You are here:

An infheistíocht is mó i gceantair thuaithe na hÉireann ó tugadh leictriú isteach á déanamh agus an tairgeoir roghnaithe ceaptha don Phlean Náisiúnta Leathanbhanda

Leathanbhanda ardluais á thabhairt chuig 1.1 milliún duine trí scéim bhunathraitheach – gach teach, gnó agus feirm

 

Beidh na deiseanna céanna le fáil faoin tuath agus atá i gceantair uirbeacha

 

7 Bealtaine 2019

 

Beidh rochtain ag gach teach, feirm, scoil agus gnó in Éirinn ar leathanbhanda ardluais, is cuma cén áit ina bhfuil siad lonnaithe, anois go bhfuil ceapachán an tairgeora roghnaithe don Phlean Náisiúnta Leathanbhanda faofa ag an Rialtas.

 

Tá Éire ar na tíortha is túisce ar domhan a chinnteoidh go mbeidh na deiseanna digiteacha céanna ag daoine i gceantair thuaithe agus atá acu siúd i gceantair uirbeacha. 

 

Dúirt an Taoiseach, Leo Varadkar:

"I mo ról mar an Taoiseach, tá sé de dhualgas orm an todhchaí a shamhlú agus machnamh a dhéanamh ar chúrsaí amach anseo. Smaoiním ar obair ón mbaile. Cheana féin, tá suas leis an gceathrú cuid d'fhostaithe ag comhlachtaí áirithe ilnáisiúnta ag obair ón mbaile. Tá nasc slán leathanbhanda ardluais de dhíth orthu. Faoi láthair, níl a leithéid ar fáil faoin tuath in Éirinn. Tá daltaí i scoileanna beaga tuaithe agus i scoileanna ar oileáin in ann staidéar a dhéanamh ar ábhair mar fhisic trí nasc físe le scoileanna níos mó. Beidh a leithéid níos coitianta amach anseo. Mar dhochtúir, tá suim mhór agam i bhforbairtí teicneolaíochta i réimse an chúraim sláinte. Tá cúram leighis cianda ag teacht chun cinn ar fud an domhain. Tá an easpa rochtana ar sheirbhísí leathanbhanda ag dul i bhfeidhm ar dhaoine i gcuid mhór ceantar in Éirinn agus tá gá le réiteach náisiúnta ionas gur féidir leo nascadh leis an domhan mór, le baill teaghlaigh, le gnónna, le smaointe nua agus le dóigheanna úra chun rudaí a dhéanamh."

 

Dúirt an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, Richard Bruton T.D.:

"Athróidh an infheistíocht seo saol na tuaithe in Éirinn ó bhonn. Beidh na glúine a thiocfaidh inár ndiaidh ullmhaithe agus feistithe mar is ceart don am atá le teacht. Tá an teicneolaíocht dhigiteach ag athrú an dóigh a gcaithimid ár saol agus an dóigh a dtéimid i mbun foghlama agus oibre, agus táimidne ag iarraidh a chinntiú nach mbeidh ceantair thuaithe fágtha ar gcúl.

"Le fógra an lae inniu, táthar ag déanamh cinnte de go ndéanfaidh an Stát infheistíocht shuntasach i seirbhísí leathanbhanda sna blianta beaga atá amach romhainn. Níor infheistigh an Stát ach €400m i seirbhísí leathanbhanda sa tréimhse 2002-2016. Ar an láimh eile, faoi dheireadh na tréimhse 2002-2021 beidh €36.9 billiún infheistithe i mbóithre agus €10.8 billiún sa bhonneagar uisce."

