You are here:

Leathnaíonn an tAire Bruton an cosc ar ghual toiteach

Cosc ar ghual toiteach le cur i bhfeidhm i 13 bhaile eile

Cuimseofar gach baile ina bhfuil daonra os cionn 10,000 leis an gcosc

D'fhéadfadh sé go mbeadh an cosc ar ghual toiteach neamhdhleathach gan cosc a chur ar mhóin agus ar adhmad úr.

17 Nollaig 2019 

D'fhógair Richard Bruton T.D., an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, inniu, go leathnófar an cosc ar ghual toiteach chun na bailte go léir ina bhfuil daonra níos mó ná 10,000 duine a chuimsiú. Dúirt an tAire freisin nach mbeadh an rialtas ag dul ar aghaidh le cosc náisiúnta ar ghual toiteach, toisc go bhféadfadh go mbeadh an cosc neamhdhleathach mura gcuirfí cosc ar an móin agus ar adhmad úr freisin.   

 

Dúirt an tAire Bruton an méid seo a leanas:

"Tá mé ag leathnú an choisc ar ghual toiteach go 13 bhaile eile bunaithe ar fhianaise go bhfuil an t-aer ar chaighdeán íseal agus go ndéanann sin dochar don tsláinte."

 

Ó mhí Mheán Fómhair 2020, beidh cosc ar ghual toiteach a dhó i dtrí bhaile déag eile, rud a chiallaíonn go mbeidh cosc ar ghual toiteach i ngach baile sa tír ina bhfuil daonraí os cionn 10,000 duine:

 

ContaeBaile
Contae an ChabháinBaile an Chabháin
CorcaighCóbh, Mainistir na Corann agus Mala
CiarraíCill Airne
An LongfortBaile an Longfoirt
Maigh Eo

Caisleán an Bharraigh

Béal an Átha

An Mhí

Cill Dhéagláin

An Inse – Baile an Bhiataigh

Uíbh FhailíAn Tulach Mhór
Port LáirgeAn Trá Mhór
Loch GarmanInis Córthaidh

 

Léiríonn monatóireacht a rinneadh le déanaí ar chaighdeán an aeir i dtrí cinn de na bailte sin (An Cóbh, Inis Córthaidh agus an Longfort) go bhfuil caighdeán an aeir ag teacht le riachtanais AE ach gur sháraigh sé teorainneacha na hEagraíochta Domhanda Sláinte do chaighdeán an aeir. Ar an mbonn sin, cinneadh gur chóir go mbeadh cosc i ngach ceantar sa tír ina bhfuil go leor foirgneamh.

 

D'fhógair uachtarán nua Choimisiún AE go dtabharfar chun cinn na moltaí a rinneadh i dtaobh chaighdeán cháilíochta an aeir a athbhreithniú agus a ailíniú chun go mbeidh siad níos cóngaraí le moltaí na hEagraíochta Domhanda Sláinte.

 

Lean an tAire ar aghaidh:

"Mar thoradh ar go leor de na gníomhartha atá á ndéanamh againn faoin bPlean um Ghníomhú ar son na hAeráide, amhail an plean nua náisiúnta le haghaidh tithe a uasghrádú, laghdófar an méid a bhíonn daoine ag brath ar bhreoslaí soladacha. Cinnteoimid go ndéanfar 500,000 teach a uasghrádú sna deich mbliana atá amach romhainn, agus suiteáilfear oiread agus 600,000 córas téimh in-athnuaite/caidéal teasa."

 

Cosc ar ghual toiteach ar fud na tíre

 

Dheimhnigh an tAire freisin go bhféadfadh sé go mbeadh cosc ar ghual toiteach ar bhonn náisiúnta neamhdhleathach mura gcuirfí cosc ar an móin agus ar adhmad úr freisin.

 

Dúirt an tAire an méid seo a leanas:

"Nílim ag dul ar aghaidh le cosc náisiúnta ar ghual toiteach, toisc go bhféadfadh sé go mbeadh an cosc neamhdhleathach mura dtabharfaí aghaidh ar an móin agus ar adhmad úr freisin. Leanfaimid ar aghaidh ar bhealach céimniúil comhréireach agus leathnóimid an cosc atá ann faoi láthair ar ghual toiteach go 13 bhaile eile mar a bhfuil fadhbanna le caighdeán an aeir agus chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna sláinte sna bailte sin. Tiocfaidh an cosc i bhfeidhm i mí Meán Fómhair seo chugainn agus beidh feabhsuithe ar chaighdeán an aeir láithreach mar thoradh ar an gcosc.

