caithfear meicníochtaí rialaithe uathoibríocha um chaochaíl scáileanna a bheith i bhfeidhm fad agus atá an tionscadal ar siúl. Coinníoll sonrach a bhainfidh le ceadanna pleanála ná go gcaithfear tuirbíní gaoithe a mhúchadh má tá caochaíl scáileanna ann agus má chuireann sí isteach ar réadmhaoine reatha. 

             
          • Comhairliúchán an phobail: Beidh ar fhorbróirí fuinnimh gaoithe páirt a ghlacadh i gcomhairliúchán gníomhach poiblí leis an bpobal áitiúil go luath. Maidir leis seo, beidh orthu 'Tuarascáil Phobail' a ullmhú agus a chur isteach mar chuid dá n-iarratas pleanála agus achoimre á tabhairt acu ar an gcaoi a ndeachaigh siad i gcomhairle agus i dteagmháil leis an bpobal áitiúil i dtaca leis an bhforbairt mholta. Tabharfaidh siad achoimre freisin ar an gcaoi a n-oibreoidh siad leis an bpobal áitiúil chun saorshreabhadh eolais idir an pobal agus an forbróir a chumasú ag gach céim den tionscadal.

             
            • Díbhinn an phobail: Beidh ar fhorbróirí fuinnimh gaoithe deis a thabhairt don fhorbairt mholta dul chun tairbhe eacnamaíochta agus sóisialta don phobal áitiúil, ach éascaíocht a dhéanamh ar infheistíocht/úinéireacht phobail sa tionscadal, ach cineálacha eile buntáistí/díbhinní a úsáid, nó meascán den dá cheann.  

               
            • Naisc ghreille: Tá treoir nuashonraithe sna dréacht-treoirlínte ar riachtanais a bhaineann leis an Measúnacht Tionchair Timpeallachta i dtaca le tionscadail forbartha fuinnimh gaoithe agus na naisc ghaolmhara ghreille. D'eascair sé seo as athbhreithniú breithiúnach de chuid na hArd-Chúirte (Ó Grianna agus daoine eile v. An Bord Pleanála).  

              Agus é ag caint faoi na dréacht-treoirlínte agus an comhairliúchán poiblí á sheoladh aige, dúirt an tAire Murphy:
    • "Tar éis go leor oibre, anailíse agus comhairliúcháin, tá na Dréacht-Treoirlínte Athbhreithnithe maidir le Fuinneamh Gaoithe a Fhorbairt á bhfoilsiú againn atá dírithe ar chothromaíocht níos fearr a fháil idir dul i ngleic le riachtanais na bpobal áitiúil agus cumas na hÉireann a chothú maidir lena cuid uaillmhianta fuinnimh in-athnuaite a bhaint amach."

      "Tá sé mar aidhm againn sna dréacht-treoirlínte seo comhsheasmhacht níos fearr a sholáthar i dtaca le forbairt fuinnimh gaoithe ar an gcladach a phleanáil; agus cuireann sé seo cinnteacht agus soiléire níos fearr ar fáil don chóras pleanála, do thionscal an fhuinnimh ghaoithe agus do phobail áitiúla."

      Dúirt an tAire Bruton:
    • "Táimid ag aistriú ó mhóin agus ó ghual chun leictreachas a ghiniúint agus tá foinsí glana, in-athnuaite cumhachta, an ghaoth agus an ghrian san áireamh, á n-úsáid againn mar chuid den Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide. Faoi 2030, ginfear 70% dár leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh. Tá na treoirlínte seo riachtanach chun an t-uaschéimniú atá ag teastáil a chur i bhfeidhm agus tabharfar soiléiriú do cheannairí tionscadail iontu freisin. Cuid ríthábhachtach den phlean ná a chinntiú go dtéitear i gcomhairle le pobail áitiúla agus go mbaineann siad leas as tionscadail sa cheantar. Ní mór dúinn a chinntiú go gcuirtear na daoine atá ina gcónaí gar do thionscadail mhórscála san áireamh san fhorbairt."

