You are here:

Athbhreithniú ar an nGné “Gabh agus Scaoil” den Bheartas Bainistithe Iascaigh

Bac air go dtí an 29 Nollaig 2016

 

Tá cnuasach rialachán agus fodhlíthe ceadaithe ag an Uas. Seán Kyne T.D., an tAire Stáit ag an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, lena rialófar iascach na mbradán fiáin agus na mbreac geal in 2017. Tiocfaidh siad seo i bhfeidhm ón Domhnach, an 1 Eanáir 2017.

Dúirt an tAire Kyne "Ar an iomlán, beidh 73 abhainn oscailte don slatiascaireacht in 2017 agus tabharfaidh sé seo deis do chách leas a bhaint as an acmhainn nádúrtha thábhachtach seo ar bhonn inbhuanaithe.  Beidh 46 de na haibhneacha seo oscailte go hiomlán agus 27 ceann eile oscailte ar bhonn "gabh agus scaoil".

 

Tá ordú tugtha ag an Aire freisin d'Iascach Intíre Éireann (IFI) athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar an ngné 'Gabh agus Scaoil' den bheartas bainistithe iascaigh roimh shéasúr 2018.

 

Arsa sé, "Tá an t-iascach á bhainistiú in Éirinn i gcomhréir le comhairle eolaíoch ó 2006 i leith agus leanfar de sin.  Teastaíonn uaim áfach, tar éis 10 mbliana de, go ndéanfaí an ghné 'gabh agus scaoil' den bheartas a scrúdú agus féachaint an mbeadh aon bhuntáiste ann do bhainistiú ár n-iascaigh dá ndéanfaí athruithe." 

Fuair an tAire Kyne comhairle bainistíochta maidir le breis is 140 stoc géiniteach aonair den bhradán fiáin in Éirinn, sular leag sé síos an reachtaíocht don bhliain 2017. Cuireadh an chomhairle seo ar fáil freisin mar chuid de phróiseas comhairliúcháin phoiblí.  Bhí an chomhairle sin bunaithe ar mheasúnú eolaíoch ar stádas reatha na stoc uile a rinne an Buanchoiste Eolaíochta um Bradán neamhspleách. Ar an gcoiste seo tá eolaithe ó Iascach Intíre Éireann, Bord Iascaigh Mhara (BIM), Foras na Mara, Gníomhaireacht na Lochanna, an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, an Institiúid Agraibhia agus Eolaíochtaí Bitheacha (AFBI – Tuaisceart Éireann) agus comhlachtaí Stáit agus institiúidí tríú leibhéal eile.

Rinneadh breis is 90 aighneacht a mheas mar chuid den phróiseas comhairliúcháin phoiblí.  Bunaithe ar an méid seo tá bearta caomhnaithe tugtha isteach ag an Aire le haghaidh bhainistiú iascach na mbradán fiáin agus na mbreac geal in 2017.

 

Is í comhairle na bainistíochta, bunaithe ar mheasúnú an Bhuanchoiste Eolaíochta um Bradáin neamhspleách ar aibhneacha/inbhir/cuanta:-

 

  • ba cheart 46 abhainn a bheith oscailte toisc gur aithníodh barrachas iasc sna haibhneacha áirithe seo;
  • ba cheart 27 abhainn a rangú mar oscailte do shlatiascaireacht "gabh agus scaoil";
  • ba cheart 73 abhainn a dhúnadh toisc nach bhfuil aon bharrachas iasc ar fáil iontu lena ghabháil.


CRÍOCH


 

Nóta d'eagarthóirí:

Achoimre ar na príomhathruithe ar bhainistiú iascach na mbradán fiáin in 2017

4 Abhainn a bhí oscailte in 2016, is aibhneacha 'gabh & scaoil' a bheidh iontu in 2017.

Abhainn na Scríbe (Ceantar Iascaigh Chonamara), an Abhainn Bhuí (Ceantar Iascaigh Bhaile na Cille), Abhainn Ghleann na Muaidhe (Ceantar Iascaigh Bheannchair Iorrais), agus Abhainn Ghlinne (Ceantar Iascaigh Bhéal Átha Seanaidh).

 

1 abhainn amháin a bhí oscailte in 2016, dúnfar í in 2017; Abhainn na Cora (Ceantar Iascaigh Chorcaí).

 

6 abhainn a bhí oscailte don 'gabh agus scaoil' in 2016, dúnfar iad in 2017; an tSláine (Ceantar Iascaigh Loch Garman), Abhainn Choilligeáin (Ceantar Iascaigh Phort Láirge), an Srath Mór (Ceantar Iascaigh Bheannchair Iorrais), Abhainn Chluanach Mór (Ceantar Iascaigh Bhéal an Átha), an Abhainn Bhuí (Ceantar Iascaigh Bhéal Átha Seanaidh), An Iascaigh (Ceantar Iascaigh Bhéal Átha Seanaidh), agus Abhainn Thulacha Beigile (Ceantar Iascaigh Leitir Ceanainn).

