You are here:

Foilsíonn an tAire Denis Naughten an chéad Phlean reachtúil Náisiúnta Maolúcháin de chuid na hÉireann

19 Iúil 2017

Tá an chéad Phlean reachtúil Náisiúnta Maolúcháin de chuid na hÉireann foilsithe ag an Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, Denis Naughten T.D., inniu.  Agus é ullmhaithe de réir fhorálacha an Achta um Ghníomh Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015, is céad chéim chun tosaigh é an Plean i dtreo an dícharbónaithe dhomhain atá ag teastáil in Éirinn faoi lár na haoise i gcomhréir le cuspóirí beartais an Rialtais.

Tá roinnt beart maolúcháin sa Phlean Náisiúnta Maolúcháin chun dul i ngleic leis an dúshlán láithreach atá ann suas go dtí 2020 agus chun ullmhú do spriocanna an AE a bheidh ag Éirinn don bhliain 2030.  Leis an bPlean seo tosófar ar obair a fhorbairt chun cuspóirí na Staide Náisiúnta Beartais don bhliain 2050 a bhaint amach.

Clúdaíonn an Plean Náisiúnta Maolúcháin astaíochtaí gás ceaptha teasa sna hearnálacha seo a leanas: Giniúint Leictreachais, Timpeallacht Thógtha, Iompar, agus Talmhaíocht, Foraois agus Úsáid Talún.  Do gach earnáil, leagtar amach sa Phlean: comhthéacs earnála beartais, treochtaí na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa do gach earnáil, na deiseanna agus na dúshláin, na bearta maolúcháin atá i bhfeidhm agus atá á bhforbairt, agus gníomhartha sonracha chun obair a chur ar aghaidh laistigh de gach earnáil.

Agus foilsiú an phlean á fhógairt aige, dúirt an tAire Denis Naughten:

"Is toradh é an Plean seo ar na míonna d'obair leanúnach ar fud an Rialtais agus is é an chéad chéim againn é inár gcur chuige uile-Rialtais chun dul i ngleic le hastaíochtaí gás ceaptha teasa na hÉireann. Mar thír, tá ár ndícheall á dhéanamh againn teacht suas lenár n-oibleagáidí i dtaca le hathrú aeráide. Is deis í an oibleagáid seo freisin. I gcás ar bith, is riachtanas morálta agus leas ríthábhachtach náisiúnta againn í. Ní hé seo deireadh na hoibre, áfach, níl ann ach ans. Leagann an Plean réimse iomlán beart amach atá á ndéanamh cheana féin chun ár n-astaíochtaí a laghdú ach thar aon rud eile, soláthraíonn sé creat do thuilleadh oibre a chaithfidh an Rialtas trí chéile a dhéanamh sna míonna atá amach romhainn.  Maidir le hathrú aeráide, is féidir athruithe a dhéanamh.  An ról atá againn ná na huirlisí a theastaíonn chun athruithe a dhéanamh a chur i lámha na ndaoine.  Is í seo ár gcuid oibre sa bhaile, agus thar lear seasaimid go daingean maidir lenár dtiomantas do Chomhaontú Pháras. Tá éifeachtúlacht fuinnimh lárnach sa phlean seo. Is amhlaidh atá mar gurb í an chaoi is cost-éifeachtúla agus is inrochtana chun dul i ngleic le hathrú aeráide ná níos lú fuinnimh a úsáid agus é a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla."

Soláthraíonn an Plean Náisiúnta Maolúcháin creat láidir maidir le gníomhú agus le freagracht as dul chun cinn, mar seo a leanas:

  • Tá 106 gníomh shoiléire sa Phlean deireanach le cur i bhfeidhm ar fud an Rialtais chun an clár náisiúnta aistrithe a chur chun cinn;
  • cur i bhfeidhm agus maoirseacht láidir trí Ghrúpa Stiúrtha Ardleibhéil an Phlean Náisiúnta Maolúcháin, a bheidh faoi chathaoirleacht an Aire Naughten;
  • freagracht as dul chun cinn trí Ráiteas Bliantúil an Athraithe a thugtar don Oireachtas, a chuimseoidh Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn an Phlean Náisiúnta Maolúcháin;
  • tiomantas d'athrú aeráide a chomhtháthú níos mó sa phróiseas a bhaineann le meastacháin bhliantúla agus i gCód Caiteachais Phoiblí an Rialtais; agus
  • Comhairle Chomhairleach an Athraithe Aeráide le hathbhreithniú a dhéanamh ar dhul chun cinn bliantúil ar aon dul lena mandáid reachtúil.
     