 

Trí Leathanbhanda Náisiúnta Éireann (National Broadband Ireland), soláthrófar seirbhísí leathanbhanda don cheathrú cuid de mhuintir agus d'áitribh na hÉireann, daoine agus áiteanna nach bhfuil rochtain acu faoi láthair ar leathanbhanda ardluais trí sheirbhísí tráchtála. Cinnteofar go mbeidh comhdheiseanna ann do 1.1 milliún duine agus do 540,00 áitreabh – lena n-áirítear 100,000 gnó agus feirm agus breis agus 600 scoil – in áiteanna nach bhfuil oibritheoirí tráchtála sásta gealltanas a thabhairt go gcuirfidh siad seirbhísí leathanbhanda ardluais ar fáil iontu.

 

Gheobhaidh na daoine sin i gceantair thuaithe na hÉireann, 1.1 milliún acu, na deiseanna céanna agus atá ag daoine i gceantair uirbeacha na hÉireann agus beidh siad in ann teacht i dtír ar an réimse deiseanna nua a bhaineann le leathanbhanda ardluais. Gan é, ní bheidh aon chinnteacht ann go mbeidh rochtain acu ar na deiseanna sin. Áirítear leo:

·         - Obair sholúbtha agus obair chianda

·         - Sláinte chliste le seirbhísí dochtúra teaghlaigh agus altrachta ar líne agus monatóireacht mhíochaine ar líne

·         - Néalseirbhísí agus gléasanna nasctha

·         - Deiseanna feirmeoireachta cliste

·         - Foghlaim dhigiteach

·         - Íocaíochtaí agus áirithintí iontaofa leictreonacha

 

Soláthróidh an rialtas caipiteal breise ó 2021 ar aghaidh as ioncam a gheofar sa todhchaí. Ní chuirfear moill ar aon tionscnamh agus ní dhéanfar aon athrú ar an bPlean Náisiúnta Forbartha mar thoradh ar an gcinneadh seo. 
 

Na ciallachais

Sa tairiscint deiridh luaitear soláthar leathanbhanda iontaofa de shonraíocht an-ard atá ag teacht le treochtaí uirbeacha agus idirnáisiúnta. Soláthrófar snáithín do 98% de na háitribh uile, le luas tosaithe 150mb/s a ardóidh go 500mb/s i mBliain 10 d'úsáideoirí cónaithe. Beidh luasanna i bhfad níos airde ar fáil do ghnólachtaí.

 

Cuirfear tús leis an líonra a úsáid a luaithe a bheidh conarthaí sínithe. Beidh rochtain ar leathanbhanda ardluais ag breis agus 90% áitreabh sa Stát sa cheithre bliana atá romhainn.

 

Cuirfear ar fáil beagnach 300 pointe nasctha leathanbhanda (PNLanna) i mBliain 1 a bheidh mar bhaill the chun Wi-Fi saor in aisce a chur ar fáil i bpobail áitiúla, rud a thacóidh le moil oibre digití i ngach contae. Cuirfear an líonra snáithín ar fáil i gcomhar leis na PNLanna: beidh 120,000 áitreabh clúdaithe faoi Bhliain 2 agus freastalófar ar 70,000-100,000 áitreabh gach bliain ina dhiaidh sin. 

 

An Fhoireann

Tá foireann curtha le chéile ag an Tairgeoir chun an moladh a chur i bhfeidh. Tá taithí shuntasach acu in Éirinn maidir le tionscadail mhóra teileachumarsáide mar aon le taithí mhór go hidirnáisiúnta agus i gcomhthéacs an tionscail. Le chéile, tá an méid seo a leanas déanta ag an bhfoireann: 

·         - thóg siad 16 chomhlacht oibríochta teileachumarsáide ar láithreáin úrnua

·         - chuir siad i bhfeidhm 24 líonra náisiúnta teileachumarsáide

·         - bhainistigh siad nó chuir siad i bhfeidhm obair de luach €40 billiún ó thaobh conarthaí/gnó de.

 

De réir mar a éilítear faoin dlí, tá cuideachta nua atá cláraithe in Éirinn corpraithe ag Granahan McCourt chun an líonra a thógáil, a oibriú agus a chothabháil. Leathanbhanda Náisiúnta Éireann (National Broadband Ireland) an t-ainm a bheidh ar an gcuideachta.

