You are here:

Comhairliúchán Poiblí ar an gcéad Phlean Náisiúnta um Maolú in Éirinn

15 Márta 2017

Inniu sheol an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, Denis Naughten T.D., comhairliúchán poiblí reachtúil ar an gcéad Phlean Náisiúnta um Maolú in Éirinn (NMP). Arna ullmhú i gcomhréir le forálacha an Achta um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015, leis an bPlean seo tá an chéad chéim á tabhairt againn i dtreo an leibhéal dícharbónaithe atá de dhíth a bhaint amach. Sa chomhthéacs seo, ní hamháin go mbeidh bearta sa chéad phlean seo chun dul i ngleic leis an dúshlán suas go dtí 2020, ach, chomh tábhachtach céanna, cuirfidh sé tús freisin le roghanna meántéarmacha agus fadtéarmacha a fhorbairt lena chinntiú go mbeimid in ann na bearta is gá a ghlacadh sna blianta amach romhainn.

Ní treochlár cuimsitheach d'fhonn cuspóir 2050 a bhaint amach a bheidh sa Phlean ach obair idir lámha a léireoidh cá bhfuilimid maidir lenár n-aistriú i dtreo an mhéid carbóin a úsáidimid a ísliú. Tá sé i gceist gur doiciméad beo a bheidh sa Phlean, a mbeidh teacht air ar shuíomh gréasáin na Roinne Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, agus a dhéanfar a nuashonrú de réir mar a ghineann anailís, plé agus nuálaíocht teicneolaíochta, roghanna níos mó agus níos éifeachtaí ó thaobh costais de maidir le maolú earnála.

Agus cuireadh á thabhairt aige don phobal aiseolas a thabhairt dá Roinn maidir leis na roghanna maolaithe sa Dréachtphlean, dúirt an tAire Naughten:

"Is céim mhór chun tosaigh é go bhfuil an chéad Phlean Náisiúnta um Maolú reachtúil á ullmhú ag an Rialtas seo d'fhonn ár n-aistriú i dtreo geilleagar ísealcharbóin, atá athléimneach ó thaobh aeráide de agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, faoin mbliain 2050 a chumasú. Tá dúshláin mhóra amach romhainn in Éirinn maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus aistear fada a bheidh ann. Is den riachtanas anois é go gcuireann páirtithe leasmhara, ar spéis leo an cúram, a dtuairimí in iúl mar chuid den chomhairliúchán poiblí seo chun treoir a thabhairt dár n-obair leanúnach agus an Plean á thabhairt chun críche againn."

Tá ceithre chaibidil sa Phlean Náisiúnta um Maolú, ina bpléitear le Giniúint Leictreachais, an Timpeallacht Thógtha, Iompar agus Talmhaíocht, Foraoiseacha agus Úsáid Talún. Sna caibidlí seo tugtar comhthéacs an bheartais earnála ábhartha, treochtaí na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa i ngach earnáil, na deiseanna agus na dúshláin agus na bearta atá ann faoi láthair agus na cinn atá á meas.  Laistigh de gach earnáil tá raon beart i bhfeidhm cheana, iad treoraithe de réir mar a oireann ag beartais agus straitéisí na n-earnálacha ábhartha. Tugtar sa Dréachtphlean freisin roghanna maidir le bearta breise a d'fhéadfadh an Rialtas a chur chun feidhme chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú a thuilleadh.

Tá sraith ceisteanna mar iarscríbhinn leis an dréachtphlean chun treoir a thabhairt d'fhreagairtí ar an gcomhairliúchán poiblí. Ní ceisteanna saintreoracha iad ámh, is é sin le rá go bhfuil lánchead ag páirtithe leasmhara tuairim a nochtadh i dtaobh gné ar bith den Dréachtphlean. Moltar do pháirtithe leasmhara cur chuige fianaise-bhunaithe a ghlacadh, maidir le costais agus acmhainn laghdaithe aon bhirt aonair mar shampla, nuair a bheidh freagairtí á dtabhairt acu ar an gcomhairliúchán.

