You are here:

Leabhar nua seolta ag GSI faoi charst na hÉireann: ‘Karst of Ireland: Landscape - Hydrogeology - Methods’, le David Drew.

Seolfaidh Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann (GSI) leabhar nua David Drew 'Karst of Ireland: Landscape - Hydrogeology – Methods' in GSI, Tor an Bhacaigh, Dé Máirt an 15 Eanáir ar 6 a chlog.

 

Cén fáth ar gá duit foghlaim faoin gcarst?

 

Is cuid de bhunchloch na hÉireann é an carst go litriúil agus go meafarach. Cruthaíodh aolchloch na hÉireann ní ba mhó ná 300 milliún bliana ó shin nuair a bhí an tír sa Teochrios agus chlúdaithe ag farraigí teolaí éadomhain. Tá tírdhreacha carst, lena n-áirítear pluaiseanna, ar cheann de na radharcra is áille ar domhan agus ní haon eisceacht í Éire. Is ceantar cáiliúil aolchloiche í an Bhoireann i gContae an Chláir agus is gnéithe carst in aolchloch iad Pluaiseanna na hAille Buí agus Pluaiseanna Dhúlainn – tá tábhacht idirnáisiúnta geolaíoch leo agus chabhraigh sin leis an mBoireann agus le hAillte an Mhothair stádas geopháirce domhanda UNESCO a bhaint amach. Is gnéithe tábhachtacha iad lochanna carst, ar a dtugtar turlaigh freisin, de thírdhreach na hÉireann go háirithe taobh thiar den tSionainn agus tuigeann daoine atá ina gcónaí agus a oibríonn gar do thurlach a thábhachtaí atá an carst san fheirmeoireacht, sa bhainistiú talún agus tuilte agus sa pleanáil. Is mórfhoinse uisce óil iad carraigeacha carst in Éirinn agus ar fud an domhain, idir thoibreacha screamhuisce agus fuaráin nádúrtha. Tá oidhreacht chultúrtha ag na fuaráin in Éirinn mar go mbaineann na fuaráin sin le bunús na logainmneacha, na Naoimh agus na leigheasanna. 

 

Is aolchloch í 40% de bhunchloch na hÉireann agus is carst é cuid mhór de seo mar gheall ar an tuaslagadh a rinneadh ar an aolchloch leis an mbáisteach. Tá cuid de na ceantair is mó daonra in Éirinn, lena n-áirítear cathair Bhaile Átha Cliath agus cathair Luimnigh agus codanna móra de chathair Chorcaí agus cathair na Gaillimhe, bunaithe ar aolchloch charstach. Téann an carst i bhfeidhm ar an tionsclaíocht, an talmhaíocht, an fhóillíocht agus an turasóireacht i roinnt mhaith áiteanna ar fud na tíre nó téann na gníomhaíochtaí sin i bhfeidhm ar an gcarst.

 

Mar sin, tá saintuiscint ar an gcarst de dhíth ar mhaithe leis an bhforbairt agus an bhainistíocht chomhshaoil a dhéanamh go rathúil.  Oibríonn nó oibreoidh roinnt daoine gairmiúla  – hidrigeolaithe, hidreolaithe, eolaithe comhshaoil, eolaithe dobharcheantair, innealtóirí, pleanálaithe, saineolaithe sláinte poiblí, éiceolaithe, rialálaithe comhshaoil, mar aon le baill den phobail a bhfuil suim ar leith acu sa chomhshaol – leis an gcarst ag am éigin.

