You are here:

Tagann eolaithe státmhaoinithe ar ‘óglann neamhghnách siorcanna’ in uisce domhain amach ó chósta thiar na hÉireann

Úsáideadh feithicil chianrialaithe agus mionléarscálacha de ghrinneall na mara chun teacht ar an ngnáthóg leochaileach, fo-mhara

 

Gaillimh, 8 Samhain 2018 

Tháinig foireann eolaithe mara ar óglann neamhghnách siorcanna, 200 míle amach ó chósta thiar na hÉireann agus iad ag déanamh imscrúdú ar chríoch domhainaigéin na hÉireann.  Ba ag Seimineár INFOMAR (Léarscáiliú Comhtháite d'Fhorbairt Inbhuanaithe Acmhainn Mhara na hÉireann) faoi Léarscáiliú Ghrinneall na Farraige i gCionn tSáile a fógraíodh inniu é. Le linn an tseimineáir, léiríodh buaicphointí físeáin den eachtra neamhghnách seo, a tharla le linn an tsuirbhé "SeaRover" a rinne feithicil chianrialaithe (ROV) Fhoras na Mara, Holland 1, le déanaí agus í imlonnaithe ar bord an ILV Granuaile. Tionscnamh de chuid Rialtas na hÉireann is ea Clár INFOMAR, atá maoinithe ag an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide, agus Comhshaoil agus atá á sholáthar faoi Thionscadal 2040, Plean Forbartha Náisiúnta na hÉireann.

Agus é ag labhairt ag an ócáid, dúirt David O'Sullivan de chuid INFOMAR agus Príomh-Eolaí ar shuirbhé SeaRover (Anailís Íogair Éiceachóras agus Taiscéaladh ar Ghnáthóg Sceire le Feithicil Chianrialaithe): 'Tá áthas an domhain orainn a thuairisciú gur thángthas ar óglann neamhghnách siorcanna ar scála nach ndearnadh taifead air riamh roimhe seo in uiscí na hÉireann. Léiríonn an fhionnachtain seo an tábhacht atá le taifead a dhéanamh ar ghnáthóga íogaire mara, agus tabharfaidh sí tuiscint níos fear dúinn ar bhitheolaíocht na n-ainmnithe áille seo agus ar an bhfeidhm atá lena n-éiceachóras i Limistéar Íogair Bitheolaíoch na hÉireann.'

Le linn shuirvé SeaRover, ar tugadh faoi i mí Iúil seo caite, thángthas ar an óglann siorcanna agus córais sceir coiréil dhomhainuisce na hÉireann á dtaiscéaladh. Comhoibriú a bhí sa tionscnamh taiscéalta agus cómhaoiniú aige ó Rialtas na hÉireann (an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara & an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta) agus ó Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh an Aontais Eorpaigh le tacaíocht ó Foras na Mara, ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS), ó Shuirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann agus ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Ag labhairt dó ag Seimineár INFOMAR, dúirt Koen Verbruggen, Stiúrthóir Shuirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann "Tá áthas orainn gur foilsíodh an t-aimsiú seo ag imeacht an lae inniu, rud a léiríonn an tábhacht a bhaineann le gnáthóga ghrinneall ár bhfarraige a léarscáiliú chun ár n-iliomad acmhainní luachmhara farraige a thuiscint agus a bhainistiú.  Leanann ár gcuid sonraí agus ár bhfoireann ar aghaidh ag déanamh obair mhór chun leas a bhaint as ár saibhreas muirí."

Rinneadh scannánú ar líon mór ubhshac, ar a dtugtar sparáin na gcailleacha marbha go coitianta, ar ghrinneall na farraige, síos chomh domhain le 750 m. Is annamh a dhéantar taifead ar chomhchruinnithe ubhshac chomh mór sin agus léiríonn sé seo go mb'fhéidir gur san áit seo ar leith ar ghrinneall na farraige a bhailíonn na baineannaigh le chéile chun a n-uibheacha a bhreith.

