You are here:

Ainmníonn an tAire Naughten Cluichí Ceannais Pheil na mBan agus Camógaíochta mar 'imeachtaí a bhfuil tábhacht mhór' leo

 Cuireann Naughten Cluichí Ceannais Camógaíochta agus Peile le liosta na 'teilifíse saorchraolta'


Dé Céadaoin, 23 Lúnasa 2017

Tá áthas ar an Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, Denis Naughten, a fhógairt gur ainmnigh sé Cluichí Ceannais Sinsear Peile (Peil na mBan) agus Camógaíochta na hÉireann mar 'imeachtaí a bhfuil tábhacht mhór leo don tsochaí'. Cinnteoidh an t-ainmniú seo a rinne an tAire Naughten go mbeidh na himeachtaí seo ar fáil ar bhonn saorchraolta agus beo do lucht féachana teilifíse na hÉireann.

Foráiltear san Acht Craolacháin 2009 gur féidir leis an Aire, faoi ordú, imeachtaí áirithe spóirt agus cultúrtha a ainmniú mar ócáidí a bhfuil tábhacht mhór leo don tsochaí le cinntiú go mbeidh na himeachtaí seo ar fáil saor in aisce ar theilifís náisiúnta. De réir na reachtaíochta seo, déanfar athbhreithniú ar liosta na n-imeachtaí ainmnithe gach trí bliana. Ag eascairt as an athbhreithniú reatha, rinne an tAire an cinneadh Cluichí Ceannais Sinsear Peile (Peil na mBan) agus Camógaíochta na hÉireann a ainmniú mar 'imeachtaí a bhfuil tábhacht mhór leo don tsochaí,' agus ar an gcaoi sin iad a chur leis an liosta atá ann d'imeachtaí ainmnithe. Fuair an tAire Naughten faomhadh na Comh-aireachta dá chinneadh.

Dúirt an tAire Denis Naughten: "Tá an-áthas orm a fhógairt gur chuir mé Cluichí Ceannais Sinsear Camógaíochta agus Pheil na mBan leis an liosta ainmnithe saorchraolta agus tacaíocht iomlán ón gComh-aireacht agus ón gCoimisiún Eorpach agam. Cé go ndeimhníonn an t-ainmniú go gcaithfidh na himeachtaí seo bheith ar fáil saor in aisce ar an teilifís, deimhníonn sé freisin go bhfuil spéis ar leith ag daoine iontu agus go bhfuil tábhacht chultúrtha ar leith leo do mhuintir na hÉireann. Chreid mé go diongbháilte i gcónaí go gcaithfí caitheamh le peil na mban agus le camógaíocht ar an gcaoi chéanna agus a chaitear le hiománaíocht agus le peil, agus aithníonn fógra an lae inniu an comhionannas sin. Níl amhras ar bith orm ach go bhfuil na laochra spóirt i gcluichí na mban ina rólchuspaí stuama do chailíní óga atá ag fás aníos in Éirinn. Tá CLG mar chuid de DNA na tíre seo againn agus tá sé tábhachtach gur féidir le gach duine taitneamh a bhaint as cluichí ceannais na mban agus na bhfear ar an gcaoi chéanna - beo i bPáirc an Chrócaigh nó sa bhaile ar an teilifís ar bhonn saorchraolta. Is toradh iad na cluichí ceannais seo atá ar bhóthar fada, crua do na foirne. Tugann ainmniú na n-imeachtaí seo aitheantas don obair luachmhar a dhéanann na cumainn ionadaíocha do spórt na mban ar fud na hÉireann freisin. Ba mhaith liom iad a mholadh inniu as a gcuid oibre. Caithfear aitheantas a thabhairt dár gcraoltóirí seirbhíse poiblí, go háirithe do TG4 as an urraíocht agus as an gclúdach seanbhunaithe a dhéantar ar Chraobh Sinsear Pheil na mBan agus do RTÉ as an gclúdach a dhéantar ar Chraobh Sinsear na Camógaíochta."

Dúirt Catherine Neary, Uachtarán an Chumainn Camógaíochta: "Cuirim fáilte roimh fhógra an lae inniu ón Aire Naughten a aithníonn ról tábhachtach agus tábhacht chultúrtha ár gcluiche i sochaí na hÉireann. Cuirfidh an t-ainmniú seo ár gCluichí Ceannais chun cinn i ngach cearn den tír agus spreagfaidh sé lucht féachana nua le bheith páirteach inár gcluiche. Molaim do gach duine teacht agus tacú le Cluichí Ceannais na hÉireann ar an 10 Meán Fómhair nó murar féidir a bheith i láthair breathnú orthu sa bhaile chun ár n-imreoirí a fheiceáil ar lá mór ceiliúrtha na Camógaíochta."

