You are here:

Seolann an tAire Seán Kyne Sonraí nua Tellus do Mhaigh Eo agus do Dhún na nGall agus tugann sé an t-eolas is deireanaí faoin iniúchadh ar oidhreacht gheolaíochta Chontae na Gaillimhe

Lánchosc go dtí Dé Luain 12 Márta 2018, 0.05am

Léiríodh tuilleadh rúin gheolaíocha de chuid iarthar agus iarthuaisceart na hÉireann sa chéim is deireanaí den suirbhé Tellus atá á dhéanamh ag Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann.

  • Taispeánann suirbhéanna geoifisiceacha ón aer na seanbhloic thógála a chruthaigh Éire
  • Úsáidfear sonraí nua chun cabhrú le léarscáileanna geolaíocha a tharraingt arís don réigiún
  • Beidh torthaí an tsuirbhé úsáideach chun acmhainní nádúrtha a bhainistiú
  • Tugtar breac-chuntas ar an iniúchadh ar oidhreacht gheolaíochta Chontae na Gaillimhe.

Eisíodh sonraí ó na céimeanna is deireanaí de shuirbhé geoifisiceach ón aer de chuid Tellus ag imeacht in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, Ros Muc, Contae na Gaillimhe inniu.  D'eitil Tellus, atá á bhainistiú ag Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann agus atá á mhaoiniú ag an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, os cionn Dhún na nGall agus Mhaigh Eo ar feadh cúig mhí in 2017 agus sainaerárthach a bhfuil ionstraimiú íogair air á úsáid aige.  Bailíodh na milliúin toise aonair agus tá siad á n-úsáid anois chun éagsúlachtaí míne sna carraigeacha agus sna hithreacha in iarthuaisceart na hÉireann a léarscáiliú, fiú sna háiteanna ina bhfuil na carraigeacha curtha faoi shraitheanna tiubha dríodair, uisce nó portaigh.

Agus é ag labhairt inniu ag seoladh na sonraí nua, dúirt an tAire Acmhainní Nádúrtha Seán Kyne TD:

"Tá an-áthas orm sonraí Tellus ón gcéim is deireanaí a eisiúint go hoifigiúil inniu agus cuireann sé lúcháir orm go bhfuil cumhacht shuirbhéanna Tellus fós ag fás.  Cuireann na sonraí a bailíodh eolas tábhachtach ar fáil do na hearnálacha mianraí, talmhaíochta agus comhshaoil agus cuirfidh siad le hobair laethúil Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann freisin, lena n-áirítear Iniúchtaí ar Oidhreacht Gheolaíochta na Láithreán Geolaíoch sa Chontae. Cabhraíonn na hiniúchtaí seo ar oidhreacht gheolaíochta le pleanáil éifeachtach agus le forbairt agus le cur chun cinn na turasóireachta sa réigiún, go háirithe i gceantair thuaithe, mar shampla an Gheopháirc i nDúiche Sheoigheach agus i Lochanna an Iarthair. Cuireann sonraí Tellus leibhéal nua mionsonraithe ar fáil a ligeann dúinn foirmiú geolaíoch agus acmhainní nádúrtha na hÉireann a thuiscint. Táim ag súil leis na chéad chéimeanna eile de shuirbhé Tellus de réir mar a bhogann sé ó dheas agus leis na buntáistí a bhaineann leis do na ceantair nua agus d'Éirinn agus eolas bonnlíne á chur ar fáil aige atá tábhachtach don Phlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027 agus don Chreat Náisiúnta um Pleanáil."

Thug na sonraí nua léargas nua d'eolaithe Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann maidir leis an gcaoi a bhfuil Éire déanta as bloic de sheanilchríocha i gcaitheamh na gcéadta milliún de bhlianta.  Aithnítear patrúin, a chruthaigh difríochtaí i n-airíonna maighnéadacha carraigeacha, agus a gcruthaíonn an t-aerárthach íomhánna díobh, agus is féidir iad a léarscáiliú i gceantair a chlúdaíonn sraitheanna dríodair, portaigh nó uisce iad. Ní féidir é seo a dhéanamh le modhanna traidisiúnta léarscáilithe agus is ceann de na buntáistí suntasacha a bhaineann le suirbhé Tellus é. I measc na ngnéithe ar leith tá leathnú a dhéanamh ar cheantair mhianraithe agus ar cheantair ina bhfuil éisc gheolaíocha a d'fhéadfaí a aimsiú thar theoirainneacha náisiúnta.  Cuireadh na léargais nua le sonraí ó shuirbhéanna Tellus roimhe seo agus cabhróidh siad le tuiscint a fháil ar an gcaoi a cruthaíodh Éire i gcaitheamh 1.8 billiún bliain.