      Mar fhocal scoir, thug an tAire Murphy cuireadh don phobal agus do gach páirtí leasmhar a gcuid tuairimí a roinnt.
    • "Is díol suime iad tionscadail fuinnimh gaoithe ar an gcladach do na daoine atá á bhforbairt agus do na pobail áitiúla. Cuirfear suim náisiúnta iontu chomh maith ó thaobh cur ar chumas na hÉireann a spriocanna uaillmhianacha maidir le fuinneamh in-athnuaite a bhaint amach. Spreagfainn na páirtithe ar fad a bhfuil spéis acu sa réimse seo a gcuid tuairimí ar na dréacht-treoirlínte a chur in iúl sula ndúnfar an comhairliúchán ar an 19 Feabhra 2020."

      CRÍOCH

       
      Nótaí don Eagarthóir
              • Is féidir teacht ar na Dréacht-Treoirlínte maidir le Fuinneamh Gaoithe a Fhorbairt ag:   https://www.housing.gov.ie/guidelines/wind-energy/public-consultation-revised-wind-energy-development-guidelines  

                Is féidir le daoine a gcuid tuairimí a roinnt ach ríomhphost a chur chuig:  WEDGReview@housing.gov.ie nó tríd an bpost chuig:

                Aighneachtaí Athbhreithnithe WEDG

                An Rannóg um Beartas Pleanála agus Reachtaíocht

                An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil

                Teach an Chustaim

                Baile Átha Cliath 1 D01 W6X0

                Glacfar le freagraí go dtí 17:00 Dé Céadaoin, an 19 Feabhra 2020.

                Tá próiseas an chomhairliúcháin phoiblí ar siúl mar chuid den Mheasúnú Straitéiseach Comhshaoil (SEA) do na Dréacht-Treoirlínte maidir le Fuinneamh Gaoithe a Fhorbairt. Mar chuid de phróiseas SEA, caithfidh breithniúcháin timpeallachta a bheith go hiomlán comhtháite in ullmhúchán pleananna agus clár, atá ina gcreataí i dtaca le toiliú forbartha, sula nglacfar leo. Tá comhairliúchán poiblí mar chuid den phróiseas seo.
                • Tháinig na Treoirlínte reatha maidir le Fuinneamh Gaoithe a Fhorbairt i bhfeidhm in 2006. Eisíodh mar threoirlínte aireachta pleanála chuig údaráis phleanála faoi mhír 28 den Acht um Pleanáil agus Forbairt (2000).
                  • Mura bhfuil ach athruithe molta beaga tar éis an chomhairliúcháin phoiblí, cuirfear próiseas SEA agus ráiteas iarmhartach SEA ar na hathbhreithnithe molta le chéile. Is dócha go bhfoilseofar na Treoirlínte athbhreithnithe maidir le Fuinneamh Gaoithe a Fhorbairt i R2 in 2020. Má tá athruithe suntasacha ar na dréacht-treoirlínte ag teastáil, seans go mbeidh gá le SEA eile ar na dréacht-treoirlínte a athraíodh. Bheadh tionchar aige seo ar an amlíne le haghaidh treoirlínte críochnaithe, nuashonraithe a fhoilsiú.
                  • Luadh gealltanas sa Chlár do Rialtas Comhpháirtíochta (2016) go dtabharfaí an t-athbhreithniú ar na Treoirlínte maidir le Fuinneamh Gaoithe a Fhorbairt chun críche, chun cothromaíocht níos fearr a chur ar fáil idir ábhair imní na bpobal áitiúil agus an gá atá le hinfheistíocht i dtionscadail dhúchasacha fuinnimh, agus próiseas an chomhairliúcháin phoiblí agus an dea-chleachtas idirnáisiúnta is fearr sa réimse seo mar bhonn eolais aige.
                  • Is tiomantas a leagtar amach i bPlean an Rialtais um Ghníomhú ar son na hAeráide, a foilsíodh i mí Meithimh 2019, é comhairliúchán an Mheasúnaithe Straitéisigh Chomhshaoil, Teastaíonn ó Éirinn an sprioc uaillmhianach de 70% den éileamh leictreachais a fháil ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh faoi 2030.   
                  • Táthar ag súil go mbeidh na treoirlínte athbhreithnithe, nuair a thabharfar chun críche iad, réamhbhreathnaitheach maidir le hiarratais phleanála agus le breithniúcháin do mholtaí le haghaidh fuinneamh gaoithe a fhorbairt amach anseo, lena n-áirítear toilithe reatha i dtaca le fuinneamh gaoithe a fhorbairt a athnuachan agus a athchumhachtú. Nuair a thugtar chun críche iad, beidh ar údaráis phleanála agus ar an mBord Pleanála aird a thabhairt ar na treoirlínte agus aon riachtanas sonrach a bhaineann le beartas pleanála a chur i bhfeidhm, a d'fhéadfaí a bheith sna treoirlínte athbhreithnithe (faoi mhír 28)1C) den Acht um Pleanáil agus Forbairt (2000)), agus a gcuid feidhmeanna reachtúla i dtaca le forbairtí fuinnimh gaoithe á gcomhlíonadh acu.
                  • Ullmhaíodh na dréacht-athbhreithnithe ar na Treoirlínte maidir le Fuinneamh Gaoithe a Fhorbairt ar aon dul le 'cur chuige roghnaithe an dréachta' a d'fhoilsigh an tAire Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil agus an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil ag an am i mí Meithimh 2017.
                     