Agus í ag labhairt ar an ainmniú 'saorchraolta,' dúirt Uachtarán Chumann Pheil na mBan, Marie Hickey: "Tá an-áthas orainn gur chuir an tAire Cluichí Ceannais na hÉireann i bPeil na mBan ar an liosta de mhórimeachtaí spóirt a bheidh á saorchraoladh. Is aitheantas é seo ar an dul chun cinn atá déanta ag ár spórt agus ar cé chomh crua agus a d'oibrigh ár n-imreoirí, ár n-oibrithe deonacha agus ár riarthóirí chun an t-aitheantas seo a bhaint amach."

Fuair Ainmniú an Aire faomhadh ón gCoimisiún Eorpach de réir na dTreoracha maidir le Seirbhísí na Meán Closamhairc agus cuirfear faoi bhráid Thithe an Oireachtais é le haghaidh rúin i ndiaidh shos an tSamhraidh.

Críoch

Cúlra

Ainmniú Mór-Imeachtaí:

Faoin Treoir maidir le Seirbhísí na Meán Closamhairc (AVMS), tá cead ag Ballstáit imeachtaí áirithe spóirt agus cultúir a ainmniú mar ócáidí a bhfuil tábhacht mhór leo don tsochaí agus a fhoráil go leanfar ag cur imeachtaí a ainmnítear mar sin ar fáil ar theilifís shaorchraolta.

Leagtar amach i gCuid 162 den Acht Craolacháin 2009 na forálacha a bhaineann le hainmniú imeachtaí in Éirinn agus ceanglaítear leo sin, i measc nithe eile, go dtugtar faoi phróiseas athbhreithnithe gach trí bliana. Seo a leanas na himeachtaí atá ainmnithe faoi láthair:

Beo:
- Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh
- Cluichí Ceannais Sinsear Idirchontae Peile agus Iománaíochta na hÉireann
- Cluichí cáilithe baile agus as baile na hÉireann i gCraobhchomórtas Sacair na hEorpa agus i gComórtais Chorn an Domhain
- Cluichí na hÉireann i gCluichí Ceannais Chraobhchomórtas Sacair na hEorpa agus i gCluichí Ceannais Chorn an Domhain
- Cluichí na hÉireann i gCluichí Ceannais Chomórtas an Choirn Dhomhanda Rugbaí
- Grand National na hÉireann agus Dearbaí na hÉireann
- Corn na Náisiún ag Seó Capall Bhaile Átha Cliath

Faoin dTreoir seo caithfidh Baillstáit reachtaíocht náisiúnta a sholáthar mar an bonn reachtúil chun imeachtaí a ainmniú. Rinneadh an Treoir a thrasuí i ndlí na hÉireann leis an Acht Craolacháin 2009.

  • Foráiltear i gCuid 162 den Acht Craolacháin, 2009 gur féidir leis an Aire, faoi ordú: Imeachtaí a bhfuil tábhacht mhór leo don tsochaí a ainmniú agus ba chóir craoltóir cáilithe a fháil chun clúdach a sholáthar ar sheirbhísí teilifíse saor in aisce ar mhaithe leis an bpobal; agus
  • A chinneadh ar chóir clúdach ar imeacht ainmnithe a bheith ar fáil ar bhonn beo, iarchurtha nó ar bhonn beo agus iarchurtha araon agus ar chóir an t-imeacht a sholáthar go hiomlán, go páirteach nó go hiomlán agus go páirteach araon. Má chinneann an tAire imeachtaí áirithe a ainmniú, caithfear aird a thabhairt ar na cúinsí ar fad agus ar na cúinsí seo a leanas go háirithe:
  • A mhéad agus atá spéis ghinearálta ar leith ag muintir na hÉireann san imeacht; agus
  • A mhéad agus atá tábhacht chultúrtha aitheanta ar leith leis an imeacht do mhuintir na hÉireann.

Caithfear féachaint ar an dá chúinse araon chun measúnú a dhéanamh cé acu an bhfuil 'tábhacht mhór don tsochaí' le himeacht áirithe faoi Acht 2009 nó nach bhfuil.

Press Release Documents