Bhí scoil mhór de Chatsúiligh bhéaldubha (Galeus melastomus), atá flúirseach ar an taobh thoir thuaidh den Atlantach i láthair ag an suíomh, agus is dócha gur uibheacha de chuid an speicis seo atá i gceist. Tugadh speiceas eile, speiceas níos neamhghnáiche agus níos aonaraí, an Siorc seol-eiteach (Oxynotus paradoxus) faoi deara freisin. "Baineann spéis eolaíoch leis an dá speiceas seo toisc go bhfuil dualgas ar Éirinn monatóireacht a dhéanamh ar shiorcanna domhainuisce faoi Chreat-treoir Straitéis na Mara," arsa Maurice Clarke ó na Seirbhísí Comhairleacha um Éiceachórais Iascaigh ag Foras na Mara.

'I mbaol a dhíothaithe' atá an Siorc seol-eiteach dar leis AN Aontas Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra, rud a chiallaíonn go bhféadfaí é a mheas faoi bhagairt díothaithe go luath amach anseo. Fásann an speiceas suas go dtí 1.2 m agus de ghnáth feictear é agus é ag bogadh go mall sna sruthanna domhainuisce, ag ithe inveirteabraigh bheaga, bheantacha.  D'fhéadfadh go raibh sé á chothú ar na huibheacha é féin, ach níor thug an fhoireann eolaíochta seo faoi deara.

"Níor léir aon choileáin a bheith ann agus creidtear go bhféadfadh go mbeadh na siorcanna fásta ag úsáid sceir choiréil dhíghrádaithe agus carraig charbónáite mhaol lena n-uibheacha a bhreith.  D'fhéadfadh go mbeadh sceir choiréil shlán ina tearmann do na coileáin óga ach a dtagann siad amach as an mblaosc uibhe.  Táthar ag súil go ndéanfaidh tuilleadh staidéir ar an suíomh roinnt ceisteanna eolaíochta tábhachtacha a fhreagairt maidir le bitheolaíocht agus éiceolaíocht na siorcanna domhainuisce in uiscí na hÉireann," a mhínigh David O'Sullivan.

Breathnaíodh ar an óglann siorcanna laistigh de cheann de shé Limistéar Speisialta Caomhnaithe (SACanna) amach ón gcósta in uiscí na hÉireann a ainmníodh faoi Threoir an AE maidir le Gnáthóga le haghaidh sceireacha Iarscríbhinn 1.  Tá réimse éagsúil d'ainmhithe mara sna SACanna, lena n-áirítear feananna mara, spúinsí, péisteanna, crosóga mara, crústaigh agus raidhse speiceas éisc. Bhí cuid mhaith de na speicis seo le feiceáil san óglann nua-aimsithe, rud a chuireann béim ar an tábhacht a bhaineann le príomhréimsí dár n-aigéan a chaomhnú chun bithéagsúlacht na mara a chothú agus chun tacú léi.

"Is é an príomhchuspóir atá againn measúnú, cosaint agus monatóireacht a dhéanamh ar bhithéagsúlacht mhara amach ón gcósta ionas gur féidir linn ár n-acmhainní mara a bhainistiú go héifeachtach. Gan eolas ar an saol atá inár mara, tá baol ann nach dtuigfimid agus nach mbeidh meas ceart againn riamh ar mhuirthimpeallacht na hÉireann," a mhínigh an Dr Yvonne Leahy (NPWS). 

Is é an clár náisiúnta do léarscáiliú ghrinneall na farraige, INFOMAR, a chuir an saineolas eolaíoch agus an tacar sonraí ardréitigh do léarscáiliú domhainfharraige a úsáideadh i bpleanáil agus i ndearadh an tsuirbhé ar fáil.   D'fhág sé seo gurbh fhéidir díriú ar shuíomhanna féideartha ina mbeadh gnáthóg sceire don suirbhé seo, i bhfoirm gnéithe de ghrinneall na farraige lena n-áirítear cainneoin fomhuirí agus dumhaí de chuid ghrinneall na farraige, a óstaíonn sceireacha coiréil fuaruisce agus gnáthóga a bhaineann leo go minic sna huiscí saibhre amach ó chósta na hÉireann.