                     
                    Príomhghnéithe de na dréacht-treoirlínte       
                  • Torann: Moltar sna dréacht-treoirlínte teorainn rátaithe torainn de 5dB(A) thar an torann reatha cúlra laistigh de réimse idir 35 agus 43dB(A), agus is é 43dB(A) an uasteorainn torainn a cheadaítear, lá agus oíche. Tá forail sna Treoirlínte reatha maidir le Fuinneamh Gaoithe a Fhorbairt i leith na dteorainneacha seo freisin: teorainn 45dB(A) do thorann i rith an lae nó uasmhéadú 5dB(A) ar thorann cúlra, agus teorainn 43dB(A) i rith na hoíche. Tá na riachtanais nua dírithe ar núis torainn ó fhorbairtí fuinnimh gaoithe a laghdú le haghaidh cónaitheoirí agus pobail áitiúla.
                     
                     
                    Tá foráil sna dréacht-treoirlínte i leith pionóis a ghearradh as torann tonúil agus as modhnú aimplitiúid, agus i leith tairsí do thorann ísealmhinicíochta atá níos airde ná teorainneacha sonraithe. Múchfar an tuirbín má sháraítear an tairseach do thorann ísealmhinicíochta.
                     
                     
                    Is minic a mheastar go mbíonn torainn lena mbaineann tréithe de thuirbíní gaoithe (m.sh. modhnú tonúil, ísealmhinicíochta agus aimplitiúide) níos sáití ná torainn nach mbaineann na tréithe seo leo. Cuirfear na tréithe áirithe torainn seo san áireamh sa teorainn rátaithe agus, nuair a aithneofar iad, laghdófar teorainneacha ceadaithe torainn a thuilleadh chun iad a mhaolú.
                     
                     
                    Beidh an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, i gcomhar le húdaráis áitiúla agus leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC), freagrach as creat nua láidir um monatóireacht ar thorann a chur i bhfeidhm. Cuirfidh sé seo le struchtúir agus le cumhachtaí reatha na n-údarás áitiúil agus GCC maidir le gearáin torainn a imscrúdú. Tabharfaidh GCC tacaíocht agus comhairle do na húdaráis áitiúla trí struchtúr Líonra na hÉireann um Chur i nGníomh agus um Fhorfheidhmiú Comhshaoil (NIECE).       
                     
                     
                    Slánachar taitneamhachta amhairc: Moltar slánachar sna dréacht-treoirlínte ar mhaithe le taitneamhacht amhairc. Caithfidh an slánachar a bheith ceithre huaire níos mó ná airde an bhairr idir tuirbín gaoithe agus an pointe is gaire cúirtealáiste i maoin chónaithe ar bith sa cheantar, faoi réir slánachar sainordaitheach de 500 méadar ar a laghad. Mar shampla, beidh ar thuirbín gaoithe, a bhfuil a bharr 170 méadar ar airde, a bheith 680 méadar, ar a laghad, ón áitreabh is gaire. Caithfear cloí leis na teorainneacha molta torainn de réir riachtanas an tslánachair chomh maith. 

