You are here:

Tugann na torthaí is déanaí ó Shuirbhé Tellus léargas ar na carraigeacha atá fúinn in Éirinn

  • Cabhróidh torthaí an tsuirbhé leis an tionscal taiscéalaíochta mianraí

Baile Átha Cliath, 19 Feabhra 2016

 

Tugadh mionléiriú nua ar stair gheolaíoch réigiún Bhaile Átha Cliath, na Mí, Chill Dara, Chill Mhantáin, Uíbh Fhailí agus Laoise nuair a foilsíodh torthaí na céime deireanaí de Chlár Tellus de chuid Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann.

 

D'eitil aerárthach Shuirbhé Tellus go híseal os cionn Oirthear na hÉireann ó Mheitheamh go Deireadh Fómhair anuraidh agus thóg beagnach 30 milliún tomhas geoifisiceach thar limistéar 5,810 ciliméadar cearnach. D'eitil sé breis is 32,000 km – figiúr is ionann agus taisteal ó Éirinn go dtí an Astráil agus ais arís - agus bailíodh sonraí a úsáidfear sa chéad tionscadal comhleanúnach mapála geothimpeallachta trasteorann na hÉireann a tosaíodh in 2007.

 

Léiríonn na léarscáileanna maighnéadacha geoifisiceacha an teorainn idir an dá mhór-roinn ársa a bhuail in aghaidh a chéile 400 milliún bliain ó shin, chun Éire mar is eol dúinn inniu í, a chruthú. Léirítear ann éasclínte casta an imbhuailte sin i gceantar dingchruthach i gCo. na  Mí idir an Uaimh agus Droichead Átha, agus tá na mionsonraí le feiceáil go soiléir. Is léir freisin go bhfuil an mianach since is mó san Eoraip, atá á shaothrú ag Boliden Tara Mines Ltd, suite ag acomhal na n-éasclínte ársa sin. Táthar ag súil nuair a dhéanfaidh geolaithe tuilleadh staidéir ar na sonraí go gcuirfidh sé barr feabhais ar thaiscéalaíocht táirmhiotail agus acmhainní nádúrtha eile ar fud na hÉireann.

 

Ba é a dúirt an tAire Acmhainní Nádúrtha, Joe McHugh T.D. "Tugann tionscail taiscéalaíochta mianraí agus mianadóireacht breisluach mór, forleathan do gheilleagar na hÉireann. Straitéis lárnach de chuid na Roinne Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha is ea tacú leis an tionscal tábhachtach seo trí eolas ardchaighdeáin geo-eolaíochta a chur ar fáil agus tá áthas orm a fheiceáil ó na sonraí is déanaí ó Tellus go bhfuiltear ag baint amach an chuspóra sin."

 

 

Mhínigh Ray Scanlon, an Príomhgheolaí ag Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann, go bhfuil mionsonraí sna léarscáileanna faoi thréithe maighnéadacha agus radaighníomhaíochta nádúrtha na gcarraigeacha agus na hithreach sa cheantar agus go bhféadfaidh siad sin tacaíocht a thabhairt do mhapáil radóin, do thalmhaíocht cliste agus chun cinntí comhshaoil níos fearr a dhéanamh:

"Tá 33% d'Éirinn mapáilte ón aer anois ag Suirbhé Tellus agus tá siad ag nochtadh míreanna suimiúla i gcónaí faoi thírdhreach gheolaíoch na hÉireann nach raibh ar eolas cheana féin. Tá an tuiscint geolaíochta riachtanach ar chúiseanna eacnamaíocha, comhshaoil agus sláinte, agus cuirfidh réimse leathan páirtithe leasmhara fáilte roimh na sonraí ar mhaithe le cúrsaí talmhaíochta, radón a chosc, screamhuisce a chosaint agus taiscéalaíocht mianraí."

 

D'eitil aerárthaí an tsuirbhé ar airde 60 méadar os cionn na limistéar tuaithe agus 240 méadar os cionn na limistéar uirbeach, agus leis an teicneolaíocht a bhí acu bhí siad in ann gnéithe geolaíochta a bhraith nár léir ó theicnící mapála traidisiúnta, agus bhí siad in ann 'breathnú' trí sil-leaganacha oighreacha na hÉireann atá domhain go maith in áiteanna agus tríd an gclúdach fairsing móna.

 

Thug Tellus le fios dúinn go bhfuil sé d'aidhm acu suirbhé a bheith déanta ar 50% den tír faoi dheireadh na bliana 2017 agus go bhfuil pleananna acu an tsuirbhéireacht náisiúnta a chríochnú sna blianta atá le teacht.  Beidh foireann aeriompartha an tsuirbhé gníomhach i bPort Láirge, i nGaillimh agus i gcodanna de na contaetha in aice láimhe i mbliana, agus fógrófar na pleananna eitilte sna míonna amach romhainn.  Cuimsíonn Suirbhé Tellus suirbhé geoiceimiceach freisin agus bailíonn foireann eolaithe talmhaíochta samplaí ithreach gach 4 km2. Tá sonraí maidir le suirbhé geoicemiceach na  bliana seo le fógairt go luath. 

 

Tá sonraí geoifisiceacha an tsuirbhé aeriompartha nua ar Oirthear na hÉireann mar aon le sonraí na gcéimeanna níos luaithe den Suirbhé le feiceáil agwww.tellus.ie agus is féidir iad a íoslódáil saor in aisce. Déanfar na sonraí nua a cuireadh ar fáil inniu a thaispeáint ag comhdháil mhór geolaíochta, an 59ú Cruinniú um Thaighde Geolaíochta na hÉireann, in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh an 19-21 Feabhra 2016.

 

CRÍOCH

 

Nótaí d'Eagarthóirí

  • Is í Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann (SGÉ) an Ghníomhaireacht Náisiúnta Domhaneolaíochta. Tá siad freagrach as comhairle agus faisnéis gheolaíochta a chur ar fáil, agus as sonraí a fháil chuige sin. Táirgeann an SGÉ réimse táirgí lena n-áirítear léarscáileanna, tuarascálacha agus bunachair shonraí agus feidhmíonn sé mar ionad eolais agus mar chomhpháirtí tionscadail ó thaobh gach gné de gheolaíocht na hÉireann. Rannán de chuid na Roinne Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha is ea an SGÉ. www.gsi.ie.
  • Déanfar torthaí na céime nua den tionscadal a chumasc le sonraí Tellus atá ann cheana féin chun léarscáileanna comhleanúnacha a dhéanamh a bheidh ar fáil saor in aisce ar líne ag cách.
  • Ba í 'Tellus' bandia Rómhánach an domhain. Thugtaí Terra Mater uirthi freisin.

 

Seolfar íomhánna chuig deasca grianghraf agus tá siad ar fáil ach iad a iarraidh.

 

Teagmháil:

An Phreasoifig
An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha
29-31 Bóthar Adelaide, Baile Átha Cliath, Éire, D02 X285
www.dcenr.ie | @dcenr
T:+353 1 678 2441 | FP: 087 6937 580 | R:Press.Office@dcenr.gov.ie

​ 

 

Press Release Documents