 

Scríobhadh an leabhar A4 seo ina bhfuil 318 leathanach daite do dhaoine gairmiúla agus do dhaoine a bhfuil suim acu sa charst. Treoraíonn David Drew an léitheoir trí chastachtaí an tírdhreacha carst ach an carst a phlé ar dtús sa chomhthéacs idirnáisiúnta sula ndírítear ar an gcarst i gcomhthéacs na hÉireann. Cruthaíonn David an 'íomhá' de na ceantair carst atá de dhíth chun bainistíocht éifeachtach chomhshaoil a dhéanamh ach cur síos soiléir, grianghraif den chéad scoth, léaráidí agus cairteacha a úsáid. Ní hamháin gur oidhreacht é an leabhar ar obair agus ar dhíograis David ach uirlis a bheidh ann amach anseo do dhaoine gairmiúla agus do dhaoine a bhfuil suim acu san ábhar chun eolas atá againn a mhéadú agus a fheabhsú agus chun bainistíocht níos éifeachtaí a dhéanamh ar an gcomhshaol.

 

Chuir David Drew an taithí 45 bliain atá aige sa taighde feidhmeach agus san obair phraiticiúil imscrúdaitheach, a rinneadh in Éirinn den chuid is mó, i dtoll a chéile go slachtmhar chun an treoir seo i dtaobh charst na hÉireann a chur ar fáil agus an tuiscint atá againn ar an gcarst a mhéadú. Tugann an leabhar seo an t-eolas atá aige le chéile leis an obair a rinne hidrigeolaithe de chuid GSI le déanaí agus san am a chuaigh thart– go háirithe obair Caoimhe Hickey – agus d'úsáid sé sonraí fairsinge a bhí ag GSI mar thacaíocht leis na measúnuithe a rinne sé agus na conclúidí a bhí aige. Tá ábhar praiticiúil ón earnáil acadúil agus ón earnáil chomhairliúcháin sa leabhar freisin.

Rinne Clár Taighde Geolaíochta de chuid Shuirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann formhór an mhaoinithe ar an leabhar mar aon le maoiniú ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus ionchur comhchineáil ó GSI, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Tobin Consulting Engineers agus Donal Daly.

 

Seolfar an leabhar ag Comhléacht atá á reáchtáil ag an International Association of Hydrogeologists/Geotechnical Society. I mbliana, bainfidh an léacht leis an gcarst sa hidrigeolaíocht agus san innealtóireacht.

Beidh an leabhar Karst of Ireland ar fáil go háitiúil nó trí Ionad Custaiméirí GSI agus ar an siopa ar líne nó trí Oifig Foilseachán an Rialtais ar chostas €20.

 

CRÍOCH

 

Nótaí d'Eagarthóirí:

 

Is é Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann, a bunaíodh i 1845, an tIonad Náisiúnta um Dhomhaneolaíocht. Tá sé freagrach as comhairle agus eolas geolaíoch a chur ar fáil agus as sonraí a bhailiú chuige sin.

Cuireann GSI réimse leathan táirgí, lena n-áirítear léarscáileanna, tuarascálacha agus bunachair sonraí ar fáil agus is ionad eolais agus comhpháirtí tionscadail iad i ngach gné de gheolaíocht na hÉireann. Is rannóg den Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil é agus tá idir 100 ball foirne ildisciplíneach ann. www.gsi.ie

 

 

Ba léachtóir sinsearach é an t-údar David Drew sa hidreolaíocht, sa hidrigeolaíocht agus sa gheomoirfeolaíocht carst i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ó 1971 go dtí go ndeachaigh sé ar scor in 2011. Rinne sé taighde forleathan ar an hidrigeolaíocht carst in Éirinn ach sa Ríocht Aontaithe, i gCeanada, in Iamáice agus i gceantar carst na Meánmhara. Scríobh sé roinnt páipéar measúnaithe ar an gcarst agus bhí sé ina chomh-údar ar dhá théacsleabhar ar charst. Anuas air sin, bhí sé ina chomh-Chathaoirleach ar anKarst Commission de chuid The International Association of Hydrogeologists idir 1997 agus 20101 agus bhí sé ina Uachtarán ar an gCraobh Éireannach den International Association of Hydrogeologists idir 2012 agus 2015.

 

 

Press Release Documents