You are here:

Cuireann an tAire Canney Fáilte roimh Thaighde Ceannródaíoch ar Ghnáthóga agus Speicis amach ó Chósta na hÉireann

Inniu, Dé hAoine an 23 Samhain 2018, huir an tAire Stáit d'Fhorbairt Pobail, Acmhainní Nádúrtha agus Forbairt Dhigiteach, an tUasal Sean Canney T.D. Fáilte roimh thorthaí chlár ObSERVE, ar tionscnamh státmhaoinithe é, le cur leis an eolas agus an tuiscint atá againn ar speicis faoi chosaint agus ar ghnáthóga íogaire amach ó chósta na hÉireann trí bhailiú sonraí ar ardchaighdeán. 

Tá Clár ObSERVE á chur ar fáil ag an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide, agus Comhshaoil, i gcomhpháirtíocht le Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Rinne an Rialtas €2.7m a infheistiú sa chlár go dtí seo.

Inniu, tá foireann ObSERVE ag fógairt thorthaí dhá thionscadal ghaolmhara, tionscadal Aerógach ObSERVE agus tionscadal Fuaimiúil ObSERVE, faoi stiúir Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe - Maigh Eo faoi seach, ar cuireadh tús leis an dá cheann in earrach na bliana 2015 agus a raibh trí bliana de bhailiú sonraí agus d'anailís ann.  Rinne na tionscadail suirbhéireacht ar réimsí móra d'Imeallbhord an Atlantaigh, den Mhuir Cheilteach agus de Mhuir Éireann.

Príomhthorthaí

Míolta Móra:

  • Rinneadh taifead, anailís agus léarscáiliú ar fhiche speiceas céiticigh (i.e., míolta móra, deilfeanna taifead amhairc thar an staidéar allamuigh a mhair dhá bhliain. 
  • Fuarthas raidhse charnach 380 caisealóid ag baint úsáide as modhanna aimsithe agus rianaithe fuaime.
  • Thángthas ar speicis cosúil leis an Míol Mór Bán ar speiceas Artach den chuid is mó é
  • Ba iad na droimeitigh bheaga ba mhó a chonacthas agus speicis fhlúirseacha den mhíol mór bailíneach, le thart ar 12,000 acu ann a chonacthas sa samhradh agus 5,000 sa gheimhreadh agus fuarthas radhairc shuntasacha dhroimeitigh bheaga óga leis
  • Bhí droimeitigh ann in uiscí na hÉireann sa samhradh agus sa gheimhreadh araon, agus léiríonn an anailís gur áit thábhachtach den speiceas seo is ea an fána ilchríochach agus uiscí doimhne thart air, b'fhéidir ó thaobh cúrsaí beatha de agus/nó imirce. 
  • Rinneadh go leor taifeadtaí fuaime le míolta móra socacha, a bhfeictear go hannamh iad, agus ar speiceas tumadóireachta doimhne iad amach ón gcósta agus ar bocht an cur amach atá ag lucht eolaíochta orthu.
  • Rinneadh taifead ar ar a laghad trí speiceas de mhíolta móra socacha le linn shuirbhéireacht ObSERVE, go príomha in uiscí doimhne aigéin taobh leis an imeall ilchríochach agus Imchuacha Porcupine agus Rocal.   Ba leor na taifid a bailíodh le linn an tionscadail aerógaigh chun na chéad mheastacháin a taifeadadh don réimse staidéir seo a sholáthar, ba é sin de 2,500 acu sa samhradh agus 4,000 sa gheimhreadh. 
  • D'fhéadfaí míolta móra gorma a aimsiú agus iad oiread agus 115-200km ar shiúl faoi uisce agus rinneadh nóta agus cur síos ar phátrúin shéasúracha ó thaobh a bhfuaimeanna de.
     
     Deilfeanna:
  • Bhí éagsúlacht mhór ann maidir le dáileadh, raidhse agus gluaiseachtaí speiceas deilfeanna.
  • Bhí i bhfad níos mó deilfeanna bolgshrónacha ann sa gheimhreadh ná mar a bhí sa samhradh, agus an dlús acu a bhí ann sa dara geimhreadh (2016-17) ar an mbliain ab fhlúirsí dá dtaifeadadh riamh.

    Tríd is tríd, léiríonn Clár ObSERVE an tábhacht atá le hImeallbhord an Atlantaigh de chuid na hÉireann do go leor speiceas míolta móra agus deilfeanna.
     

