You are here:

Tionscnaíonn an tAire Bruton Athbhreithniú Mór ar Sholáthar Fuinnimh na hÉireann

​D'fhógair an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, Richard Bruton T.D., go bhfuair sé faomhadh ón Rialtas tús a chur le hathbhreithniú mór ar shlándáil agus inbhuanaitheacht sholáthar fuinnimh na hÉireann agus muid ag bogadh go 70% d'fhoinsí in-athnuaite.

 

Dúirt an tAire Bruton,

 

"De réir mar a chuirfimid deireadh le gual agus le móin agus mar a bhogfaimid de réir a chéile i dtreo 70% dár leictreachas a ghiniúint ó fhoinsí in-athnuaite, ní mór dúinn a chinntiú go bhfuilimid ullamh nuair nach bhfuil an ghaoth ag séideadh ná an ghrian ag taitneamh. Breathnóimid ar an meascán is fearr a chothóidh slándáil fuinnimh, agus cinnteoimid go bhfuil ár ngealltanais aeráide á gcomhlíonadh againn."

 

Sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide, a foilsíodh níos luaithe i mbliana, leagtar amach breis is 180 gníomh ar fud gach earnála a chinnteoidh go gcomhlíonfaimid ár ngealltanais aeráide 2030. Tá tiomantais chun deireadh a chur le móin agus gual agus gluaiseacht i dtreo 70% leictreachais in-athnuaite de réir a chéile mar chuid lárnach den Phlean. Ina theannta sin, tar éis comhairle a fháil ón gComhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide, tá an cinneadh déanta ag an rialtas deireadh a chur le taiscéaladh ola amach ó uiscí cósta na hÉireann.

 

Sa chomhthéacs sin, faoi 2030, beidh soláthar leictreachais na hÉireann ag brath go príomha ar fhuinneamh in-athnuaite athraitheach (gaoithe agus gréine). Is dócha go nginfear an fuílleach ó ghás nádúrtha - an breosla iontaise is lú astaíochtaí, idirnascairí agus stóráil ceallraí.

 

Tá an tAire Bruton ag cur tús le hathbhreithniú mór ar inbhuanaitheacht agus ar shlándáil fuinnimh na hÉireann a dhéanfaidh:

 

·         Machnamh ar na gníomhartha is fearr is gá a dhéanamh, chun 70% de leictreachas in-athnuaite a bhaint amach, chun a chinntiú go bhfuil córas leictreachais na hÉireann tacaithe ar bhealach slán, sábháilte agus inbhuanaithe.

·         Measúnú ar ról an gháis le linn an aistrithe, mar an breosla iontaise is ísle a astaíonn CO2 agus machnamh ar conas agus cén áit a bhfaightear é.

·         Athbhreithniú ar an ról is féidir le teicneolaíochtaí eile a imirt san aistriú, lena n-áirítear stóráil ceallraí, stóráil pumpáilte, ról an idirnasctha (gás agus leictreachas araon) agus na féidearthachtaí maidir le Gabháil agus Stóráil hidrigine agus Carbóin (CCS).

Smaoineamh ar an gcuma atá ar an treochlár do leictreachas in-athnuaite sa tréimhse ó 2030 go neodracht charbóin a bhaint amach in 2050.

Scríobh an tAire Bruton chuig Cathaoirleach EirGrid, BSL, Bord na Móna, Ervia agus CRU chun a n-ionchur a lorg san athbhreithniú.

Dúirt an tAire Bruton,
 
"Tá sé fíorthábhachtach ár soláthar fuinnimh a dhícharbónú. Beidh tionchar suntasach aige ar ár n-astuithe, go háirithe agus ár gcórais cabhlaigh gluaisteán agus iompair phoiblí á leictriú. Cinnteoidh an t-athbhreithniú seo go bhfuilimid ullamh chun an t-athrú radacach atá de dhíth a dhéanamh."


Nótaí don Eagarthóir
 
Gás
 
Meastar faoi láthair gur idirbhreosla é an gás. Tá sé seo fíor go háirithe in Éirinn, áit nach bhfuil cumhacht núicléach, hidreachumhacht ar an scála mór céanna ná cumhacht gheo-theirmeach againn, ar féidir le tíortha eile a úsáid chun cúltaca a sholáthar nuair nach mbíonn an ghaoth ag séideadh ná an ghrian ag taitneamh. Dá bhrí sin, dealraíonn sé go soláthróidh gás, mar an breosla iontaise is ísle a astaíonn, an cúltaca leictreachais is fearr in 2030 nuair a shroichimid 70% leictreachais in-athnuaite. Mar sin féin, beidh an t-aon réimse táirgthe gáis in Éirinn (an Choirib) laghdaithe thart ar 2030, agus is dócha go dtiocfaidh 100% dár soláthairtí gáis tríd an nasc píblíne gáis le hAlbain ina dhiaidh sin.


Press Release Documents