Dúirt an tAire Denis Naughten: 

"Forálann an Plean do chur chuige marthanach, tomhaiste agus straitéiseach i leith dícharbónú incriminteach agus buan a bhfuil an Rialtas agus an tsochaí ar fad páirteach ann.  Beidh príomhról ceannaireachta ag Airí aonair chun gníomh a chur chun cinn bliain ar bhliain agus beidh siad freagrach don Oireachtas chun fíordhul chun cinn a léiriú ina n-earnálacha a chabhróidh le hÉirinn a cuspóir náisiúnta aistrithe a bhaint amach.  Tá cruinniú straitéiseach, atá dírithe ar ghníomhú ar son na haeráide, á reáchtáil ag an gComh-aireacht inniu, rud a léiríonn neart intinn an Rialtais.  Thiomnaigh an Taoiseach Leo Varadkar don chruinniú straitéiseach comh-aireachta seo ar Ghníomhú ar son na hAeráide ar a chéad lá in oifig.  Druideann an pholaitíocht an bhearna idir dúshlán domhanda agus freagracht náisiúnta, agus idir oibleagáid na hÉireann agus freagracht gach saoránaigh. Táim ag tnúth le bheith ag obair go dlúth leis an Taoiseach agus le mo chomhghleacaithe sa Chomh-aireacht chun athrú a threorú go héifeachtach.
 
Tá áthas ar an Aire Naughten Ballraíocht an Ghrúpa Chomhairligh ar an Idirphlé Náisiúnta um Athrú Aeráide a fhógairt mar seo a leanas:

16 chomhalta don Ghrúpa Comhairleach atá deimhnithe:

Pat Gilroy (Cathaoirleach)

Ciarán Hayes (Cumann Lucht Bainistíochta Contae agus Cathrach)

Conor Minogue (IBEC)

Adrian Kane (ICTU)

Thomas Ryan (IFA)

Frank Maughan (DCCAE)

Rory O'Donnell (An Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta)

Cara Augustenborg (Eolaí Comhshaoil agus Saineolaí Cumarsáide)

Michael Ewing (Crann Taca Comhshaoil)

Lorna Gold (Ceannasaí Beartais agus Abhcóideachta, Trócaire)

Edmund Grace (People Talk)

Seán McDonagh (Éiceolaí)

Brigid McManus (Ard-Rúnaí ar scor– An Roinn Oideachais agus Scileanna)

Ryan Meade (Comhairleoir Beartas Poiblí)

Paul Melia (Iriseoir Comhshaoil)                                                                                                                                                                                                              

Elaine Nevin (ECO-UNESCO)                                                                                                                                                                                                                     

Beidh an chéad chruinniú de chuid an Ghrúpa Chomhairligh ar siúl ar an 26 Iúil 2017. Tá sonraí an Idirphlé sna Nótaí d'Eagarthóirí thíos.
 
Is féidir tuilleadh eolais ar an bPlean Náisiúnta Maolúcháin a fháil ag an nasc seo a leanas:

http://www.dccae.gov.ie/en-ie/climate-action/topics/mitigation-reducing-ireland's-greenhouse-gas-emissions/national-mitigation-plan/Pages/default.aspx

 
CRÍOCH


Nótaí d'Eagarthóirí
 

Cuspóir an Phlean Náisiúnta Maolúcháin

Ullmhaíodh an Plean Náisiúnta Maolúcháin i gcomhréir le ceanglais an Achta um Ghníomh Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015. An cuspóir atá leis an bPlean ná na bearta polasaí atá ag teastáil chun astaíochtaí agus baint gás ceaptha teasa a bhainistiú ag leibhéal cuí le go mbainfear an sprioc náisiúnta aistrithe amach agus chun oibleagáidí reatha AE agus idirnáisiúnta atá ar an Stát i dtaca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú a chur san áireamh. Is é an Plean seo an chéad Phlean dá leithéid faoi reachtaíocht 2015. Ní treochlár iomlán é chun cuspóir náisiúnta aistrithe do 2050 a bhaint amach ach cuireann sé tús le próiseas chun roghanna mántéarmacha agus fadtéarmacha a fhorbairt le go mbeidh Éire ullamh chun na gníomhartha riachtanacha a ghlacadh sna blianta amach romhainn.  Próiseas leanúnach a bheidh anseo. Cáipéis bheo a bheidh sa Phlean Náisiúnta Maolúcháin agus beidh sé faoi réir mionchoigeartú leanúnach. Ina theannta sin, ullmhófar Pleananna Náisiúnta Maolúcháin go foirmiúil uair amháin, ar a laghad, gach cúig bliana mar a fhoráiltear i reachtaíocht 2015. 