    Éanlaith Mhara:
  • Cuireann suirbhéanna ón aer béim ar thábhacht an Imeallbhord an Atlantaigh d'éanlaith mhara agus nach mór leathmhilliún éan mara lonnaithe laistigh den réimse staidéir i rith an tsamhraidh agus an gheimhridh araon, agus an dlús ba mhó éan ann i gceantair chósta. Taifeadadh 10,000 radharc ar éin mhara, a chuimsíonn 24 speiceas.
  • Taispeántar go bhfuil mór-thábhacht ag baint le Muir Éireann d'éanlaith mhara. Rinneadh 6,687 km de shuirbhéanna aeir ar mhionscála sa réimse seo in 2016 [1] . Meas siad go bhfuil 100,000 éan i láthair sa samhradh, 90,000 sa gheimhreadh, le hainmhithe imirceacha ag méadú na meastachán seo go 300,000 san fhómhar.
  • Aimsíodh Éanlaith Thrópaiceach Earrbhán le linn thionscadal Aerógach ObSERVE, speiceas a fheictear sna Trópaicí de ghnáth.  

Agus é ag cur fáilte roimh na torthaí, dúirt an tAire Stáit d'Fhorbairt Pobail, Acmhainn Nádúrtha agus Forbairt Dhigiteach, Sean Canney T.D.:

"Léiríonn clár ObSERVE, cé chomh tábhachtach is atá sé, go leanfadh an rialtas ag infheistiú i dtaighde maidir lenár dtimpeallacht mhara. Chuir an fhaisnéis a bhailigh Clár ObSERVE go mór leis an eolas atá againn ar an gcomhshaol amach ó chósta na hÉireann, agus beidh sí ina cuidiú maidir leis an treo ba chóir dúinn a ghlacadh ó thaobh rialúcháin agus forbartha inbhuanaithe de amach anseo fad agus muid ag déanamh dul chun cinn ó thaobh chaomhnú na speiceas faoi chosaint."

Dúirt an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan T.D.:

Tá Clár ObSERVE tábhachtach chun cur leis an eolas atá againn ar an gcomhshaol amach ó chósta na hÉireann agus ar an gcaoi a ndéanaimis é a chosaint, agus beidh sé an-luachmhar d'údaráis chaomhnaithe atá freagrach as cosaint bithéagsúlachta mara.

Dúirt an Dr Simon Berrow, GMIT agus an Dr Joanne O'Brien, GMIT (Tionscadal Fuaimiúil ObSERVE):

"Chuir tionscadal ceannródaíoch ObSERVE léargas uathúil ar fáil maidir le dáileadh agus raidhse na gcéiticeachsna huiscí amach ó chósta na hÉireann. Trí réimse teicníochtaí fuaime agus aerógacha a chur le chéile, ní hamháin gur chuir sé tacar nua sonraí atá an-luachmhar ar fáil maidir le speicis fhlúirseacha, mhealltacha a chaitheann nach mór a saol ar fad go han-domhain faoi uisce. 

Trí chomhoibriú le saineolaithe idirnáisiúnta, ní hamháin gur chruthaigh tionscadal ObSERVE cumas taighde in Éirinn ach tá Éire anois mar cheannaire domhanda i mbainistiú cuí comhshaoil ár n-acmhainní amach ón gcósta.

Soláthraíonn torthaí thionscadal ObSERVE sonraí láidre chun eolas a chur ní hamháin ar bhainisteoirí ár n-acmhainní amach ón gcósta ach freisin ar ár n-gníomhaireachtaí caomhnaithe mara maidir leis na dualgais atá acu.  Cinnteoidh sé seo go mbainfear úsáid as ObSERVE do réimse leathan ceisteanna agus go  spreagfar tuilleadh úsáide de na sonráí seo."  

Dúirt an Dr Mark Jessopp de chuid Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, (Tionscadal Aerógach ObSERVE):

"Bhí clár aerógach ObSERVE uaillmhianach go maith agus dúshlánach ó thaobh na lóistíochta de, ach chuir sé eolas ríthábhachtach ar fáil maidir le dáileadh céiticeach sa samhradh agus sa gheimhreadh thar dhá bhliain i ndiaidh a chéile.   Ina theannta sin, chuir sé faisnéis riachtanach ar fáil maidir le héanlaith mhara le linn thréimhse phórúcháin an tsamhraidh agus na tréimhse beathaithe geimhridh.  Seo an chéad uair a d'éirigh linn meastacháin láidre den raidhse céiticeach a bhíonn ann sa gheimhreadh agus den éanlaith mhara a bhíonn ann ar muir, atá riachtanach chun eolas a chur ar lucht bainistíochta agus caomhnaithe."

