You are here:

Coimisiún um Thodhchaí an Chraolacháin Seirbhíse Poiblí in Éirinn le Bunú, Freagraíonn an Rialtas do Straitéis Athbhreithnithe RTÉ

D'fhreagair an Rialtas inniu (Dé Máirt, an 10 Nollaig 2019) do straitéis athbhreithnithe RTÉ agus d'fhógair sé go mbunófar Coimisiún um Thodhchaí an Chraolacháin Seirbhíse Poiblí in Éirinn.

 

Dúirt an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, Richard Bruton T.D.:

 "Is bealach tábhachtach í an chraoltóireacht– náisiúnta agus áitiúil, chun cultúr agus pobal a léiriú, tacú le daoine cruthaitheacha agus tuairiscí neamhspleácha, oibiachtúla a thabhairt do shaoránaigh ar chúrsaí reatha.

"Tá mórathruithe ag titim amach a thugann dúshlán na samhla reatha. Sa lá atá inniu ann, is í an teilifís an phríomhfhoinse nuachta do 52% de dhaoine os cionn 65 bliain d'aois, agus is é an raidió an phríomhfhoinse do 18% díobh.  Ní bhraitheann ach 18% de dhaoine idir 18 agus 24 bliain d'aois ar an teilifís mar fhoinse nuachta, áfach, agus is ón raidió a fhaigheann 6% díobh an nuacht agus is ó na meáin shóisialta agus ó fhoinsí eile ar líne a fhaigheann 71% díobh an nuacht."

"Cruthaíonn sé seo dúshláin nua. Chomhaontaigh an Rialtas inniu Coimisiún um Thodhchaí an Chraolacháin Seirbhíse Poiblí in Éirinn a bhunú chun machnamh a dhéanamh ar an dóigh is fearr chun craolachán seirbhíse poiblí a chur ar fáil agus a mhaoiniú amach anseo."

 

Tá Coimisiún um Thodhchaí an Chraolacháin Seirbhíse Poiblí á bhunú ag Roinn an Taoisigh chun moltaí a tharraingt anuas faoi Mheán Fómhair 2020 (le hionchur roimh Cháinaisnéis 2021 a chinntiú). D'fhoilsigh an tAire inniu na téarmaí tagartha (féach nótaí don eagarthóir) don Choimisiún. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an gcur chuige reatha agus tabharfaidh sé moltaí don Rialtas maidir le treoir straitéiseach nua a leagan amach do chraolachán seirbhíse poiblí ag leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil i bhfianaise taithí idirnáisiúnta agus treochtaí amach anseo. Déanfar cinneadh i dtaca le ballraíocht go luath.

 

I bhfianaise a chuid deacrachtaí airgeadais, chuir RTÉ straitéis athbhreithnithe isteach agus phléigh an Rialtas í, i ndiaidh do NewEra measúnacht a dhéanamh.  Chomhaontaigh an Rialtas €10 milliún breise a chur ar fáil d'earnáil na craoltóireachta agus gheobhaidh RTÉ thart ar €9 milliún chun an plean nua seo a chur i bhfeidhm. Tagann an cistiú seo le €10 milliún de chistiú breise a leithdháileadh idir 2018 agus 2019.

 

Bainfidh riachtanais nua tuairiscithe le soláthar an chistithe bhreise seo, lena n-áirítear teimpléad struchtúrtha tuairiscithe ina leagtar amach go mbeidh cruinnithe míosúla idir RTÉ agus an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil agus iad ag obair le NewERA.

 

Gheofar an cistiú ó vóta de chuid na Roinne Coimirce Sóisialaí, maidir le Ceadúnais Teilifíse saor in aisce agus déanfar foráil ina leith i Meastacháin athbhreithnithe 2020.

 

Dúirt an tAire Bruton,

"Caithfidh RTÉ athruithe a dhéanamh chun é féin a athchóiriú. Tá sé tábhachtach freisin, áfach, go ndéanfar measúnú cúramach ar na múnlaí agus na meicníochtaí cistithe is fearr a thacóidh le spriocanna tábhachtacha seirbhíse poiblí. Tá an Rialtas ag teacht ar chomhréiteach le RTÉ maidir leis na dúshláin airgeadais atá roimhe." 

 

Chomhaontaigh an Rialtas inniu freisin nár chóir do RTÉ cuid den láthair a dhíol, mar a leagtar amach ina phlean, go dtí go gcríochnaítear obair an Choimisiúin agus go dtí go bpléann an Rialtas í, ó tharla go bhféadfadh tionchar a bheith ag a chuid moltaí ar chinntí i dtaca le méid agus le riachtanais RTÉ. 