 
Acht um Ghníomh Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin                                                                      
Leagann an tAcht um Ghníomh Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015, cuspóir náisiúnta aistrithe amach i dtaca le haistriú chuig geilleagar ísealcharbóin, athléimneach ó thaobh aeráide de agus inbhuanaithe ó thaobh timpeallachta de faoin mbliain 2050. 

Forálann Cuid 3 den Acht go gcaithfidh an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil sraith Pleananna Náisiúnta Maolúcháin agus Creataí Náisiúnta um Ghníomhaíocht Oiriúnúcháin a dhéanamh agus a chur faoi bhráid an Rialtais.

 
Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus Measúnacht Chuí
 

Tá Ráiteas um Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (SEA) agus Ráiteas Tionchair Natura á bhfoilsiú in éineacht leis an bPlean Náisiúnta Maolúcháin.  
 

Ullmhaíodh an Ráiteas SEA mar thoradh ar riachtanais na Treorach 2001/42/EC maidir le héifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an timpeallacht a mheasúnú, mar a cuireadh i bhfeidhm in Éirinn trí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnacht Timpeallachta ar Phleananna Áirithe agus ar Chláir Áirithe) (S.I. 435 de 2004 arna leasú le S.I. 200 de 2011).   
 

Ullmhaíodh an Ráiteas Tionchair Natura i gcomhlíonadh Airteagal 6 de Threoir AE 92/43/EEC den 21 Bealtaine 1992, maidir le Gnáthóga Nádúrtha agus Flóra agus Fána Fiáin a Chaomhnú (arna leasú).  


Ceisteanna Coitianta

 
Céard é cuspóir aistrithe 2050?

Tuigeann an Rialtas go maith an dúshlán atá ann maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ar aon dul lenár n-oibleagáidí idirnáisiúnta agus AE. Léirítear an méid sin freisin sa Staid Náisiúnta Bheartais um Ghníomh Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (2014) agus san Acht um Ghníomh Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015. Is príomhghnéithe iad an staid bheartais agus an creat dlíthiúil den iarracht chun an clár náisiúnta ísealcharbóin a chur chun cinn. 

Bunaíonn an Staid Náisiúnta Bheartais cuspóir náisiúnta bunúsach chun aistriú chuig geilleagar iomaíoch, ísealcharbóin, athléimneach ó thaobh aeráide de agus inbhuanaithe ó thaobh timpeallachta de faoin mbliain 2050. Leagann sí amach an comhthéacs don chuspóir; soiléiríonn sí an leibhéal d'uaillmhian mhaolúcháin GHG a shamhlaítear; agus bunaíonn sí an próiseas chun tabhairt faoin mórchuspóir agus chun é a bhaint amach. Go sonrach, tá sé i gceist leis an Staid Náisiúnta Bheartais go mbeidh  forbairt beartais á treorú ag fís fhadtéarmach atá bunaithe ar:

  • laghdú comhiomlán 80% ar a laghad (i gcomparáid le leibhéil 1990) ar dhé-ocsaíd charbóin faoin mbliain 2050 in earnáil na giniúna leictreachais, na timpeallachta tógtha agus iompair; agus
  • ina theannta sin, cur chuige i dtreo neodrachta ó thaobh carbóin de san earnáil talmhaíochta agus talamhúsáide, foraoiseacht san áireamh, nach gcuireann isteach ar acmhainn le haghaidh táirgeachta inbhuanaithe bia.

Tá an Staid Náisiúnta Bheartais um Ghníomh Aeráide agus um Fhorbairt Ísealbharbóin ar fáil ag http://www.housing.gov.ie/environment/climate-change/policy/climate-action-and-low-carbon-development-national-policy-position

 

Cén chaoi a bhfuil ag éirí le hÉirinn i dtaca lena spriocanna athraithe aeráide don bhliain 2020?

Leag Cinneadh an AE maidir le Comhroinnt Díchill (ESD) 2009 (Cinneadh 406/2009/AE) spriocanna amach do Bhallstáit ar leith i dtaca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa neamh-ETS (i.e. astaíochtaí a bhaineann le húsáid fuinnimh i bhfoirgnimh agus in iompar agus astaíochtaí ó thalmhaíocht, nach bhfuil clúdaithe faoi Scéim an AE i ndáil le Trádáil Astaíochtaí).  Aontaíodh gur chóir go mbeadh astaíochtaí neamh-ETS 20% níos ísle ná a leibhéal in 2005, i gcomparáid le meánlaghdú AE de 10%. Tá an sprioc neamh-ETS ina cheangal dlí in Éirinn.    