 Reáchtáladh feachtas cuimsitheach for-rochtana i rith an tsuirbhé le cinntiú gur cuireadh úinéirí talún agus ainmhithe i Maigh Eo agus i nDún na nGall ar an eolas faoi ghluaiseachtaí agus faoi chuspóir an aerárthaigh. Críochnaíodh an suirbhé de réir sceidil agus tá na sonraí a bailíodh ar fáil le híoslódáil nó le breathnú orthu ón suíomh gréasáin ww.gsi.ie/tellus. Léarscáiligh an suirbhé geoifisiceach ón aer de chuid Tellus 50% den tír go dtí seo agus tá na sonraí nua agus sonraí ó chéimeanna roimhe seo ar fáil saor in aisce don phobal.

Tá pleananna ann do 2018 suirbhéanna a dhéanamh i Luimneach agus i dTiobraid Árann agus in iarthar Chorcaí go déanach san earrach / go luath sa samhradh.

Dúirt Koen Verbruggen, Stiúrthóir Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann: "Tá an-áthas orainn gur éirigh linn an chéim is deireanaí de shuirbhéireacht Tellus a chríochnú agus tá an t-eolas ardchaighdeáin geo-eolaíochta ríthábhachtach don obair a dhéanann Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann agus do pháirtithe leasmhara eile a bhaineann le cosc radóin, le soláthairtí screamhuisce, le sirtheoireacht mianraí, agus le talmhaíocht.

Cuireadh an-spéis i sirtheoireacht mianraí mar gheall ar na céimeanna roimhe seo de Tellus agus tá na sonraí á n-úsáid freisin chun cabhrú le léarscáileanna rioscaí radóin, le léarscáiliú geolaíoch agus le hithiraicmiú. 

Críoch

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le Preasoifig na Roinne Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide & Comhshaoil agpress.office@dccae.gov.ie nó 01 678 2441.

 

Nótaí d'Eagarthóirí

  • Is í Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann (SGÉ) an Ghníomhaireacht Náisiúnta Domhaneolaíochta. Tá sí freagrach as comhairle agus faisnéis gheolaíochta a chur ar fáil agus as sonraí a shealbhú chun na críche sin. Déanann SGÉ táirgí éagsúla, lena n-áirítear léarscáileanna, tuarascálacha agus bunachair sonraí, agus is lárionad eolais agus comhpháirtí tionscadail é le haghaidh gach gné de gheolaíocht na hÉireann. Is rannán den Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil é SGÉ. www.gsi.ie.
  • Ba í Tellus bandia na talún ag na Rómhánaigh, ar tugadh Terra Mater uirthi freisin.
  • Cumascfar na torthaí ón gcéim seo den tionscadal le sonraí Tellus atá ann cheana féin chun léarscáileanna gan uaim a dhéanamh. Tá na léarscáileanna sin ar fáil saor in aisce do chách ag  www.gsi.ie/tellus & www.tellus.ie.

Tá an Clár Geo-Oidhreachta de chuid Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann freagrach as cosaint agus as cur chun cinn na láithreán in Éirinn a bhfuil tábhacht gheolaíoch leo. Déanaimid Iniúchtaí ar Oidhreacht Gheolaíochta na Láithreán Geolaíoch sa chontae i gcomhar leis an gComhairle Oidhreachta. Aithnítear na láithreáin seo i bPleananna Forbartha Contae, rud a chinntíonn feasacht sa phróiseas pleanála. Tacaímid le forbairt na Geopháirceanna Domhanda de chuid UNESCO; tá trí gheopháirc againn anseo in Éirinn.

Press Release Documents