Cuireann Clár ObSERVE faisnéis ríthábhachtach ar fáil maidir le minicíocht, dáileadh agus dlús speiceas íogair laistigh de phríomhréimsí amach ón gcósta.  Soláthróidh an fhaisnéis seo  agus faisnéis eile a ghinfear amach anseo faoin gclár bunsonraí láidre comhshaoil agus muinín don réim rialála atá ann chun measúnú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí amach ón gcósta lena n-áirítear taiscéalaíocht ola & gáis agus cáblaí agus gaoth amach ón gcósta, agus do na húdaráis chaomhnaithe atá ann leis, atá freagraithe as cosaint bithéagsúlachta mara. 

Tá tuairiscí agus tacair sonraí Chlár ObSERVE á gcur ar fáil do na páirtithe uile ar spéis leo iad trí shuíomh na Roinne Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide, agus Comhshaoil[2]  agus, chomh maith leis sin, tríd an Ionad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta [3]a chuireann ardán ar fáil ar líne chun bithéagsúlacht na hÉireann a léarscáiliú.  

Nóta d'Eagarthóirí

Cuibhreannas idirnáisiúnta a thug faoi Thionscadal Fuaimiúil ObSERVE ar stiúir Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo é le páirtnéirí ó Fhoras na Mara, JASCO Applied Sciences, SMRU Consulting agus an Grúpa Éireannach maidir le Míolta Móra agus Deilfeanna.

Dearadh Tionscadal Fuaimiúil ObSERVE chun faisnéis eolaíoch a chur ar fáil maidir le céiticigh, bunaithe go sonrach ar na fuaimeanna a dhéanann siad faoi uisce. Úsáideadh gléasanna éisteachta statacha le húsáid faoi uisce a dearadh go speisialta chun glacadh leis an mbrú as cuimse a bhíonn ann chomh domhain sin san aigéan, agus córais tarraingthe hidreafóin a baineadh as Celtic Voyager na hÉireann agus árthaí eile.   Le chéile, tháinig na modhanna seo i dtír ar an réimse fuaimeanna a rinne níos mó ná dosaen speiceas míolta móra, deilfeanna agus muca mara faoi uisce. Ar an iomlán, rinne taifeadóirí statacha taifead ar 375,000 fead tonach de chuid céiticeach i gcaitheamh 1,657 lá la nach mór 3.8 milliún clic chun iad a aimsiú ó mhacalla[4] . Rinneadh trí shuirbhé ghluaiseacha thar fhad iomlán suirbhé de 7,000 km [5], agus  taifeadadh suas le 24 milliún clic iarrthóra agus bhí 1,322 teagmháil le céiticigh ann. Tháinig léargais nua as seo maidir le minicíocht, dáileadh, raidhse agus nósanna imirce speiceas tábhachtach a fheictear go hannamh ar dhromchla na mara.

Cuibhreannas idirnáisiúnta a bhí i dTionscadal Aerógach ObSERVE ar stiúir Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, é le páirtnéirí idirnáisiúnta ó IMARES, Alnilam agus Aerosotravia.  

D'úsáid Tionscadal Aerógach ObSERVE foireann breathnóirí oilte a d'eitil thar an bhfarraige in eitleán a bhí feisithe go seisialta agus a chlúdaigh formhór Chrios Eisiach Geilleagrach na hÉireann Thaistil siad feadh na línte suirbhé, chun taifead a dhéanamh ar mhinicíocht, dáileadh agus an líon míolta móra, deilfeanna, muca mara agus éin mhara, siorcanna agus turtair mhara a bhí ann[6]. Clúdaíodh fad iomlán suirbhé de 37,097 km agus chuir sé seo faisnéis ríthábhachtach ar fáil sheol sé seo faisnéis ríthábhachtach ar fáil maidir le minicíocht, dáileadh agus dlús speiceas íogaire laistigh de phríomhréimsí amach ón gcósta.

Press Release Documents