In Aibreán 2017, d'fhoilsigh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil réamh-mheastacháin nuashonraithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi dhá chás dhifriúla ('le bearta' agus 'le bearta breise') maidir le forfheidhmiú beartais don tréimhse 2016-2035.

Léiríonn na réamh-mheastacháin is déanaí ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil gur dócha go mbeidh astaíochtaí na hÉireann idir 4% agus 6% níos ísle ná leibhéil 2005 faoin mbliain 2020. Tá sé seo i bhfad níos lú ná sprioc na hÉireann chun leibhéil 2005 a laghdú 20%, agus is staid í atá ag dul in olcas, i gcomthéacs gníomhaíocht sa gheilleagar a mhéadú, nuair a chuirtear i gcomparáid le réamh-mheastacháin GCC roimhe seo í, a foilsíodh in 2016.  Faoi chás GCC faoin teideal 'le bearta' (gnáthchás nach gcuimsíonn aon bheart nua tar éis 2015), meastar gurb ionann an méid lena sáróidh Éire a cuid oibleagáidí agus 13.7 milliún tona de dhé-ocsaíd charbóin thar an tréimhse 2013-2020.

Tá roinnt meicníochtaí solúbthachta sa chreatlach reachtach, a rialaíonn spriocanna 2020 an AE i dtaca le laghdú astaíochtaí, chun cur ar chumas na mballstát a spriocanna bliantúla astaíochtaí a bhaint amach, forálacha chun aon liúntas breise a chur sa bhanc do na blianta amach romhainn agus liúntais a thrádáil idir ballstáit san áireamh. Táthar ag tuar go gcloífidh Éire lena spriocanna i dtaca le laghdú astaíochtaí gach bliain idir 2013 agus 2018, ach astaíochtaí ón tréimhse suas go dtí 2015 a úsáid.  Táthar ag súil go sáróidh astaíochtaí carnacha na spriocanna do 2019 agus do 2020, agus go mbeidh dá bharr sin riachtanas ann liúntais bhreise a cheannach.  Cé nach gceaptar, faoin am seo, go mbeidh riachtanas mór i gceist, beidh tuilleadh anailíse de dhíth chun na costais dhóchúla atá i gceist a mheas, i bhfianaise an mhéid dheireanaigh agus i bhfianaise chostas na liúntas atá ag teastáil.

Ullmhaítear réamh-mheastacháin na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa gach bliain agus tá siad ar fáil ag http://www.epa.ie/climate/emissionsinventoriesandprojections/

 

Cén sprioc a bheidh ag Éirinn don bhliain 2030? 

I dtograí an Choimisiúin Eorpaigh ó mhí Iúil 2016, maidir le sprioc iomlán an AE d'earnálacha neamhastaíochtaí trádála a chionroinnt i measc na mBallstát, moltar laghdú 39% ar astaíochtaí d'Éirinn i gcomparáid le leibhéil 2005, bunaithe ar OTI per capita, don tréimhse idir 2021 agus 2030. Coigeartaítear an sprioc seo síos 9 bpointe céatadáin le haghaidh costéifeachtúlachta chun príomhsprioc 30% a thabhairt.  Cé nár comhaontaíodh an sprioc seo go fóill, is léir gur dúshlán ollmhór í d'Éirinn, go háirithe i bhfianaise an toraidh dhóchúil i dtaca le spriocanna 2020 na hÉireann.  Tá tograí Chreat Aeráide agus Fuinnimh 2030 an Choimisiúin Eorpaigh ar fáil aghttps://ec.europa.eu/clima/policies/strategies/2030_en

 

Cé na bearta maolúcháin atá i bhfeidhm cheana féin chun astaíochtaí a laghdú?

Liostaíonn an Plean Náisiúnta Maolúcháin 60 beart sonrach atá i bhfeidhm sa cheithre earnáil lena mbaineann siad chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Nuair a bhíonn a leithéid ar fáil, soláthraíonn an Plean eolas ar na costais agus ar an tionchar laghdaithe astaíochtaí a ghabhann le bearta aonair.  I measc na mbeart seo:

  • Scéim um Thrádáil Astaíochtaí;
  • Cáin charbóin;
  • Scéimeanna tacaíochta um leictreachas in-athnuaite;
  • Cistiú forbartha do fhréamhshamhlacha fuinnimh in-athnuaite;
  • Tacaíochtaí airgeadais, trí SEAI, d'fheabhsúcháin tí maidir le héifeachtúlacht fuinnimh;
  • Uasghráduithe éifeachtúlachta fuinnimh do thithíocht shóisialta;
  • Caighdeáin d'fhoirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de;
  • Teastais Rátáil Fuinnimh an Fhoirgnimh;
  • Líonra Fuinnimh do Thionsccail Mhóra SEAI agus scéimeanna tacaíochta SME;
  • Straitéis um Éifeachtúlacht Fuinnimh san Earnáil Phoiblí:
  • Infheistíochtaí in Iompar Poiblí;
  • Tionscnamh Taistil níos Cliste;
  • Dreasachtaí cánach agus airgid d'fheithiclí astaíochtaí ísle;
  • Scéim Oibleagáidí um Bithbhreoslaí;
  • Clár um Fhorbairt Tuaithe, Clár na Sonraí agus na Géanómaíochta Mhairteola, Clár Aistrithe Eolais, an Scéim GLAS (an Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na Talmhaíochta) agus Scéim na Feirmeoireachta Orgánaí san áireamh; agus
  • Clár Foraoiseachta.

An bhfuil aon bheart nua sa Phlean Náisiúnta Maolúcháin?

Liostaíonn an Plean 17 moladh ar leith do bhearta nua atá á bhforbairt ag an Rialtas;

  • Scéim athbhreithnithe Tacaíochta um Leictreachas In-athnuaite;
  • Nascacht mhéadaithe leictreachais;
  • Ról Moneypoint amach anseo;
  • Dreasacht teasa in-athnuaite;
  • Méadrú cliste;
  • Mionchaighdeáin theirmeacha;
  • Uasghráduithe na gCumann Tithíochta Deonaí;
  • Tuilleadh dreasachtaí d'fheithiclí astaíochtaí ísle;
  • Tuilleadh infheistíochta in iompar poiblí;
  • Tacaíochtaí agus dreasachtaí maidir le haistriú córa iompair;
  • Forbairt beartais um chánachas;
  • Scéim oibleagáidí um bithbhreoslaí a fhorbairt;
  • Éicithiomáint;
  • Beartas náisiúnta ar pháirceáil;
  • Laghdú ar na luasteorainneacha is airde ar mhótarbhealaigh; agus
  • Fairsingiú cumhdaigh foraoise tar éis 2020.
     

Táthar ag súil go ndéanfar tuilleadh fógraí i dtaca le líon na moltaí seo níos déanaí in 2017.
 

Cé na príomhathruithe a tugadh isteach idir an dréacht-Phlean agus an leagan deireanach den Phlean Náisiúnta Maolúcháin?
  

  • Tá 106 gníomh sa Phlean deireanach le cur i bhfeidhm ar fud an Rialtais chun an clár náisiúnta aistrithe a chur chun cinn;
  • Cur i bhfeidhm láidir agus comhshocruithe láidre maoirseachta trí Ghrúpa Stiúrtha Ardleibhéil, tuairiscí bliantúla ar an dul chun cinn agus Ráiteas Náisiúnta Bliantúil an Athraithe chuig an Oireachtas;
  • Tiomantas d'athrú aeráide a chomhtháthú lenár bpróisis bhliantúla mheastachán ar bhealach níos láidre agus athbhreithniú a dhéanamh ar an gCód Caiteachais Phoiblí le cinntiú go bhfuil sé oiriúnach don fheidhm;
  • Tiomantas do phraghsáil carbóin mar phríomhphlean fadtéarmach i meascán an bheartais mhaolaithe um aeráid de chuid na hÉireann;
  • Tiomantas do dhul i ngleic le hábhair imní i dtaca le 'hathrú cóir' ach mionstaidéar a dhéanamh ar impleachtaí geilleagracha agus fostaíochta an athraithe;
  • Aitheantas ar phríomhról na nÚdarás Áitiúil agus ar an bpríomhchaidreamh idir pleanáil spásúlachta agus athrú aeráide; 
  • Tiomantas go mbeidh gach carr agus veain nua a dhíolfar in Éirinn ó 2030 saor ó astaíochtaí, ar aon dul leis an gCreat Beartas Náisiúnta:  Bonneagar Comhroghnach Breoslaí d'Iompar in Éirinn: 2017-2030;
  • Tuilleadh oibre, faoi stiúir na Roinne Talmhaíochta, chun tuilleadh eolais a thabhairt ar an gcoincheap a bhaineann le bheith 'neodrach ó thaobh carbóin de' san earnáil talmhaíochta don bhliain 2050;
  • Obair chun tuilleadh imscrúduithe a dhéanamh ar ról féideartha na mbogach chun cur le cuspóirí maolaithe na hÉireann, spriocanna an AE do na deich mbliana atá amach romhainn; agus
  • Athruithe suntasacha ar théacs an Phlean, agus forbairtí sna hearnálacha, aighneachtaí comhairliúcháin a fuarthas agus comhairle ó Chomhairle Chomhairleach an Athraithe Aeráide á gcur san áireamh.
     