                     
                    Caochaíl scáileanna: Moltar sna dréacht-treoirlínte go ndeimhníonn iarratasóirí pleanála ar thionscadail maidir le fuinneamh gaoithe a fhorbairt go mbeidh meicníochtaí rialaithe uathoibríocha um chaochaíl scáileanna i bhfeidhm fad agus atá an tionscadal ar siúl. Coinníoll sonrach a bhainfidh le ceadanna pleanála ná go gcaithfear tuirbíní gaoithe a mhúchadh má tá caochaíl scáileanna ann agus má chuireann sí isteach ar réadmhaoine reatha. 
                     
                     Tarlaíonn caochaíl scáileanna nuair a bhíonn an ghrian íseal sa spéir agus nuair a chaitheann na lanna rothlacha ar thuirbín gaoithe scáil ghluaisteach. Má chaitear an scáil ar fhuinneog i dteach nó i maoin eile in aice láimhe, feictear athrú tapa nó caochaíl i solas na gréine. Tá an tréimhse ama ina bhféadfadh caochaíl scáileanna cur isteach ar mhaoin in aice láimhe go hiomlán intuartha.         
                     
                                                    
    • Comhairliúchán an phobail: Beidh ar fhorbróirí fuinnimh gaoithe páirt a ghlacadh i gcomhairliúchán gníomhach poiblí leis an bpobal áitiúil go luath sa phróiseas (i.e. roimh, agus i dteannta, phróiseas reachtúil reatha an chomhairliúcháin phoiblí atá de dhíth mar chuid de phróiseas an iarratais phleanála).
       
       
      Beidh ar fhorbróirí 'Tuarascáil Phobail' a ullmhú mar chuid dá n-iarratas pleanála. Caithfear achoimre a dhéanamh ar na nithe seo a leanas san iarratas:
  • conas a chuaigh an forbróir i gcomhairle agus i dteagmháil leis an bpobal áitiúil maidir leis an bhforbairt mholta;
  • conas a athraíodh nó a mhodhnaíodh an moladh deiridh mar fhreagra ar chomhairliúchán an phobail; agus
  • conas a oibreoidh an forbróir leis an bpobal áitiúil chun saorshreabhadh eolais idir an pobal agus an forbróir a chumasú ag gach céim den tionscadal.
     
  • Díbhinn an phobail: Moltar sna dréacht-treoirlínte go dtógfaidh forbróirí fuinnimh gaoithe na céimeanna riachtanacha le cinntiú go mbainfidh na pobail a mbaineann na tionscadail leo leas eacnamaíochta nó sóisialta as an bhforbairt mholta. Ní mór a leagan amach sa 'Tuarascáil Phobail' freisin an chaoi a bhfuil sé i gceist ag an bhforbróir deis a thabhairt don phobal áitiúil leas a bhaint as an bhforbairt, ach infheistíocht/úinéireacht phobail a éascú sa tionscadal, nó ach cineálacha eile buntáistí/díbhinní a úsáid, nó meascán den dá cheann.

     
  • Naisc ghreille: Tá treoir nuashonraithe sna dréacht-treoirlínte ar riachtanais a bhaineann leis an Measúnacht Tionchair Timpeallachta i dtaca le tionscadail forbartha fuinnimh gaoithe agus na naisc ghaolmhara ghreille. D'eascair sé seo as athbhreithniú breithiúnach de chuid na hArd-Chúirte (Ó Grianna agus daoine eile v. An Bord Pleanála). Cinneadh san athbhreithniú breithiúnach, i gcomhthéacs riachtanais Threoir MTT, go meastar gurb ionann forbairt fuinnimh gaoithe, agus an nasc atá aici leis an ngreille leictreachais, agus tionscadal amháin ar mhaithe le MTT a dhéanamh i gceart. Tugtar achoimre sna dréacht-treoirlínte ar shocruithe nua agus nuashonraithe le cinntiú go ndéantar measúnú ar an bhforbairt fuinnimh gaoithe agus ar an nasc greille a bhaineann léi de réir Threoir MTT.
     

    Nuair a thugtar cead pleanála d'iarratasóir tabhairt faoi fhorbairt fuinnimh gaoithe, a dteastaíonn MTT uaithi ach nach gcuireann an nasc greille san áireamh mar chuid den iarratas pleanála, ní cheadófar aon obair a dhéanamh ar an ngné den tionscadal a bhaineann le fuinneamh gaoithe go bhfaighfear cead pleanála don nasc greille.

Press Release Documents