 

Infheistíocht ag an Stát

Ceapadh an próiseas soláthair sa dóigh go ndeimhneofaí an costas iomlán a bheadh ar an Stát a íoc as leathanbhanda ardluais a sholáthar do thuairim is 540,000 áitreabh sula ndéanfadh an Rialtas a chinneadh deiridh maidir le dul ar aghaidh leis an bplean nó gan dul ar aghaidh leis agus sula síneofaí aon chonradh.

 

Tá deireadh anois leis an bpróiseas soláthair sin agus táthar i ndiaidh teacht ar an tátal gur €3 billiún thar thréimhse 25 bliain an costas uasta féideartha a bheidh le híoc ag an Stát. Áirítear leis sin €545m as fóirdheontas coinníollach agus teagmhasach agus €354m as cáin bhreisluacha, a íocfar leis na Coimisinéirí Ioncaim de réir mar a íocfar an fóirdheontas. Ní íocfar an fóirdheontas le cuideachta an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda go dtí go mbeidh na clocha míle bainte amach agus go mbeidh cosaintí cuimsitheacha agus dualgais a bheidh ina gceangal dlí leagtha amach sa chonradh, lena n-áireofar tacar príomhtháscairí feidhmíochta lena chinntiú go mbíonn an tseirbhís á cothabháil mar ba chóir.

 

Beidh an buntáille nasctha agus na táillí míosúla a ghearrfaidh soláthróirí seirbhísí ar an te atá ina chónaí faoin tuath in Éirinn ar aon dul leis na táillí a íocfaidh áitritheoirí i gceantair uirbeacha in Éirinn agus beidh rochtain ag an te faoin tuath ar sheirbhísí éagsúla ón soláthróir céanna, ina measc seirbhísí gutha, leathanbhanda agus teilifíse.

 

Na chéad chéimeanna eile

Nuair a bheidh Faomhadh Cúnaimh Stáit agus na riachtanais a bhaineann leis an gconradh a thabhairt chun críche deimhnithe ag an gCoimisiún Eorpach, bronnfar an conradh don Phlean Náisiúnta Leathanbhanda ar an Tairgeoir. Bainfidh Leathanbhanda Náisiúnta Éireann (LNÉ) úsáid as bonneagar cuaillí agus duchtanna  eir atá ann cheana féin agus beidh tacaíocht acu ó roinnt fochonraitheoirí móra a bhfuil taithí idirnáisiúnta acu – ina measc Grúpa KN, Grúpa Kelly, eNet, Actavo, Nokia – agus ó chuid mhór gnólachtaí áitiúla beaga agus meánmhéide san earnáil teileachumarsáide.

 

Nótaí d'eagarthóirí

 

An Réiteach

Is é an réiteach atá ag an Tairgeoir, cuideachta mhórdhíola rochtana oscailte a bhunú a bheidh dírithe ar líonra cábla snáthoptaice go háitreabh (FTTP) go príomha a chur ar fáil sa Cheantar Idirghabhála. Is líonra leathanbhanda ardluais a bheidh ann a sheasfaidh an aimsir agus a chuirfidh seirbhísí 150Mbps ar fáil do bhunús na n-áiteanna cónaithe agus a chuirfidh seirbhísí suas le 1Gbps ar fáil do mhórúsáideoirí sonraí agus d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide.

 

An Teicneolaíocht

Mar a éilítear de réir na dTreoirlínte um Chúnamh Stáit maidir le Leathanbhanda, bhí cur chuige a bhí neodrach ó thaobh teicneolaíochta de in úsáid i bpróiseas soláthair an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda, .i. níor sonraíodh aon rogha fhosaithe ná aon rogha gan sreang chun dul i ngleic le mainneachtain mhargaidh.