Dúirt an tAire freisin: 

"Is léir nach bhfuil aon bhealach furasta ann lenár n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ar an scála a bheidh ag teastáil do na blianta amach romhainn. Tá na roghanna atá sa dréacht seo casta agus beidh sé costasach iad a chur chun feidhme. In a lán cásanna áfach, gabhfaidh raon leasanna comhshaoil, eacnamaíocha agus eile leis na roghanna seo, ní hamháin maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, ach mar acmhainn fostaíochta nó chun cáilíocht an aeir againn a fheabhsú freisin."

Is féidir leis an bpobal agus le páirtithe leasmhara ar spéis leo an cúram a fháil amach conas a dtuairimí a thabhairt ag http://www.dccae.gov.ie/energy/en-ie/Pages/Consultation/Public-consultation-on-National-Mitigation-Plan-.aspx.

Déanfaidh an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil freagairtí ar an bpáipéar comhairliúcháin a athbhreithniú agus a mheas, in éineacht le Ranna Rialtais eile ar cúram dóibh é, agus beidh siad mar threoir nuair a bheidh an Plean Náisiúnta um Maolú á chríochnú. Is é an 26 Aibreán 2017 an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí don chomhairliúchán.

I gcomhréir leis an gcreat ama atá leagtha síos san Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015, caithfidh an Plean deiridh a bheith curtha faoi bhráid an Rialtais faoi Mheitheamh 2017.

 

CRÍOCH

 

Nótaí d'Eagarthóirí:

 

Cuspóir an Phlean Náisiúnta um Maolú

Ullmhaíodh an Dréachtphlean Náisiúnta um Maolú i gcomhréir le ceanglais an Achta um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015. Is é cuspóir an Phlean na bearta beartais a shonrú, a bheidh ag teastáil chun astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa a bhainistiú, ag leibhéal a bheidh oiriúnach chun an cuspóir náisiúnta aistrithe a bhaint amach agus na hoibleagáidí AE agus idirnáisiúnta atá ar an Stát maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú á gcur san áireamh. Is é an Dréachtphlean an chéad Phlean dá shaghas faoi reachtaíocht 2015. Dá réir sin ní treochlár cuimsitheach é chun cuspóir náisiúnta aistrithe 2050 a bhaint amach ach cuireann sé tús leis an bpróiseas maidir le roghanna meántéarmacha agus fadtéarmacha a fhorbairt le go mbeimidne anseo in Éirinn in ann na bearta is gá a ghlacadh sna blianta amach romhainn. Próiseas leanúnach a bheidh ann. Doiciméad beo a bheidh sa Phlean Náisiúnta um Maolú a mbeifear in ann mionleasuithe a dhéanamh air ar bhonn leanúnach. Ina theannta sin, ullmhófar go foirmiúil Pleananna Náisiúnta um Maolú comhleanúnacha ar a laghad uair amháin gach cúig bliana mar a fhoráiltear i reachtaíocht 2015.

 

An tAcht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin

Leagtar síos san Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015 cuspóir náisiúnta aistrithe mar bhonn don aistriú go geilleagar ísealcharbóin, atá athléimneach ó thaobh aeráide de agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, faoin mbliain 2050.

I gCuid 3 den Acht foráiltear go gcaithfidh an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil sraith de Phleananna Náisiúnta um Maolú agus Creata Náisiúnta Oiriúnúcháin comhleanúnacha a dhéanamh agus a chur faoi bhráid an Rialtais. Foráiltear san Acht go gcaithfear an chéad Phlean Náisiúnta um Maolú a chur faoi bhráid an Rialtais tráth nach déanaí ná an 10 Meitheamh 2017.

 

Measúnú Straitéiseach Comhshaoil agus Measúnacht Chuí

Foilseofar Tuarascáil Chomhshaoil ar Mheasúnú Straitéiseach Comhshaoil (MSC) agus Ráiteas Tionchair Natura ar Mheasúnacht Chuí in éineacht leis an Dréachtphlean Náisiúnta um Maolú.

