You are here:

Téarmaí an choisc ar thaiscéalaíocht ola comhaontaithe ag an rialtas

Dhearbhaigh an tAire Stáit Forbartha Pobail, Acmhainní Nádúrtha agus Forbartha Digití, Seán Canney, inniu (an Chéadaoin, an 30 Deireadh Fómhair 2019) na prionsabail pholasaí a bheidh mar bhunchloch le fógra an Taoisigh agus an Aire Bruton ina aitheasc ag Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe um Ghníomhú ar son na hAeráide ar an 23 Meán Fómhair 2019 chun deireadh a chur le taiscéalaíocht nua ola amach ó chósta na hÉireann.

Tá an fhógairt ag teacht sna sála ar chomhairle na Comhairle Comhairlí um Athrú na hAeráide maidir le todhchaí taiscéalaíocht ola agus gáis nádúrtha amach ón gcósta i gcomhthéacs an Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide a foilsíodh ar na mallaibh. Thug an Chomhairle dá n-aire go samhlaítear i bPlean an Rialtais um Ghníomhú ar son na hAeráide aistriú mór ó dhó ola sna hearnálacha teasa agus iompair i dtreo foinsí in-athnuaite sna deich mbliana atá amach romhainn. Mar sin, is í an chomhairle a thug an Chomhairle nach bhfuil taiscealaíocht le haghaidh cúltaiscí nua ola amach ón gcósta ná fáil na gcúltaiscí sin ag teacht le haistriú i dtreo saol atá íseal ar charbón. Comhairle eile a bhí ag an gComhairle ná gur féidir le taiscéalaíocht le haghaidh cúltaiscí nua gáis nádúrtha amach ón gcósta, agus baint gáis nádúrtha, a bheith ag teacht le haistriú i dtreo saol atá íseal ar charbón.

Glactar leis gur breosla aistrithe é gás. Tá an cás amhlaidh in Éirinn go háirithe siocair nach bhfuil cumhacht núicléach, hidreachumhacht de scála ná cumhacht gheoiteirmeach againn, mar atá ag tíortha eile a mbíonn a leithéid in úsáid acu mar chúltaca nuair nach mbíonn an ghaoth ag séideadh ná an ghrian ag taitneamh. Mar sin, is cosúil gurb é gás, an breosla iontaise is ísle astaíocht, a bheidh ar an gcúltaca leictreachais is fearr in 2030 nuair a bheidh 70% dár leictreachas ag teacht ó fhoinsí in-athnuaite. Déanfaidh an tAire Athbhreithniú ar Inbhuanaitheacht agus Slándáil Fuinnimh a choimisiúnú a amharcfaidh ar ról na mbreoslaí iontaise le linn an aistrithe. Breithneofar freisin an ról féideartha a bheidh ag teicneolaíochtaí eile.

Dhearbhaigh an tAire Canney na prionsabail seo a leanas inniu maidir le taiscéalaíocht peitriliam amach ó chósta na hÉireann:

1. Is le gás nádúrtha amháin, agus ní ola, a bhainfidh gach babhta ceadúnaithe sa todhchaí sa cheantar atá druidte faoi láthair amach ón gcósta (Ciumhais an Atlantaigh - 80%).
2. Is le haghaidh gás nádúrtha amháin, agus ní ola, a bhainfidh na hiarratais nua go léir ar cheadúnais sa cheantar atá oscailte faoi láthair (an Mhuir Cheilteach, Muir na hÉireann, ceantair ar an gcósta - 20%), agus beidh feidhm leis seo ó lá na fógartha ag an Taoiseach agus ag an Aire Bruton ar an 23 Meán Fómhair 2019.
3. Ní bheidh aon tionchar ag an gcinneadh seo ar na hiarratais ná ar na húdaruithe a rinneadh roimh an bhfógairt.
Tá iarrtha ag an Aire ar an Roinn Ráiteas Polasaí a dhéanamh ina leagfar amach:
• An bunús leis na bunphrionsabail i gcomhthéacs is leithne Phlean an Rialtais um Ghníomhú ar son na hAeráide;
• An creat bainistíochta forbartha a bheidh ann maidir le taiscéalaíocht agus táirgeadh gáis mar bhreosla aistrithe amach ó chósta na hÉireann; agus,
• Ról an gháis nádúrtha chun slándáil fuinnimh na hÉireann a chinntiú.

Dúirt an tAire Canney:
"Tá na prionsabail seo mar bhunchloch le cinneadh an Rialtais gach taiscéalaíocht nua le haghaidh ola a cheadúnú amach ó chósta na hÉireann. Tugann siad tuilleadh soiléirithe ar chur i bhfeidhm an chinnidh seo agus tá siad ag teacht leis an bPlean um Ghníomhú ar son na hAeráide a d'fhoilsigh an Rialtas ar an 17 Meitheamh 2019. Cuireann an Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide Éire ar an treo ceart chun sprioc 2030 maidir le hastaíochtaí carbóin a bhaint amach, sprioc atá ag teacht le sprioc eile a bheith neodrach ó thaobh astaíochtaí carbóin de faoi 2050."

Dúirt an tAire Bruton:
"Sna deich mbliana atá romhainn, ísleoimid go pras ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise agus muid ag aistriú i dtreo foinsí in-athnuaite a bheith in 70% de na foinsí leictreachais atá againn. Lorg an rialtas comhairle ón gComhairle Chomhairleach faoin Aeráid maidir le taiscéalaíocht i gcomhthéacs an aistrithe seo, agus tá glactha aige leis an gcomhairle cosc a chur ar thaiscéalaíocht nua le haghaidh ola amach ó uiscí cósta na hÉireann. Chomhaontaíomar téarmaí an choisc sin inniu."


Nótaí d'eagarthóirí

Is éard atá sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide plean an rialtais chun a chinntiú go mbainfidh Éire a spriocanna 2030 amach maidir le hastaíochtaí, chun go mbeimid ag dul an treo ceart chun a bheith neodrach ó thaobh astaíochtaí de faoi 2050. Leagtar amach sa phlean forleathan breis agus 180 gníomh, mar aon leis na céadta foghníomh i ngach earnáil den tsochaí. Faoin bplean seo, bainfimid amach an méid seo a leanas:
• Beidh cúig oiread an fhuinnimh in-athnuaite nasctha leis an ngreille
• Beidh deich n-oiread na gníomhaíochta aisfheistithe ann
• Beidh 50 oiread an líon feithiclí leictreacha ann
• Beidh cúig oiread an líon pobail inbhuanaithe fuinnimh ann
• Beidh 500,000 turas comaitéireachta laethúil / poiblí breise ann
• Beidh 250 milliún crann breise ann


Press Release Documents