You are here:

Fáilte curtha ag an Aire Alex White roimh laghduithe ar phraghsanna leictreachais ó Electric Ireland

Baile Átha Cliath, an 7 Deireadh Fómhair 2015

Chuir an tAire Fuinnimh, Alex White T.D., fáilte inniu (Dé Céadaoin) roimh fhógra Electric Ireland go bhfuil sé chun an ráta a ghearrann sé ar aonad leictreachais a laghdú ón 16 Samhain 2015, rud a fhágfaidh go mbeidh glanlaghdú 2% ar an meán ar bhillí leictreachais na cuideachta.


Dúirt an tAire White: "Cuirfidh teaghlaigh agus gnóthaí fáilte roimh an mbeart seo ó Electric Ireland i leith praghsanna, beart atá á dhéanamh roimh an ngeimhreadh, tráth a mbeidh éileamh níos mó ar fhuinneamh. Is é seo an dara beart den sórt seo ó mhórsholáthraí fuinnimh le seachtainí beaga anuas, rud a thugann le fios go bhfuil na dálaí ceart do chuideachtaí eile chun iad a leanúint. Is dea-scéal é sin agus mholfainn do gach tomhaltóir dul i dteagmháil leis na soláthraithe éagsúla lena chinntiú go bhfaighidh siad an praghas is fearr. Fiú mura mbíonn tomhaltóirí ag iarraidh an soláthraí a athrú, is féidir leo glaoch a chur ar a soláthraí agus cinnte a dhéanamh de go bhfuil an pacáiste is fearr acu."



Níos luaithe i mbliana chríochnaigh an tAire White sraith cruinnithe leis na soláthraithe fuinnimh, cruinnithe ina ndearnadh plé ar an luas ar a raibh laghduithe ar phraghsanna fuinnimh mórdhíola á léiriú i mbillí teaghlaigh. Laghdaigh formhór na soláthraithe a bpraghsanna níos luaithe i mbliana. ​


CRÍOCH

Press Release Documents