Ullmhaíodh an Tuarascáil Chomhshaoil MSC de bhun cheanglais Rialacháin 2001/42/CE maidir le measúnú ar thionchair phleananna agus chlár áirithe ar an gcomhshaol, mar a chuirtear chun feidhme iad in Éirinn le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnacht Timpeallachta ar Phleananna Áirithe agus ar Chláir Áirithe) (I.R. Uimh. 435 de 2004 arna leasú le I.R. 200 de 2011). 

Ullmhaíodh an Ráiteas Tionchair Natura ar Mheasúnacht Chuí i gcomhlíonadh Airteagal 6 de Threoir 92/43/CEE ón AE de 21 Bealtaine 1992, maidir le Gnáthóga Nádúrtha agus Fauna agus Flora fiáine a Chaomhnú (arna leasú).

 

 

Ceisteanna Coitianta (CCanna)

 

Cad é an cuspóir aistrithe do 2050?

Tuigeann an Rialtas go maith méid an dúshláin a ghabhann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú i gcomhréir lenár n-oibleagáidí AE agus léirítear an méid sin sa Seasamh Beartais Náisiúnta ar Ghníomhú Aeráide agus Forbairt Ísealcharbóin (2014) agus san Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015. Is gnéithe tábhachtacha iad an seasamh beartais agus an creat dlí araon den iarracht an clár náisiúnta um aistriú ísealcharbóin a chur chun cinn.

Bunaítear leis an Seasamh Beartais Náisiúnta an bunchuspóir náisiúnta an t-aistriú go geilleagar ísealcharbóin, atá athléimneach ó thaobh aeráide de agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, a bhaint amach faoin mbliain 2050. Leagtar amach ann an comhthéacs don chuspóir; déantar leibhéal an mhaolaithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa lena bhfuiltear ag súil a shoiléiriú; agus leagtar síos próiseas chun tabhairt faoin gcuspóir foriomlán sin a bhaint amach. Go sonrach, leis an Seasamh Beartais Náisiúnta táthar ag súil go mbeidh aon fhorbairt beartais treoraithe ag fís fhadtéarmach a bheidh bunaithe ar:

  • laghdú comhiomlán 80% ar a laghad ar astaíochtaí dé-ocsaíd charbóin (CO2) (i gcomparáid le leibhéil 1990) faoin mbliain 2050 in earnálacha giniúna leictreachais, na timpeallachta tógtha agus iompair; agus
  • go comhuaineach leis sin, cur chuige a bheith ann i leith neodracht carbóin san earnáil talmhaíochta agus úsáide talún, lena n-áirítear foraoiseacht, nach laghdaíonn acmhainn táirgeachta bia inbhuanaithe.

    Tá an Seasamh Beartais ar Ghníomhú Aeráide agus Forbairt Ísealcharbóin ar fáil ag http://www.housing.gov.ie/environment/climate-change/policy/climate-action-and-low-carbon-development-national-policy-position 

 

 

Conas mar atá ag éirí le hÉirinn maidir lena spriocanna reatha um athrú aeráide 2020?

Leis an gCinneadh maidir le Comhroinnt Díchill (Cinneadh Uimh. 406/2009/CE) leagadh síos spriocanna do gach Ballstát aonair maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa neamh-ETS (i.e. astaíochtaí a bhaineann le húsáid fuinnimh i bhfoirgnimh agus iompar agus astaíochtaí ón talmhaíocht, nach bhfuil clúdaithe ag scéimeanna trádála astaíochtaí). Ba é an sprioc a comhaontaíodh d'Éirinn don bhliain 2020, gur cheart go mbeadh astaíochtaí neamh-ETS faoi bhun 20% den leibhéal in 2005, i gcomparáid le laghdú meánach 10% san Aontas Eorpach. Tá an sprioc neamh-ETS ceangailteach ó thaobh dlí ar Éirinn.