 

"Dá leanfaí ar aghaidh le cosc náisiúnta beag beann ar chúinsí, bheadh daoine atá ina gcónaí i gceantair thuaithe, a bhraitheann go traidisiúnta ar adhmad agus ar mhóin, thíos leis. Nílim sásta sin a dhéanamh. Bheadh sé mí-ionraic dá ligfinn orm féin nach dócha go mbeadh an toradh sin ar chosc náisiúnta. "

 

"Tá an chéad Straitéis riamh um Aer Glan á hullmhú agam, agus tiocfaidh mé ar ais chuig an rialtas sa Bhliain Nua le moltaí breise chun caighdeán an aeir a fheabhsú."

 

An Cosc atá ann cheana a fhorfheidhmiú

D'fhógair an tAire freisin go bhfuil obair ar siúl chun forfheidhmiú a dhéantar ar an gcosc atá ann cheana ar ghual toiteach a neartú. Áirítear na roghanna seo a leanas leo siúd a bhfuiltear ag féachaint orthu:

  • Cur chuige réigiúnach a fhorbairt maidir le caighdeán aeir agus torann a fhorfheidhmiú, de réir cur chuige do réimsí eile forfheidhmithe comhshaoil amhail dramhaíl, a bhfuil ag éirí go han-mhaith leis;
  • Bheadh tionchar níos mó ag cur chuige ilghníomhaireachta i leith an fhorfheidhmithe ar shaincheisteanna lena n-áirítear breosla ina bhfuil go leor sulfair a iompórtáiltear isteach ón RA lena dhíol anseo agus tá an Roinn ag obair go gníomhach leis na hÚdaráis Áitiúla agus leis na Coimisinéirí Ioncaim sa chomhthéacs sin faoi láthair.

     

    Feabhas a chur ar an monatóireacht ar chaighdeán an aeir

     
    Infheisteoidh an rialtas €5m chun feabhas a chur ar an líonra de stáisiúin monatóireachta aeir sna cúig bliana amach romhainn. Tá sé ríthábhachtach chun fianaise eolaíoch iontaofa a bhailiú ar chaighdeán an aeir i gceantair éagsúla sa tír. Déanfar na nithe seo a leanas leis an infheistíocht €5m:
  • Forbrófar líonra náisiúnta monatóireachta atá níos mó
  • Cuirfear feabhas ar an soláthar faisnéise fíor-ama agus ar an eolas a chuirtear ar fáil d'údaráis áitiúla agus don phobal ar chaighdeán an aeir
  • Cabhrófar le hÚdaráis Áitiúla maidir le forfheidhmiú ina gceantair féin, agus cuirfear léargas níos cruinne ar fáil don lucht déanta beartas ar chaighdeán an aeir go náisiúnta.

     
    Rinneadh dul chun cinn mór sa mhonatóireacht ar chaighdeán an aeir le blianta beaga anuas. Déanann an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil monatóireacht ar chaighdeán an aeir in Éirinn le líonra de 31 stáisiún monatóireachta agus méadófar an líonra faoi dhó go luath nuair a mhéadóidh an rialtas an maoiniú faoi dhó. Ina theannta sin, ciallaíonn an dul chun cinn a dhéantar sa samhaltú agus sa taighde go bhfuil tuiscint i bhfad níos fearr againn ar ábhar cáithníneach ná mar a bhí againn nuair a tugadh isteach an cosc den chéad uair i 1990.

     

    Nótaí don eagarthóir

    Limistéir a chuimsítear leis an gcosc atá ann cheana ar ghual toiteach:
BaileBliain ar tugadh an cosc isteach:
Baile Átha Cliath1990
Corcaigh1995
An tInbhear Mór, Droichead Átha, Dún Dealgan, Luimneach, Loch Garman1998
Cill Droichid, Gaillimh, Léim an Bhradáin, An Nás, Port Láirge2000
Bré, Cill Chainnigh, Sligeach, Trá Lí2003
Baile Átha Luain, Ceatharlach, Cluain Meala, Inis2011
Na Clocha Liatha, Leitir Ceanainn, An Muileann gCearr, An Uaimh, An Droichead Nua, Port Laoise, Cill Mhantáin (agus Ráth Naoi)2013
Maigh Nuad2015

 

Is é an Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide plean an rialtais chun Éire níos sláintiúla, níos glaine agus níos seasmhaí a chinntiú do na glúine atá le teacht. Tá roinnt gníomhartha ann lena bhfeabhsófar caighdeán an aeir.

