You are here:

Fógraíonn Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann, Fondúireacht Eolaíochta Éireann agus Foras na Mara €2 mhilliún do thaighde geo-eolaíochta mara ar bhagairt súnámaí agus ar choiréalaigh na hÉireann

Seoltar tionscadail nua taighde inniu, a mhaoinítear faoi na duaiseanna i gClár na dTaighdeoirí, clár de chuid Fhondúireacht Eolaíochta Éireann. I measc na nduaiseanna i mbliana tá dhá thionscadal, a gcomhaoiníonn Fondúireacht Eolaíochta Éireann, Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann agus Foras na Mara iad. Breathnaíonn siad ar theicneolaíochtaí agus ar mhodheolaíochtaí nua chun staidéar a dhéanamh ar ghrinneall domhain na farraige, bagairt súnámaí agus tionchair an athraithe aeráide ar ár gcoiréalaigh fhuaruisce ina measc.

Tógann an dá thionscadal ar infheistíocht reatha Rialtas na hÉireann i léarscáiliú ghrinneall na farraige INFOMAR agus i dtrealamh mara, a gcomhaoiníonn Fondúireacht Eolaíochta Éireann é. Úsáidfidh an tOll. Andy Wheeler (Coláiste na hOllscoile, Corcaigh) an teicneolaíocht róbatach is déanaí de chuid Holland I Fhoras na Mara chun staidéar a dhéanamh ar choiréalaigh fhuaruisce, an chaoi a bhféadfadh tionchar a bheith ag athrú aeráide orthu san áireamh. Usáidfidh an tOll. Sergei Lebedev (Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath) Seismiméadair Ghrinneall na Farraige (OBS), braiteoirí a chuirtear chomh domhain leis na mílte ciliméadar faoi uisce, chun breathnú ar ár ngeolaíocht amach ón gcósta agus chun monatóireacht a dhéanamh ar phróisis ár n-aigéin, sciorrthaí talún a d'fhéadfadh bheith mar chúis le súnámaí ina measc.

"Tá an chríoch amach ó chósta na hÉireann deich n-uaire níos mó ná ár dtír agus leanaimid orainn ag foghlaim faoina geolaíocht, faoina próisis agus faoin dtionchar atá aici ar ár saolta. Bíonn feabhas á chur againn ar na léarscáileanna agus ar na híomhánna i gcónaí trí chláir cosúil le tionscadal INFOMAR um léarscáiliú ghrinneall na farraige. Cabhróidh na tionscadail nua taighde seo linn tuiscint níos fearr a fháil ar an screamh ilchríochach, ar ghrinneall na farraige agus ar an gcaoi a mbíonn tionchar acu ar ár n-acmhainní nádúrtha, ár ngnáthóga agus ár ndinimic aigéin," a dúirt Koen Verbruggen, Stiúrthóir, Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann.

Dúirt an tAire Acmhainní Nádúrtha, Seán Kyne T.D, "Is díol muiníne é cuid dár bpríomhthaighdeoirí eolaíochta a fheiceáil agus eolas nua á fhorbairt acu agus tacaíocht á tabhairt acu dár ngeilleagair mhara trí thionscadail dá leithéid. Tá sé riachtanach go mbainistímid ár n-acmhainní nádúrtha ar fad, na hacmhainní a bhaineann le réimse na mara ina measc. Caithfidh tuiscint níos fearr a bheith againn ar phróisis nádúrtha a théann i bhfeidhm ar thimpeallachtaí dá leithéid. Ligfidh sé seo dúinn ár dtodhchaí a phleanáil, ó thaobh inbhuanaitheachta agus contúirtí maolaitheacha de.

Úsáidfidh an dá thionscadal sonraí a bhailigh Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann agus Foras na Mara mar chuid de chlár mapála mara INFOMAR, a maoiníonn an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil é. Tá na sonraí seo agus táirgí a bhaineann leo ar fáil saor in aisce ar líne: http://www.infomar.ie/data/RealMaps.php

An tOll. Wheeler (Coláiste na hOllscoile, Corcaigh): Príomh-Phróisis agus Píomh-Rialuithe a bhaineann le Gnáthóga Fuaruisce Coiréalaigh i gCainneoin Fhomhuirí a Léarscáiliú, a Shamhaltú agus Monatóireacht a dhéanamh orthu.
Tacaíonn Cainneon Bhanc Porcupine na hÉireann le sceireacha doimhne coiréil, a ndéanfar staidéar orthu ach ardteicneolaíocht róbatach agus uirlisí nua léirshamhlaithe 3T Déanfaidh an tionscadal iniúchadh agus monatóireacht ar an gcainneon agus tabharfaidh sé sainmhíniú ar phróisis ghrineall na farraige a shocraíonn an áit a mbíonn coiréalaigh agus a n-íogaireacht i leith athraithe aeráide agus i leith na dtionchar atá ag iascaigh agus ag tionscal na hola. Is é an aidhm atá leis ná moltaí a dhéanamh maidir le hiascaigh inbhuanaithe, fhreagracha agus gníomhaíocht hidreacarbóin agus maidir le bainistíocht éifeachtach i rith an athraithe aeráide.

An tOll. Lebedev (Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath): An chontúirt struchtúir, éabhlóide agus sheismeach a bhaineann leis an bhfarraige amuigh: Imscrúdú agus úsáid á baint as an gcéad seismiméadar leathanbhanda ghrinneall na farraige amach ó chósta na hÉireann
Tá acmhainní iomadúla nádúrtha i gcríoch faoi uisce na hÉireann ach tá contúirtí inti freisin: Is iad creathanna talún amach ó chósta na hÉireann an chontúirt is mó agus is féidir leo sciorrthaí talún faoi uisce a chruthú, a bhíonn mar chúis le súnámaithe. Bainfidh an tionscadal seo úsáid as seismiméadair leathanbhanda ghrinneall na farraige amach ó chósta na hÉireann den chéad uair. In éineacht le seismiméadair reatha ar an gcladach, déanfar monatóireacht ar chríoch iomlán na hÉireann. Cuirfidh na sonraí uathúla nua léargais thábhachtacha ar phróisis gheolaíocha, ar bhunúis an bholcánachais a chruthaigh Clochán an Aifir agus sainchomharthaí geolaíocha eile, ar dháileadh agus ar chontúirt na seismeachta amach ón gcósta, agus ar fhorbairt gnáthacmhainní agus acmhainní geoiteirmeacha fuinnimh ar fáil.

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le: Aoife Braiden, Bainisteoir Taighde, Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann (01) 6782650 / (087) 6790941 aoife.braiden@gsi.ie

Chun tuilleadh eolais a fháil ar Chlár na dTaighdeoirí de chuid Fhondúireacht Eolaíochta Éireann féach http://www.sfi.ie/funding/funding-calls/sfi-investigators-programme/

CRÍOCH

Press Release Documents