 

Mar sin féin, is moltaí bunaithe ar chábla snáthoptaice go háitreabh a chuir gach ceann den trí thairgeoir isteach, córas a ligfeadh doibh an t-íosriachtanas luais, 30Mbps, a chomhlíonadh agus a chinnteodh go seasfadh an líonra forbairtí teicneolaíochta san am atá le teacht.

 

Ar chúiseanna éagsúla atá leagtha amach ag Comreg agus ag eagrais eile, ní rogha fhóirsteanach ar leathanbhanda trí shnáithín go teach í seirbhís mhóibíleach 5G. Bheadh 6,000 crann breise nua de dhíth ar fud na tíre (dhá oiread líon na gcrann atá againn faoi láthair) chun clúdach móibíleach 30Mbps a chur ar fáil do 99.5% de mhuintir na tíre. Chomh maith leis sin, ghlacfadh sé deich mbliana an tseirbhís 5G  a chur i bhfeidhm, ní bheadh acmhainn leordhóthanach inti mar sheirbhís, agus chuirfeadh insliú baile, cnoic srl isteach go suntasach ar an gcomhartha.

 

I bhfianaise tráchtaireachta sna meáin agus i réimse na polaitíochta, scríobh Analysys Mason tuairisc (5  Nollaig 2018) ar iarratas ón Roinn a rinne athscrúdú ar an rogha theicneolaíochta is fóirsteanaí d'Idirghabháil an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda. Fiosraíodh chomh maith an mbeadh 4G móibíleach, 5G móibíleach nó rochtain fhosaithe gan sreang níos fearr mar rogha ná an réiteach a bhí molta ag an Tairgeoir, a bhí bunaithe ar shnáithín. 

 

Ba iad tátail na tuarascála sin gurb é cábla snáthoptaice go háitreabh an cur chuige is fóirsteanaí d'Idirghabháil an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda agus go bhféadfar Rochtain Fhosaithe Gan Sreang 5G (FWA) a úsáid i ndálaí sonracha, dírithe. Chomh maith leis sin, dar le Analysys Mason, níl líonraí 4G agus 5G inchurtha le réiteach molta an Tairgeora cábla snáthoptaice go háitreabh a úsáid ó thaobh costais, cáilíocht na seirbhíse, inseachadtachta agus buanseasmhachta.

 

Roghanna Eile

Thug an Rialtas dá aird inniu freisin roinnt roghanna eile a breithníodh le míonna beaga anuas. Is léir an méid seo a leanas maidir le gach ceann de na roghanna eile a aimsíodh san anailís a rinneadh: le hais an phlean reatha, ghlacfadh sé níos faide 100% de na háitribh sa Cheantar Idirghabhála a shroichint (nó ní shroichfí 100% acu riamh); d'fhéadfadh siad a bheith níos costasaí; i bhformhór na gcásanna, níor mhór dul i mbun comhairliúcháin faoi straitéis nua agus tabhairt faoi phróiseas nua soláthair agus iarratas nua ar chúnamh Stáit; d'fhéadfaí nach mbeadh an leibhéal buanseasmhachta a éilítear i straitéis an Choimisiúin – Nascacht i Sochaí Eorpach Ghigighiotán – ag baint leoTá an páipéar cuí le léamh anseo.

 

Rinneadh machnamh ar shainordú a thabhairt do chomhlacht stáit atá ann cheana féin, ESB mar shampla, tabhairt faoin bhfeidhm seo. Fuarthas comhairle shoiléir ón Ard-Aighne go mbeadh sé in aghaidh dlíthe soláthair agus dlíthe cúnaimh stáit a leithéid de bheart a dhéanamh taobh amuigh de phróiseas nua soláthair. Léiríodh tacaíocht don tuairim sin i seisiúin éagsúla plé go mall in 2018 faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda idir an Roinn Cumarsáide agus an Coimisiún Eorpach.