 

1 Abhainn amháin, ar abhainn 'Gabh agus scaoil' í in 2016, beidh sí oscailte in 2017; an Chróinseach (Abhainn agus Loch an Ghleanna Mhóir) (Ceantar Iascaigh Chiarraí).

 

I.R. Uimh. 636 de 2016: Na Rialacháin um Scéim Chlibeála na mBradán Fiáin agus na mBreac Geal (Leasú) 2016

 

Déantar foráil leis an Ionstraim Reachtúil seo do na cuótaí iasc ar féidir le hinnill iascaigh tráchtála a ghabháil agus ar féidir a ghabháil le slat agus líne ó na haibhneacha sin atá ainmnithe i Sceideal 2 den rialachán agus foráiltear léi freisin d'úsáid clibeanna donna in aibhneacha sonracha atá ainmnithe i Sceideal 4 den rialachán.

An Fodhlí um Chaomhnú Bradán agus Breac Geal (Aibhneacha Dúnta), Uimh. C.S. 321, 2016

Toirmisctear leis an bhFodhlí seo bradán agus breac geal (níos mó ná 40 cm) a ghabháil le slat agus líne nó iarracht a dhéanamh amhlaidh sna haibhneacha a shonraítear san Fhodhlí. Cúlghairtear an Fodhlí um Chaomhnú Bradán agus Breac Geal (Aibhneacha Dúnta), Uimh. C.S. 320, 2015.

 

An Fodhlí um Chaomhnú Bradán agus Breac Geal (Gabháil Cheadaithe), Uimh. 944, 2016

Leis an bhFodhlí seo déantar foráil do ghabháil cheadaithe bhliantúil 10 n-iasc an iascaire, ar bradán nó breac geal iad, agus foráiltear freisin do ghabháil cheadaithe 3 iasc sa tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 11 Bealtaine, agus gabháil cheadaithe  3 iasc ón 12 Bealtaine go dtí an 31 Lúnasa agus gabháil cheadaithe laethúil 1 iasc amháin ón 1 Meán Fómhair go dtí deireadh an tséasúir. Déantar foráil leis an bhFodhlí seo freisin d'úsáid duán gan frídín agus toirmisctear úsáid péisteanna mar bhaoite a luaithe is atá beirthe ar an líon sonraithe iasc sna tréimhsí sonraithe.  Cúlghairtear an Fodhlí um Chaomhnú Bradán agus Breac Geal (Gabháil Cheadaithe), Uimh. 934, 2015.

 

An Fodhlí um Chaomhnú Bradán agus Breac Geal (Gabháil agus Scaoileadh), Uimh. 945, 2016

Leis an bhFodhlí seo déantar foráil do ghabháil agus scaoileadh i ndáil leis an mbradán agus an breac geal (níos mó ná 40 cm) in aibhneacha atá ag comhlíonadh ar a laghad 65 % dá nGabháil Cheadaithe mar a luaitear san Fhodhlí é. Déantar foráil leis an bhFodhlí seo freisin d'úsáid duán singil gan frídín agus toirmisctear úsáid péisteanna mar bhaoite do shlatiascach bradán agus breac geal atá níos mó ná 40 cm.  Cúlghairtear an Fo-dhlí um Chaomhnú Bradán agus Breac Geal (Gabháil agus Scaoileadh), Uimh. 935, 2015.

 

An Fodhlí Slatiascaireachta, Uimh. 943, 2016

Leis an bhFodhlí seo toirmisctear úsáid duáin éisc ar bith, seachas duán singil gan frídín, toirmisctear freisin úsáid péisteanna mar bhaoite don slatiascach ar speiceas ar bith iasc in uiscí a shonraítear san Fhodhlí, agus cúlghairtear an Fodhlí Slatiascaireachta, Uimh. 936, 2015.

 

An Fodhlí um Chaomhnú Breac Geal (Uimh. 946, 2016)

Déantar foráil leis an bhFodhlí seo do ghabháil cheadaithe 3 bhreac geal (níos lú ná 40 cm ar fhad) agus déantar foráil freisin d'úsáid duán gan frídín agus toirmisctear úsáid péisteanna mar bhaoite a luaithe is atá beirthe ar an líon sonraithe breac geal.  Cúlghairtear an Fodhlí um Chaomhnú Breac Geal (Uimh. 937, 2015).
 

Press Release Documents