     

Cad iad gníomhartha an Phlean Náisiúnta Maolúcháin agus cén chaoi a bhfuil siad difriúil ó bhearta?

Chomh maith le réimse iomlán beart a leagan amach, ar chuir an Rialtas i bhfeidhm cheana féin iad nó ar a bhfuil sé ag smaoineamh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa na hÉireann a laghdú, tá 106 gníomh sonrach sa Phlean Náisiúnta Maolúcháin a chuirfidh príomh-Ranna agus príomhghníomhaireachtaí chun cinn idir seo agus deireadh 2020.
  
Is iad na gníomhartha seo na bloic thógála a chuirfidh ar chumas an Rialtais agus na sochaí forleithne laghduithe níos doimhne a chur i bhfeidhm maidir le hastaíochtaí sna blianta atá amach romhainn. Tuairisceofar dul chun cinn le hais gach gnímh gach bliain ó 2018 ar aghaidh mar chuid de Ráiteas Náisiúnta Bliantúil an Athraithe a thabharfar san Oireachtas.  

Leagann Aguisín 1 den Phlean liosta iomlán gníomhaíochtaí amach. 

 
Cad atá le rá ag an bPlean faoi thiomantais fhadtéarmacha an Rialtais maidir le hathrú aeráide?

Tá an Rialtas tiomanta arís, mar gheall ar an bPlean, do Staid Náisiúnta Bheartais 2014 a leagann amach an cuspóir náisiúnta bunúsach chun aistriú chuig geilleagar iomaíoch, ísealcharbóin, athléimneach ó thaobh aeráide de agus inbhuanaithe ó thaobh timpeallachta de faoin mbliain 2050. Leagann sí amach an comhthéacs don chuspóir; soiléiríonn sí an leibhéal d'uaillmhian mhaolúcháin GHG a shamhlaítear; agus bunaíonn sí an próiseas chun tabhairt faoin mórchuspóir agus chun é a bhaint amach. Go sonrach, tá sé i gceist ag an Staid Náisiúnta Bheartais go mbeidh  forbairt beartais á treorú ag fís fhadtéarmach atá bunaithe ar:

- laghdú comhiomlán 80% ar a laghad (i gcomparáid le leibhéil 1990) ar dhé-ocsaíd charbóin faoin mbliain 2050 in earnáil na giniúna leictreachais, na timpeallachta tógtha agus iompair; agus                                                                                                         
- ina theannta sin, cur chuige i dtreo neodrachta ó thaobh carbóin de san earnáil talmhaíochta agus talamhúsáide, foraoiseacht san áireamh, nach gcuireann isteach ar acmhainn le haghaidh táirgeachta inbhuanaithe bia.

Ag leibhéal earnála, cuimsíonn an Plean tiomantas don earnáil iompair go mbeidh gach carr agus veain nua, a dhíolfar in Éirinn ó 2030 ar aghaidh, saor ó astaíochtaí. Tá sé seo ar aon dul le Creat nua Beartas Náisiúnta an Rialtais: Bonneagar Comhroghnach Breoslaí d'Iompar in Éirinn: 2017-2030.

Déanfar tuilleadh tiomantas a bhaineann le hearnáil ar leith i gcomhthéacs forbairtí beartais laistigh de gach earnáil, go háirithe mar go bhfuil níos mó cinnteachta againn maidir lenár spriocanna ionchais aeráide agus fuinnimh don bhliain 2030 faoi Rialachán molta an AE maidir le Comhroinnt Díchill agus faoi phacáiste an Aontais Fuinnimh. 

 
Céard faoi fhoinsí astaíochtaí nach gclúdaíonn an Plean Náisiúnta Maolúcháin iad?

Clúdaíonn an Plean Náisiúnta Maolúcháin ceithre earnáil ríthábhachtacha, ina gcuirtear formhór mór astaíochtaí gás ceaptha teasa na hÉireann san áireamh.  Ní théann an plean seo i ngleic le méid beag astaíochtaí, ón earnáil dramhaíola agus ó gháis thionsclaíocha, mar go bhfuil na hastaíochtaí seo á rialú ag rialachán cheana féin. Níl ach níos lú ná 4% den iomlán i gceist leis na hastaíochtaí seo. Leagtar an liosta iomlán d'fhoinsí astaíochtaí sa Phlean Náisiúnta Fardail, foilsithe anseo ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil:

http://www.epa.ie/climate/emissionsinventoriesandprojections/

 
Cén chaoi a maoineofar an Plean Náisiúnta Maolúcháin?