Tugann na tuartha is déanaí ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le fios go bhféadfadh, faoin mbliain 2020, na hastaíochtaí in Éirinn a bheith 6% faoi bhun leibhéil 2005, i bhfad faoi bhunsprioc na hÉireann laghdú 20% a bheith ar leibhéil 2005. Tá tuartha astaíochtaí gás ceaptha teasa na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil ar fáil ag http://www.epa.ie/climate/emissionsinventoriesandprojections/ 

 

Cad é an sprioc a bheidh ag Éirinn don bhliain 2030? 

Le tograí an Choimisiúin Eorpaigh d'Iúil 2016 sprioc fhoriomlán an AE d'earnálacha trádála neamh-astaíochtaí a chionroinnt idir na Ballstáit, moltar sprioc d'Éirinn de laghdú 39% ar leibhéil 2005, bunaithe ar OTI per capita, don tréimhse ó 2021 go 2030. Déantar an sprioc seo a choigeartú síos 9 bpointe céatadáin don éifeachtacht costais a fhágann príomhsprioc 30%. Cé nár comhaontaíodh an figiúr seo go fóill, is léir gur dúshlán ollmhór é d'Éirinn, go háirithe i bhfianaise an toraidh ar dócha a bheidh ann maidir le spriocanna 2020 na hÉireann. Tá Creat Aeráide agus Fuinnimh 2030 an Choimisiúin Eorpaigh ar fáil ag https://ec.europa.eu/clima/policies/strategies/2030_en

 

Cad iad na bearta maolaithe atá i bhfeidhm cheana chun astaíochtaí a laghdú?

Sa Dréachtphlean liostaítear cnuasach fairsing de bhearta maolaithe atá i bhfeidhm cheana féin sna hearnálacha lena mbaineann, lena n-áirítear bearta a tugadh isteach ag leibhéal AE agus bearta náisiúnta. Nuair is féidir, tugtar sa Dréachtphlean faisnéis faoi na costais agus faoi na tionchair a ghabhfaidh le bearta aonair chun astaíochta a laghdú. Áirítear ar na nithe sin, ach gan a bheith teoranta dóibh, tá:

  • Scéim Trádála Astaíochtaí;
  • Cáin Charbóin;
  • Scéimeanna tacaíochta um leictreachas in-athnuaite;
  • Maoiniú um fhorbairt fréamhshamhla leictreachais in-athnuaite;
  • Tacaíochtaí airgeadais, trí SEAI, d'fheabhsúcháin ar éifeachtúlacht fuinnimh tithe;
  • Uasghráduithe ar éifeachtúlacht fuinnimh tithe sóisialta;
  • Caighdeáin tógála don fhuinneamh nach mór neodrach;
  • Teastais Rátála Fuinnimh Foirgnimh;
  • Gréasán Fuinnimh Tionscail Mhóir SEAI agus Scéimeanna Tacaíochta FBM;
  • Straitéis Éifeachtúlachta Fuinnimh na hEarnála Poiblí;
  • Infheistíochtaí iompair phoiblí;
  • Tionscnamh Taistil Níos Cliste;
  • Dreasachtaí cánach agus airgeadais d'fheithiclí astaíochtaí ísle;
  • Scéim Oibleagáide Bithbhreoslaí;
  • Clár um Fhorbairt Tuaithe;
  • Clár Foraoiseachta.

 

An mbeidh aon bhearta nua sa Phlean Náisiúnta um Maolú deiridh?

Ceann de chuspóirí an Phlean Náisiúnta um Maolú is ea roghanna maolaithe earnála a leagan amach don Rialtas. Beidh aon mheasúnú leanúnach ar na roghanna seo déanta faoi threoir, inter alia, na bhfreagairtí a gheofar sa chomhairliúchán poiblí seo. I gcásanna áirithe, tá forbairt ar roghanna sonracha gafa go mór chun cinn faoi réir a gcomhairliúchán poiblí féin, mar shampla, maidir leis an Dreasacht Teasa In-athnuaite atá beartaithe.