 

Úinéireacht

Beidh oiread agus is féidir de na cuaillí agus duchtanna atá ann cheana féin in úsáid i mbonneagar an líonra. Gheobhaidh LNÉ iad ar léas ó úinéirí reatha an bhonneagair. Tríd an mbonneagar a athúsáid ar an dóigh seo, táthar ag cinntiú go bhfuil an Stát ag teacht le treoirlínte maidir le Cúnamh Stáit agus leis an gcleachtas is fearr maidir le hinbhuanaitheacht chomhshaoil agus go bhfuil costais á n-íoslaghdú.

 

Is faoi úinéireacht LNÉ a bheidh sócmhainní ar bith eile sa líonra a gheobhaidh LNÉ. Beidh ceangal ar LNÉ na sócmhainní sin a bhainistiú a fhad agus a mhairfidh an tionscadal agus beidh orthu íoc as na costais ghaolmhara nuair is gá sócmhainní líonra a chothabháil nó cuid úr a chur isteach in áit na seansócmhainní.

 

Rialú

Tá tacar cuimsitheach cosaintí agus dualgais atá ina gceangal dlí leagtha amach sa Chonradh. Áirítear leo:

·         - Príomhtháscairí feidhmíochta chun a chinntiú go ndéanfar an tseirbhís a chothabháil mar is ceart

·         - Pionóis shuntasacha chun dul i ngleic le tearcfhorbairt

·         - Socruithe substaintiúla maoirseachta ar mhaithe le monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn, costais agus ceannach na seirbhíse ag custaiméirí srl.

·         - Riachtanais chuimsitheacha tuairiscithe go míosúil, go ráithiúil agus go bliantúil a bheith le comhlíonadh ag cuideachta an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda

·         - Athbhreithnithe suntasacha seiceála ag céimeanna éagsúla le linn an tionscadail

·         - Bord atá freagrach ann féin as na hoibríochtaí imfhálaithe agus as bainistíocht laethúil chuideachta an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda, agus ceangal a bheith ar an mBord tuairiscí a chur faoi bhráid an Aire go míosúil, go ráithiúil agus go bliantúil

·         - Comhalta Boird ceaptha ag an aire

·         - Iniúchadh neamhspleách ar chuntais

·         - Ceannas ar shócmhainní LNÉ a fhad agus a mhairfidh an Conradh

·         - An cumas chun "seasamh isteach" leis an obair thógála agus bhainistíochta a stiúradh sa chás ina mbeidh ceisteanna comhlíontachta nithiúla ann.

 

Amlíne an Tionscadail:

Cuirfear tús le cur i bhfeidhm na hoibre i Ráithe 4 2019 agus beidh gníomhaíochtaí suntasacha réamh-mhóibilithe ar siúl go leanúnach sna míonna beaga atá romhainn. Beifear réidh le bunús na n-áitreabh sa chéad chúig bliana den tionscadal agus beidh an t-iomlán déanta taobh istigh de sheacht mbliana.

 

Staitisticí:

Staitisticí an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda

·         - Thart ar 540,000 áitreabh (agus áitribh nua a thógfar)

·         - 1.1 milliún duine (23% den daonra)

·         - 56,000 feirm (68% de líon iomlán na bhfeirmeacha sa tír)

·         - 44,000 gnó nach feirmeacha iad (gnónna beaga agus micreaghnónna den chuid is mó)

·         - 674 scoil

 

Plean LBÉ atá le cur i bhfeidhm

·         - Dul i ngleic le 96% den mhórchríoch

·         - Leathanbhanda go 23% de na háitribh ar fud na tíre

·         - Tuairim is 540,000 áitreabh

·         - Beidh áitribh nua a thógfar sa cheantar idirghabhála san áireamh, tuairim is 30,000 acu

 

Beidh an méid seo a leanas i gceist le líonra LNÉ:

·         - Breis agus 1.5 milliún cuaille

·         - Fad 15,000 km agus tuilleadh de dhuchtanna faoin talamh

·         - Suas le fad 146,000 km de cháblaí nua snáithín

·         - An líonra a bheith ag rith feadh fhad 100,000 km den líonra bóithre

·         - Táirge leathanbhanda 150Mbps a bheith ar fáil do thomhaltóirí, agus uasghrádú a dhéanamh air sin go 300Mbps faoi Bhliain 6 agus go 500Mbps faoi Bhliain 10