 

Gníomhartha sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide chun caighdeán an aeir a fheabhsú

 

  • Cuirfear 180,000 feithicil leictreach ar na bóithre faoi 2025 agus beagnach 1m feithicil faoi 2030 (35-40% de na feithiclí go léir – faoi láthair úsáidtear breoslaí iontaise i níos mó ná 99% dár bhflít feithiclí.)
  • Cinnteofar an líonra luchtaithe d'fheithiclí leictreacha chun muinín a chothú sa phobal
  • Faoi láthair úsáidtear gual agus móin i 40% de thithe chun an teach a théamh (úsáidtear an gual agus an mhóin mar aon le córais eile téimh a úsáideann breosla iontaise eile). Faoi 2030, déanfaimid uasghrádú ar an tríú cuid de na tithe go léir le go mbeidh siad ar chaighdeán fuinnimh B2 ar a laghad, agus suiteáilfear thart ar 600,000 caidéal teasa.
  • Cruthófar creat soláthair phoiblí d'fheithiclí leictreacha go luath
  • Cuirfear dlús le céimeanna chun an flít iompair poiblí a dhícharbónú
  • Bunófar Oifig Tionscadail Rothaíochta, forbrófar straitéis rothaíochta 5 bliana agus cuirfear 200km de lánaí rothar ar fáil le BusConnects
  • Forbrófar Straitéis nua Páirceála agus Taistil chun brú tráchta agus amanna turais a laghdú
  • Forbrófar creat rialála maidir le criosanna astaíochtaí ísle agus beartais praghsála páirceála, agus tabharfar an chumhacht d'údaráis áitiúla srian a chur ar an rochtain ar chodanna áirithe de chathair nó ar bhaile agus nach ligfear ach feithiclí astaíochtaí nialasacha amháin isteach
  • Rithfear reachtaíocht ionas nach ndíolfar aon fheithiclí nua a úsáideann breosla iontaise ó 2030 ar aghaidh.

     

    Cumhachtaí na nÚdarás Áitiúil chun an cosc a fhorfheidhmiú

     
    Is iad na hÚdaráis Áitiúla atá freagrach go príomha as an gcosc ar ghual toiteach a fhorfheidhmiú laistigh dá limistéir feidhme. Tá cumhachtaí fairsinge ag na hÚdaráis Áitiúla. Mar shampla:
  1. i. féadfaidh foireann an údaráis áitiúil cigireachtaí a dhéanamh ar áitribh agus ar fheithiclí a úsáidtear chun breosla soladach a dhíol agus a dháileadh mar aon le samplaí a bhailiú;
  2. ii. féadfaidh údarás áitiúil ionchúiseamh a dhéanamh faoin Acht um Thruailliú Aeir má sharaítear na Rialacháin

             iii féadfaidh Údarás Áitiúil Fógra Íocaíochta Seasta (nó 'fíneáil ar an láthair') a eisiúint i leith cionta líomhnaithe a bhaineann breoslaí coiscthe a mhargú, a dhíol nó a dháileadh i Limistéar Íseal Toite, agus an raon pionóis ag dul ó  €250 go €1000.
            Tá sé ar intinn ag an Aire scríobh chuig na hÚdaráis Áitiúla chun na cumhachtaí atá acu faoin reachtaíocht a mheabhrú dóibh.

 
An tionchar a bhíonn ag úsáid breoslaí soladacha ar an tsláinte
 
Áirítear leis na bpríomhéifeachtaí sláinte a bhíonn ag truailliú aeir orainn stróc, galar croí, ailse scamhóg, agus galair riospráide ainsealacha agus géara, asma san áireamh. Bíonn breoiteacht agus drochshláinte mar thoradh ar na riochtaí sin chomh maith le bás roimh am. Tá baint ag ábhar mín cáithníneach, an truailleán is dainséaraí a scaoiltear nuair a dhóitear breosla sholadach in Éirinn, le galar riospráide agus le galar cardashoithíoch, agus téann se i bhfeidhm ar lárchóras na néaróg agus atáirgthe. 