Maidir le rud amháin, cé go bhféadfaí a dhearbhú sa Phlean Náisiúnta um Maolú deiridh go gcuirfear chun feidhme cinnte ceann amháin nó níos mó de na roghanna a cuireadh i láthair, meastar go mbeidh gá le hobair bhreise maidir le roinnt de na roghanna a chuirfear i láthair. Sa tslí sin, doiciméad beo a bheidh sa Phlean Náisiúnta um Maolú a bheidh ar féidir é a mhionleasú ar bhonn leanúnach.

 

Conas a mhaoineofar an plean?

I ndeireadh na dála, is é cúram an Rialtais é, cé acu an leanfar ar aghaidh le bearta nó nach leanfar, agus déanfaidh an Rialtas machnamh air i gcomhthéacs tosaíochtaí mar chuid den phleanáil caiteachais sna próisis meastachán agus bhuiséadacha, mar chuid freisin den athbhreithniú ar chaiteachas reatha agus den athbhreithniú meántéarma ar Phlean Caipitil: Cur le Téarnamh: Infheistíocht Bonneagair agus Chaipitiúil 2016-2021.

 

Cad mar gheall ar fhoinsí astaíochtaí nach gclúdófar sa Phlean Náisiúnta um Maolú?

Is iad na ceithre earnáil a chlúdófar leis an bPlean Náisiúnta um Maolú na cinn arb iad foinsí fhormhór mór na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa in Éirinn. Níl toilleadh d'fhuíoll astaíochtaí ón earnáil dramhaíola agus ó gháis tionscail clúdaithe faoin bplean ós rud é go ndéantar iad a rialú cheana féin faoi rialacháin. Is lú ná 4% den iomlán na hastaíochtaí seo.

 

Cén nasc atá ag an bPlean Náisiúnta um Maolú le Gníomhú ar son na hAeráide?

Tá Idirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide á bhunú ag an Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil. Is é cuspóir an Idirphlé Náisiúnta seo ná próiseas ionchuimsitheach a sholáthar chun rannpháirtíocht agus comhthuiscint a chothú sa tsochaí maidir leis an aistriú seo go todhchaí ísealcharbóin a bheidh athléimneach ó thaobh na haeráide de a chumasú. Is próiseas leanúnach a bheidh san Idirphlé Náisiúnta a éascóidh ionchur rialta, ag an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, sa bheartú tosaíochta agus i gcur chun feidhme beartais aeráide agus fuinnimh araon. Má tá breis eolais uait faoin Idirphlé Náisiúnta, féach seo: http://www.dccae.gov.ie/news-and-media/en-ie/Pages/PressRelease/Naughten-announces-public-consultation-on-Ireland%E2%80%99s-first-National-Clean-Air-Strategy,-%E2%80%9CCleaning-our-Air%E2%80%9D.aspx

 

Cathain a fhoilseoidh an Rialtas Creat Náisiúnta Oiriúnúcháin?

Faoin Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015, caithfidh an tAire an chéad Chreat Náisiúnta Oiriúnúcháin a ullmhú roimh dheireadh 2017. Tá obair ag dul ar aghaidh faoi láthair ar ullmhú an chreata seo agus meastar go n-eiseofar an dréachtchreat le haghaidh comhairliúchán poiblí níos faide anonn sa bhliain.

 

Cad é an ról atá ag an gComhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide in ullmhú an Phlean Náisiúnta um Maolú?

Is comhlacht neamhspleách, reachtúil í an Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide a bunaíodh de bhun an Achta um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin chun comhairle a thabhairt don Aire agus don Rialtas maidir leis an athrú aeráide. Tá feidhmeanna sonracha ag an gComhairle Chomhairleach faoin Acht d'fhonn moltaí a thabhairt maidir le pleananna náisiúnta maolaithe a ullmhú.

Sa Chéad Tuarascáil ón gComhairle Chomhairleach, a foilsíodh i Samhain 2016, leagtar amach roinnt moltaí ginearálta maidir leis an bPlean Náisiúnta um Maolú a ullmhú. Féach http://www.climatecouncil.ie/

Press Release Documents