 
Níl cinntí ar leith maidir le maoiniú bearta aonair sa Phlean Náisiúnta Maolúcháin é féin. Is faoin Rialtas atá sé seo i gcomhthéacs beartaithe tosaíochta mar chuid de phleanáil caiteachais sna próisis mheastacháin agus bhuiséadacha, atá á cur san áireamh mar chuid den athbhreithniú reatha caiteachais agus den athbhreithniú lár téarma ar an bPlean Caipitil.

 
Cad é cuspóir Ráiteas Náisiúnta Bliantúil an Athraithe? 

Forálann Cuid 14 d'Acht 2015 do Ráiteas Náisiúnta Bliantúil an Athraithe (ATS) a chur faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais.  Tugadh an chéad ráiteas dá leithéid i mí na Nollag 2016. Bainfidh an oibleagáid seo, ón mbliain 2017 ar aghaidh, le gach Aire a ainmníodh faoi chuid 4(3) d'Acht 2015, an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara; an tAire Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil; agus an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt atá i gceist léi faoi láthair. 

Cuimsíonn príomhghnéithe ATS, mar a leagadh amach in Acht 2015: forléargais ar bhearta polasaí a bhaineann le maolú agus le hoiriúnú, ar ghlac earnálacha leo chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú; measúnuithe ar éifeachtacht na mbeart sin agus fardail agus réamh-mheastacháin nuashonraithe maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil. 

Tabharfar Ráiteas Náisiúnta Bliantúil an Athraithe don bhliain 2017 don Oireachtas tar éis cháinaisnéis 2018. Ón mbliain 2018 ar aghaidh, comhtháthófar Ráiteas Náisiúnta Bliantúil an Athraithe le Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn an Phlean Náisiúnta Maolúcháin, a thaifeadfaidh dul chun cinn i dtaca le gach gníomh a leagadh amach sa Phlean Náisiúnta Maolúcháin.  

 
Cén chaoi a nascann an Plean Náisiúnta Maolúcháin leis an Idirphlé Náisiúnta um Athrú Aeráide?

D'fhógair an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil go raibh Idirphlé Náisiúnta um Ghníomhú ar son na hAeráide á bhunú ag an Rialtas níos luaithe i mbliana, ar bhonn píolótach dhá bhliain. Tá sé seo ar aon dul leis an tiomantas atá leagtha amach i gClár an Rialtais.

Is é príomhchuspóir an Idirphlé Náisiúnta ná próiseas uilechuimsitheach rannpháirtíochta agus comhaontaithe a chinntiú ar fud na sochaí chun an t-athrú i dtreo todhchaí ísealcharbóin agus todhchaí atá athléimneach ó thaobh aeráide de a chumasú. Chun é seo a dhéanamh, féachfaidh an tIdirphlé le feasacht, le rannpháirtíocht agus le spreagadh a chruthú chun daoine a chur i mbun gnímh (go háitiúil, go réigiúnach agus go náisiúnta) maidir leis na dúshláin a bhaineann le hathrú aeráide. Anuas air sin, féachfaidh sé le líonraí cuí a bhunú, ar bhonn fadtréimhseach, le go mbeidh daoine in ann bualadh le chéile go tréimhsiúil le smaoineamh ar na hionchuir bunaithe ar fhianaise ar na gnéithe geilleagracha, sóisialta, iompraíochta, comhshaoil agus poiblí a bhaineann le beartas aeráide agus fuinnimh.

Tá ballraíocht Ghrúpa Comhairleach an Idirphlé Náisiúnta um Ghníomhú ar son na hAeráide á tabhairt chun críche ag an Aire faoi láthair agus fógróidh sé go luath í. Tá an grúpa á bhunú aige chun comhairle a thabhairt dó maidir le straitéis, le struchtúr agus le feidhmiú foriomlán an Idirphlé Náisiúnta. 

Tá Clár Náisiúnta na Scoileanna Glasa um Ghníomh agus um Fheasacht ar Athrú Aeráide, atá ina phríomhghné den Idirphlé Náisiúnta, ar siúl cheana féin agus cuimsíonn sé céim forbartha do Chlár Ambasadóra Athraithe Aeráide don bhliain 2017.  

Fógrófar tuilleadh beart agus tionscnamh faoin Idirphlé Náisiúnta in am trátha.

 
Cathain a fhoilseoidh an Rialtas Creat Náisiúnta um Ghníomhaíocht Oiriúnúcháin?

Faoin Acht um Ghníomh Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin 2015 caithfidh an tAire Creat Náisiúnta um Ghníomhaíocht Oiriúnúcháin a chur faoi bhráid an Rialtais le faomhadh roimh dheireadh 2017.  Tá obair ar ullmhú an chreata faoi lán seoil agus meastar go n-eiseofar dréachtchreat do chomhairliúchán poiblí sna míonna atá amach romhainn.

