You are here:

Scéim dréachta maidir leis an dlí nua aeráide foilsithe ag an Aire Bruton

Beidh buiséid charboin riachtanach de réir an dlí

Spriocanna dícharbónaithe le haghaidh gach earnála

Cosc ar dhíol carranna a ritheann ar bhreoslaí iontaise faoi 2030

 

D'fhoilsigh an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, Richard Bruton T.D., inniu (an Luan, an 6 Eanáir) an Scéim Ghinearálta Dréachta de chuid an Bhille um Ghníomhú ar son na hAeráide (Leasú) 2019 agus dhearbhaigh sé gur reachtaíocht tosaíochta í don Rialtas sa téarma nua Dála.

Is é an Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide, a foilsíodh níos luaithe i mbliana, plean an Rialtais chun a chinntiú go ndéanfaimid laghdú radacach ar ár n-astaíochtaí i ngach earnáil lena chinntiú go gcomhlíonfaimid ár gcoimitmintí aeráide amach anseo. Ach an méid sin a dhéanamh, is féidir linn a bheith neodrach ar charbón faoin mbliain 2050.

Dúirt an tAire Bruton:

"Tá rialachas agus cuntasacht ag croílár an Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide. Tá reachtaíocht á cur i bhfeidhm againn chun a chinntiú go mbainfear amach an t-athrú radacach a theastaíonn."

Tá sé mar aidhm leis an mBille bonn dlíthiúil a chur faoin gcur chuige atá leagtha amach sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide, na nithe seo a leanas san áireamh:

·         Sprioc maidir le laghdú astaíochtaí faoi 2050 a bhunú sa dlí

·         Riachtanas dlíthiúil a dhéanamh de ghlacadh buiséid charbóin

·         Ról na Comhairle um Ghníomhú ar son an hAeráide a neartú ó thaobh buiséid agus polasaithe oiriúnacha aeráide a mholadh

·         Ceangal a chur ar an Rialtas réimse sprice maidir le dícharbónú a bhunú le haghaidh gach earnála. I gcás gach earnála, beidh an tAire atá freagrach cuntasach as déanamh na ngníomhartha cuí chun an sprioc earnála a bhaint amach agus as tuairisc bhliantúil a chur ar fáil maidir le seachadadh na ngníomhartha agus baint amach na spriocanna earnála i dtaca le hastaíochtaí

·         Ról lárnach a thabhairt don Oireachtas maidir leis an mbuiséad carbóin a shocrú agus maoirsiú ar dhul chun cinn ó thaobh seachadta de

·         Cosc a chur ar dhíol carranna a ritheann ar bhreoslaí iontaise faoi 2030

·         A shocrú go ndéanfar uasdátú ar an bPlean um Ghníomhú ar son na hAeráide uair sa bhliain, agus go mbeidh gníomhartha i ngach earnáil i gceist. 

Dúirt an tAire Bruton:

"Ní mór dúinn gníomhú anois agus Éire a fhágáil níos fearr, níos sláintiúla agus níos inbhuanaithe ag na glúine a thiocfaidh inár ndiaidh. Tá an chuntasacht ríthábhachtach chun dul chun cinn a dhéanamh. Níl mórán ama fágtha againn chun gníomhú. Caithfimid creat láidir a bhunú chun a chinntiú go mbeidh gach polasaí agus gach cinneadh ag cur leis an mbunathrú a theastaíonn. Tá céim thar a bheith tábhachtach á tabhairt againn inniu chun na socruithe riachtanacha a dhéanamh chun an cuspóir seo a bhaint amach."

 

Nótaí d'eagarthóirí

Tá an tAire ag leanúint le coigeartú ar chuid de na bearta agus cuir chuige atá leagtha amach sa Bhille agus oibreoidh sé i gcomhar leis an gCoiste Uile-Pháirtí Oireachtais, a raibh ról an-luachmhar aige go dtí seo i bhforbairt an chur chuige atá leagtha amach sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide.

An Chomhairle um Ghníomhú ar son na hAeráide

Gealltar i bPlean 2019 um Ghníomhú ar son na hAeráide an Chomhairle um Ghníomhú ar son na hAeráide a bhunú (an Chomhairle), a thiocfaidh in áit na Comhairle Comhairlí um an tAthrú Aeráide. Tá cur síos sa Phlean freisin ar na cumhachtaí breise a bheidh ag an gComhairle chomharbachta, sa bhreis ar na cumhachtaí atá ann cheana féin atá leagtha amach in ailt 11, 12 agus 13 d'Acht 2015.

Forálann Ceannteideal 6 le haghaidh an athrú ainm agus tugtar isteach le Ceannteideal 7 leasuithe d'fhonn éifeacht a thabhairt do na nithe seo a leanas:

·         an cúigiú gnáthchomhalta de bhrí oifige den Chomhairle um Ghníomhú ar son na hAeráide a thabhairt isteach – Stiúrthóir Sheirbhís Náisiúnta Mheitéareolaíochta na hÉireann, Met Éireann

·         an ceangal go mbeidh cothromaíocht inscne ar an gComhairle chomh fada agus is féidir

·         gur dhá théarma ar an méad a bheidh ag gach comhalta den Chomhairle, an Cathaoirleach san áireamh

·         go mbainfidh an Chomhairle leas as a bheith in ann saineolas a choinneáil thar am ach téarmaí oifige agaithe a bheith ag comhaltaí

·         bunóidh an Chomhairle um Ghníomhú ar son na hAeráide coiste comhairleach maidir le hoiriúnú don aeráid. 