·         - Táirgí suas le 1Gbps le haghaidh gnólachtaí, agus uasghrádú a dhéanamh orthu go 2 Gbps faoi Bhliain 11 agus go hincriminteach ina dhiaidh sin

·         - Is seirbhís chábla snáthoptaice go teach (FTTH) go príomha a bheidh in úsáid. Beidh nasc ardchaighdeáin gan sreang in úsáid i dtaca le 2% - 5% de na háitribh agus déanfar é a uasghrádú le himeacht na haimsire.

 

Mapa Leathanbhanda Ardluais

Staitisticí Clúdaigh Ráithe 4 2018 de réir Contae

 

 

Ainm an chontae

 

Líon iomlán na n-áitreabh

 

ÓMRA

Áitribh sa cheantar idirghabhála

 

GORM

Áitribh ag Oibritheoirí Tráchtála

 

GORM ÉADROM

Áitribh

Úsáid bheartaithe i gceantair thuaithe*

Ceatharlach27,9947,87518,052                  2,067
An Cabhán42,11016,99523,951                  1,164
An Clár68,68923,35941,742                  3,588
Corcaigh269,95274,820184,183               10,949
Dún na nGall101,83034,10765,212                  2,511
Baile Átha Cliath604,41210,551593,585                     276
Gaillimh135,11839,18588,483                  7,450
Ciarraí89,45828,70654,952                  5,800
Cill Dara92,23513,88577,589                     761
Cill Chainnigh48,00117,99627,201                  2,804
Laois39,25312,77224,415                  2,066
Liatroim22,33811,2979,583                  1,458
Luimneach97,56821,87867,821                  7,869
Longfort22,3088,19312,401                  1,714
Lú61,0348,66051,993                     381
Maigh Eo83,46536,84338,862                  7,760
An Mhí86,02120,25663,370                  2,395
Muineachán33,03515,73316,543                     759
Uíbh Fhailí36,96612,38722,485                  2,094
Ros Comáin39,08918,46917,618                  3,002
Sligeach40,09214,31423,722                  2,056
Tiobraid Árann83,96330,25045,693                  8,020
Port Láirge61,62416,58943,646                  1,389
An Iarmhí44,39711,96330,891                  1,543
Loch Garman82,53521,76159,620                  1,154
Cill Mhantáin64,87614,43748,880                  1,559
Iomlán

2,378,363

 

543,281

 

1,752,493

82,589

 

*Baineann na figiúirí seo le húsáid bheartaithe i gceantair thuaithe agus rachaidh a líon i laghad de réir mar a bheifear réidh le háitribh.

 

 

Infheistíocht de réir Contae – tugtar ar aird nach bhfuil CBL ná costais theagmhasacha san áireamh

Infheistíocht de réir Contae

 

ContaeInfheistíocht de réir contae Blianta 1 go 25 (€milliúin)
CORCAIGH€290
GAILLIMH€152
MAIGH EO€151
DÚN NA nGALL€141
CIARRAÍ€123
TIOBRAID ÁRANN€120
AN CLÁR€99
LUIMNEACH€86
LOCH GARMAN€81
ROS COMÁIN€76
AN CABHÁN€73
AN MHÍ€70
CILL CHAINNIGH€68
PORT LÁIRGE€63
MUINEACHÁN€61
SLIGEACH€59
CILL MHANTÁIN€55
LIATROIM€51
CILL DARA€51
UÍBH FHAILÍ€50
AN IARMHÍ€49
LAOIS€49
LONGFORT€34
BAILE ÁTHA CLIATH€31
€30
CEATHARLACH€29

Rannóg: Cumarsáid

Ábhar: Leathanbhanda​

 

Press Release Documents