 
Cén ról atá ag an gComhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide in ullmhú an Phlean Náisiúnta Maolúcháin?

Is comhlacht reachtúil neamhspleách í an Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide a bunaíodh de bhun an Achta um Ghníomh Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin chun comhairle a chur ar an Aire agus ar an Rialtas maidir le hathrú aeráide. Tá feidhmeanna ar leith ag an gComhairle Chomhairleach faoin Acht chun moltaí a dhéanamh maidir le pleananna náisiúnta maolúcháin a ullmhú. 

Leag an Chéad Tuarascáil de chuid na Comhairle Comhairlí, a foilsíodh i Samhain 2016, roinnt moltaí leathana i dtaca le hullmhú an Phlean Náisiúnta Maolúcháin.  Féach http://www.climatecouncil.ie/ 

Leagtar príomh-mholtaí na Comhairle Comhairlí agus an chaoi a dtéitear i ngleic leo amach thíos:

 

Moladh na Comhairle ComhairlíTiomantas an Phlean Náisiúnta Maolúcháin
Creat trédhearcach agus soiléir do ghníomhartha ar fud an gheilleagair, anailís ar phraghas an charbóin san áireamh, le bheith mar bhonn agus mar thaca do ghníomhartha idir 2030 agus 2050. Tá tiomantas sa NMP arís do phraghsáil carbóin mar phríomhphlean fadtéarmach i mbeartas maolaithe an athraithe aeráide.  An Roinn Airgeadais chun an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta a choimisiúnú le hiniúchadh a dhéanamh ar thionchar na cánach carbóin agus an ráta cánach sa todhchaí in 2018.
Soiléire i dtoimhdí maidir le costas an charbóin agus chun treoir a thabhairt maidir le hanailís chostais is tairbhe, a chuirfidh an tréimhse ina dtagann tionchair an athraithe aeráide chun cinn san áireamh. Athbhreithniú ar threoir reatha maidir le scáthphraghas an charbóin agus le ráta lascaine na tástála le bheith in athbhreithniú 2018 ar Chód Caiteachais Phoiblí.
An Cód Caiteachais Phoiblí le cur i bhfeidhm go comhsheasmhach chun costais agus tairbhí iomlána na mbeart difriúil a mheas agus chun féachaint ar thionchair dháilte na mbeartas a moladh.Athbhreithniú ar an treoir a thugtar ar bhreithmheas an chaiteachais phoiblí le bheith in athbhreithniú 2018 ar an gCód Caiteachais Phoiblí agus measúnacht chun oiriúnacht a chinntiú le príomhchostais agus príomhbheartais na mbeart aeráide a ghabháil.
Comhartha soiléir chun na príomhearnálacha a threorú chun an sprioc náisiúnta aistrithe don bhliain 2050 a bhaint amach agus ba chóir go gcuirfeadh sé sin bonn eolais faoi spriocanna agus faoi ghníomhartha earnála, idir 2020 agus 2030.Cuireann NMP achoimre ar anailís choimisiúnaithe (UCC & ESRI) ar na himpleachtaí earnála agus maicreacnamaíocha a bhaineann le conairí na laghduithe astaíochtaí idir 2030 agus 2050.  Foilseofar tuarascáil iomlán in éineacht leis an bPlean Náisiúnta Maolúcháin.
Ról riachtanach na mbeart cánachais mar phríomhionstraimí beartais chun dul i ngleic le fadhb an athraithe aeráide taobh le bearta eile a d'fhéadfadh bheith ag teastáil chun tabhairt faoi chineálacha éagsúla clistí margaidh.

Cuimsíonn NMP ról soiléir do cháin charbóin agus do chánachas earnála, go háirithe cánachas a bhaineann le hiompar, mar bhearta maolaithe. Déanfar athbhreithniú leanúnach ar thuilleadh mionchoigeartuithe ar an dara ceann, go háirithe i gcomhthéacs an phrósis bhuiséadaigh agus mheastacháin atá le teacht. 

 

Creat oiriúnach rialachais agus struchtúir oiriúnacha feidhmithe chun freagra trasearnála agus aistriú comhtháite agus bainistithe a chumasú.Bunóidh an Rialtas Grúpa Stiúrtha NMP, foilseoidh sé tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn ar NMP agus soláthróidh sé maoirseacht leanúnach ar an Oireachtais trí Ráiteas Náisiúnta Bliantúil an Athraithe.

 

Press Release Documents