Forálann Ceannteideal 8 do thabhairt feidhmeanna nua don Chomhairle um Ghníomhú ar son na hAeráide chun moltaí a thabhairt don Aire i dtaca le forbairt agus glacadh sraith de bhuiséid charbóin oiriúnacha ar fud an gheilleagair (clúdóidh gach buiséad tréimhse cúig bliana) de réir na riachtanas sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide.

Forálann Ceannteidil 9 agus 10 d'uasdátú agus sruthlíniú freagrachtaí athbhreithnithe feidhmíochta na Comhairle maidir lena feidhm nua i dtaca le buiséid charbóin, agus uasdátaítear leis na Ceannteidil seo na riachtanais maidir le hathbhreithniú tréimhsiúil.

Buiséid charbóin

Deirtear i bPlean 2019 um Ghníomhú ar son na hAeráide go dtabharfar isteach leis an mBille glacadh buiséid charbóin mar riachtanas dlíthiúil. Deirtear sa Scéim Ghinearálta Dréachta go nglacfaidh an Rialtas córas de bhuiséid charbóin agus go mbeidh grúpa de thrí bhuiséad cúig bliana ann a ríomhfar bunaithe ar an ngeilleagar uile, ag tosú leis na tréimhsí 2021-2025, 2026-2030 agus 2031-2035.

Baineann Ceannteideal 12 le buiséid charbóin a shocrú agus forálann sé do chur comhairle ag an gComhairle um Ghníomhú ar son na hAeráide ar an Aire maidir leis an trí bhuiséad carbóin cúig bliana cuí agus, bunaithe ar an gcomhairle sin, ullmhóidh an tAire trí bhuiséad carbóin cúig bliana le go bhfaomhfaidh an Rialtas iad. San áireamh sna buiséid sin beidh an buiséad carbóin molta ceadaithe i ngach tréimhse cúig bliana lena mbaineann buiséad carbóin, agus réimse dícharbónaithe le haghaidh gach earnála cuí don tréimhse cúig bliana de réir uasmhéid na mbuiséad carbón molta.

Forálann an Ceannteideal freisin don Aire rún a mholadh san Oireachtas a luaithe is a ghlacfar buiséad carbón chun é a mheas. Más amhlaidh a dhiúltófar buiséad carbóin molta an Rialtais, cuirfidh an tAire buiséad ailtéarnach (a bheidh faofa ag an Rialtas) i láthair taobh istigh de thréimhse ama shonraithe agus beidh aon mholtaí a bheidh déanta ag an Oireachtas san áireamh ann.

Sprioc fhadtréimhseach

Tá obair idir lámha chun Straitéis Fhadtréimhseach Aeráide an rialtais suas go 2050 a thabhairt i gcrích. Druideadh comhairliúchán poiblí maidir leis an Straitéis ar an 31 Nollaig agus tá athbhreithniú á dhéanamh anois ar na haighneachtaí a fuarthas. Beidh ár sprioc aeráide faoin mbliain 2050 leagtha amach sa straitéis fhadtréimhseach agus beidh an fhoráil dlí atá le dréachtú, chun a chur sa Bhille um Ghníomhú ar son na hAeráide (Leasú) 2019, bunaithe uirthi. Tá an Rialtas i ndiaidh a thacaíocht a thabhairt ag leibhéal an AE do ghlacadh na sprice a bheith neodrach ó thaobh carbóin de agus tacóidh sé go leanúnach leis an leibhéal seo uaillmhéine as seo amach.

Cosc a chur ar dhíol carranna a ritheann ar bhreoslaí iontaise faoi 2030

Tá Ceannteideal dréachta á fhorbairt i gcomhairliúchán leis na Ranna Rialtais cuí chun dul i ngleic leis an gcoimitmint sa Phlean Náisiúnta Forbartha agus sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide reachtaíocht a thabhairt isteach chun cosc a chur ar chlárú carranna nua a ritheann ar bhreoslaí iontaise ó 2030 ar aghaidh agus deireadh a chur le Tástálacha Náisiúnta Carranna a ritheann ar bhreoslaí iontaise ó 2045 ar aghaidh (tá Ceannteideal 16 ann faoi láthair in áit an Cheannteidil seo). Dá bhrí sin, ó 2030 ar aghaidh, ní féidir aon charr nua a ritheann ar bhreoslaí iontaise a chlárú. Forbrófar é seo tuilleadh i gcomhairliúchán leis na Ranna cuí agus cuirfear faoi bhráid an Rialtais é chun gur féidir leis é a fhaomhadh go luath sa Bhliain Úr. 


Tá an Bille ar fáil ag an nasc seo https://www.dccae.gov.ie/en-ie/climate-action/legislation/Pages/General-Scheme-Climate-Action-Amendment-Bill.aspx

Press Release Documents