You are here:

D'fhógair an tAire Acmhainní Nádúrtha, Seán Kyne TD, inniu gur ceapadh Murray Hitzman mar Ollamh Taighde FEÉ agus ina Stiúrthóir nua ar iCRAG

Toronto, Ceanada, an 6 Márta 2018

D'fhógair an tAire Acmhainní Nádúrtha, Seán Kyne TD, inniu gur ceapadh Murray Hitzman mar Ollamh Taighde FEÉ agus ina Stiúrthóir nua ar iCRAG. Agus é ag labhairt i gCeanada, dúirt an tAire "Tá an-áthas orm gur ceapadh an tOllamh Murray Hitzman ina stiúrthóir ar iCRAG. Tá an tOllamh Hotzman ar cheann de na geolaithe eacnamaíochta is fearr ar domhan agus tá cuntas teiste eisceachtúil aige i leith thaighde agus fhionnachtain na bhfosuithe mianra. Tá taithí aige san earnáil hidreacarbóin freisin.  Rachaidh sé i gcion ar thaighde iCRAG agus cuirfidh sé sin Éire ar thús cadhnaíochta an taighde. Is forbairt iontach é seo do iCRAG agus léiríonn sé cumas na hÉireann príomh-gheo-eolaithe idirnáisiúnta a mhealladh chuici."

Críoch

Tá tuilleadh eolais faoin bhfógra seo ar fáil ag an nasc seo a leanas http://www.icrag-centre.org/news-and-media/news-ministerkyneannouncesworldleadingeconomicgeologistassfiresearch.html

Press Release Documents