Léiríodh sa tuarascáil Air Quality in Europe 2019 ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil go bhfuair 1,180 duine bás roimh am in Éirinn in 2016 mar gheall ar an truailliú aeir. Is féidir an chuid is mó díobh seo, 1,100 bás, a lua le hábhar mín cáithníneach (PM2.5) a bhaineann go príomha le breoslaí soladacha a dhó in Éirinn. Léiríonn an tuarascáil chéanna gur cailleadh 12,000 bliain de Shaol na Beatha, rud a léiríonn básmhaireacht i bhfad níos luaithe i gcás na mbásanna sin.
 
  Mar a luadh thuas, léiríonn taighde go raibh 350 bás níos lú ann in aghaidh na bliana mar thoradh ar an gcosc a tugadh isteach i mBaile Átha Cliath, mar gur laghdaíodh básmhaireacht chardashoithíoch, cheirbreashoithíoch agus riospráide sa phobal i gcoitinne.


Bochtaineacht bhreosla

Tá an rialtas tiomanta do bhearta a dhéanamh chun tithe níos teo a chur ar fáil agus chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht bhreosla:
 
 

  • Ó 2016 i leith, mhéadaíomar maoiniú le haghaidh uasghrádú baile faoi thrí beagnach. In 2020, úsáidfear leithdháileadh €146m (méadú €29m ar 2019) chun 24,000 teach agus foirgneamh gnó a uasghrádú. As seo, cuirfear €52.8 milliún san iomlán ar fáil leis an Scéim um Thithe níos Teo chun uasghrádú a dhéanamh ar thithe daoine atá ina gcónaí i mbochtaineacht bhreosla nó atá i mbaol na bochtaineachta breosla.  Is é seo an leithdháileadh is mó riamh a tugadh don Scéim um Thithe Níos Teo – níos mó ná dhá oiread an leithdháilte tosaigh in 2019. Is ioncam imfhálaithe é €13 milliún den mhaoiniú seo atá ag teacht as an méadú ar an bPraghas Carbóin.  
  • Tá samhail nua iarfheistithe á forbairt a thabharfaidh uasghráduithe chun críche do ghrúpaí móra tithe ag an am céanna sa cheantar céanna chun an costas a laghdú. Táimid ag obair freisin chun meicníochtaí a fhorbairt chun aisíocaíocht a éascú agus roghanna airgeadais chliste a fhorbairt. Cuirfear tús leis an obair seo in 2020 le scéim phíolótach ar fiú €20m é i lár na tíre. Beidh na nithe seo a leanas i gceist leis an tsamhail nua iarfheistithe:
    • Grúpálfar tithe sa cheantar céanna le chéile chun an costas a laghdú
    • Tosófar le tithe sóisialta atá faoi úinéireacht na n-údarás áitiúil, ach cuimseofar tithe faoi úinéireacht phríobháideach sa cheantar freisin
    • Tabharfar isteach samhlacha chun aisíocaíocht a éascú (e.g. leis an mbille fóntais)
    • Forbrófar airgeadas cliste (e.g. samhlacha ráthaíochta iasachta, airgeadas ón mBanc Infheistíochta)
  • Méadófar an Liúntas Breosla faoi €2 sa tseachtain ón 1 Eanáir 2020;

     

    Costas Breoslaí Éagsúla

     
    Ní mór do dhaoine a dtithe a théamh agus is minic a chuirtear imní in iúl faoin tionchar a bheadh ag an gcosc ar ghual toiteach a leathnú ar theaghlaigh ar ioncam íseal nach féidir leo a gcórais téimh a uasghrádú. D'fhoilsigh Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann tuarascáil ina gcuirtear breoslaí tí i gcomparáid ó thaobh costais de (Iúil 2019) agus léiríodh an costas seo a leanas in aghaidh an aonaid fuinnimh le haghaidh raon breoslaí soladacha (mar a dhíoltar i mburlaí iad i gcás brícíní móna agus málaí i gcás guail agus ubhchruthóidigh (ar cumasc breoslaí iad):

     
    Breosla Cent/kWh
  • Brícíní Móna 6.72
  • Gual den scoth (mála) 5.95
  • Gnáthghual (mála) 5.91
  • Ubhchruthóidigh Ísealthoite (mála) 5.89

    Léiríonn na figiúirí seo, cé go bhféadfadh sé go mbeadh Ubhchruthóidigh ísealthoite níos costasaí ar bhonn mála, go dtáirgeann siad níos mó teasa faoin gcéad ná breoslaí eile agus mar sin go bhfuil luach níos fearr iontu ó thaobh teas a scaoiltear isteach sa teach.

Press Release Documents