Is é an suirbhé ar a dtugtar 'SeaRover' an dara ceann de thrí shuirbhé a choimisiúnaigh Rialtas na hÉireann agus Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh an Aontais Eorpaigh agus a ndearna siad cómhaoiniú air. 'Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM), an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (DCHG) agus an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide, agus Comhshaoil ag tacú leis an tionscnamh trasrialtais seo mar chuid de chur i bhfeidhm atá á dhéanamh ag Foras na Mara ar an Scéim um Bhithéagsúlacht Mhara.   Is é clár INFOMAR, ar comhfhiontar é idir Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann agus Foras na Mara agus a ndearna  an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide, agus Comhshaoil, a stiúir oibriúcháin an tsuirbhé agus a rinne comhordú orthu. Ghlac eolaithe ó Fhoras na Mara, an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Ollscoil Plymouth agus Aquafact páirt sa suirbhé seo a leathnaigh amach i mbliana chun an limistéar is faide ó chósta na hÉireann atá laistigh den Limistéar Eacnamaíoch Eisiach, ag Bruach Rocal, a chlúdach.  

DEIREADH

Nótaí Eagarthóirí:

Tá sé mar aidhm ag an Scéim um Bhithéagsúlacht Mhara de chuid an Chiste Eorpaigh Muirí agus Iascaigh dea-bhainistíocht iascach agus dobharshaothraithe a chur chun cinn agus bithéagsúlacht a chosaint i ngnáthóga mara chun tacú le cur i bhfeidhm an Chomhbheartais Iascaigh agus chun Creat-treoracha i dtaca le Gnáthóga agus Éin (Natura 2000) agus Creat-treoir na Straitéise Mara a chomhlíonadh. Tá tuilleadh eolais faoi thionscadail aonair agus faoin scéim féin ar https://emff.marine.ie/.

Is é INFOMAR clár náisiúnta léarscáilithe mara na hÉireann agus is ceannaire domhanda é i dtaca leis seo. Tá sé maoinithe ag an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide, agus Comhshaoil, agus á sholáthar ag Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann (GSI) agus Foras na Mara.  Leanann sé ar aghaidh ó Shuirbhé Náisiúnta na hÉireann ar Ghrinneall na Farraige a rinne GSI agus tá sé le huiscí uile na hÉireann a léarscáiliú faoin mbliain 2026, uair a bheidh Éire ar an gcéad tír ar domhan le léarscáiliú a bheith déanta ar 100% dá críoch mhara.

Éilíonn Treoir i dtaca le Gnáthóga (CE 92/43/CEE) go nglacfadh baill stáit céimeanna áirithe ionas nach dtiocfaidh meath ar ghnáthóga cosanta agus cinnteoidh an staidéar seo go bhfuil Éire ag déanamh measúnú ar stádas na ngnáthóg seo atá amach ón gcósta.  Faoi riachtanais tuairiscithe na Treorach i dtaca le Gnáthóga, thug Éire tuairisc don Choimisiún Eorpach ar stádas Iarscríbhinn 1, gnáthóg sceire.

Is é seo an dara ceann de thrí suirbhé a moladh faoi Fhoireann Suirbhéireachta SeaRover (Anailís Íogair Éiceachóras agus Taiscéaladh ar Ghnáthóg Sceire le Feithicil Chianrialaithe):

I measc fhoireann an tionscadail tá an Príomh-Eolaí David O'Sullivan (INFOMAR - Foras na Mara); An Dr Yvonne Leahy (an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra), Louise Healy (Foras na Mara), Sinead O'Brien (Foras na Mara), an tOllamh Louise Allcock (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh), Felim O'Toole (MSc. i dTimpeallachtaí Cósta agus Mara: Próisis Fhisiceacha, Beartas agus Cleachtas ag OÉG), an Dr Kerry Howell (Deep Conservation Research Unit in Plymouth University Marine Institute); An Dr Rebecca Ross (Deep Sea Conservation Research Unit in Plymouth University Marine Institute), Poppy Keogh (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh)  [Ní ar bord] An Dr Janine Guinan (INFOMAR-Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann), an Dr David Lyons (an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra), an Dr Leonie O'Dowd (Foras na Mara); Thomas Furey (INFOMAR-Foras na Mara).

Press Release Documents