 

Nótaí don Eagarthóir

 

Téarmaí Tagartha an Choimisiúin um Thodhchaí an Chraolacháin Seirbhíse Poiblí in Éirinn

 

Cuireann meáin fheidhmiúla, go háirithe craolachán seirbhíse poiblí, ceithre sheirbhís thábhachtacha phoiblí ar fáil do shochaí na hÉireann: 

 

  • Eolas a thabhairt do, oideachas a chur ar agus siamsaíocht a chur ar fáil do mhuintir na hÉireann maidir le cultúr, féiniúlacht, spórt agus teanga na hÉireann, chomh maith le ceisteanna bunúsacha eile d'Éirinn agus do mhuintir na hÉireann;
  • Cinntiú go bhfuil rochtain ag an bpobal ar iriseoireacht ardchaighdeáin, neamhchlaonta, neamhspleách a dhéanann tuairisciú ar cheisteanna a bhfuil tábhacht áitiúil, réigiúnach, Eorpach agus idirnáisiúnta leo ar bhealach cothrom a chuireann le dioscúrsa daonlathach;
  • An tír agus an diaspóra a thabhairt le chéile ag imeachtaí a bhfuil tábhacht náisiúnta leo;
  • Cinntiú go mbíonn an deis ag daoine cruthaitheacha in Éirinn a gcuid oibre a léiriú do dhaoine in Éirinn agus, más féidir, níos faide ó bhaile.

    Ó bhunú an Stáit, tá na cuspóirí seo á mbaint amach ag roinnt eagraíochtaí meán agus tá ról lárnach ag RTÉ agus ag TG4, atá ina gcraoltóirí seirbhíse poiblí, ann.  Le déanaí, thacaigh an Scéim Fuaime agus Físe, arb ionann é agus 7% den ghlanioncam a fhaightear ón gceadúnas teilifíse, le hábhar lena bhfuil luach seirbhíse poiblí ó gach craoltóir i gcomhar leis an earnáil táirgthe neamhspleách.

    Seo a leanas na nithe a dhéanfaidh an Coimisiún neamhspleách:
  • Taithí na hÉireann maidir le baint amach na gcuspóirí thuas trí chraoltóirí seirbhíse poiblí agus meáin eile ag leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta a aithint, chomh maith leis na dúshláin a chuir ardáin nua dhomhanda agus roghanna luchtanna féachana atá ag síorathrú roimh na meáin seo i dtaca leis an gcaoi a gcuirtear ábhar ar fáil;
  • Oiriúnacht an mhúnla reatha do na deich mbliana atá romhainn a phlé;
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar dhea-chleachtas i ndlínsí inchomparáide eile sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch maidir le múnla a sheasfaidh an aimsir a chur ar fáil chun na ceithre sheirbhís phoiblí thuas a bhaint amach mar go bhfuil athrú ag teacht ar na rudaí a mbíonn daoine ag súil leo, go háirithe ar na rudaí is fearr leo agus ar iompraíochtaí na luchtanna féachana níos óige.

    Ag eascairt as an obair sin, tá sé de chúram ar an gCoimisiún na nithe seo a leanas a dhéanamh:
     
  • conas ba chóir na cuspóirí seirbhíse poiblí sin a bhaint amach in Éirinn sna deich mbliana atá romhainn;
  • conas a thacóidh sé seo le hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha na hÉireann
  • conas a d'fhéadfaí an obair seo a mhaoiniú ar bhealach inbhuanaithe, sábháilte a chinntíonn maoirseacht neamhspleách eagarthóireachta agus a thugann luach a chuid airgid don phobal;
  • moltaí a dhéanamh maidir le ról, le maoiniú agus le struchtúr RTÉ laistigh den chreat seo
  • conas a dhéantar maoirseacht air agus conas a rialaítear é seo, agus aird á tabhairt againn dár gcuid oibleagáidí AE, lena n-áirítear na riachtanais a leagtar amach sa Treoir athbhreithnithe maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc.

    Cistiú RTÉ

    Cé gur tháinig laghdú mór ar ioncam tráchtála RTÉ le linn an chúlaithe eacnamaíochta, bhí RTÉ le cóimheá airgid a bhaint amach in 2013 agus in 2014 i lár an chúlaithe eacnamaíochta. Tá ioncam tráchtála RTÉ seasmhach den chuid is mó ó shin:
     
  • Tá ioncam tráchtála réasúnta seasmhach – bailíodh €150 milliún in 2013 agus bailíodh €150 milliún in 2018 chomh maith
  • Mhéadaigh ioncam ó tháille an cheadúnais ó €179 milliún in 2013 go €189 milliún in 2018

  • Tháinig méadú 11% ar chostais oibriúcháin sa tréimhse chéanna.

     
    Táille an Cheadúnais Teilifís

    In 2017, rinne an Comhchoiste Oireachtais um Chumarsáid, Gníomhú ar son na hAeráide agus Comhshaol 10 moladh i dtaca le Maoiniú an Chraolacháin Seirbhíse Poiblí amach anseo, lena n-áirítear an córas muirir reatha a leathnú le go gcuirfí gach teaghlach a úsáideann na meáin san áireamh beag beann ar an teicneolaíocht a úsáidtear i.e. muirear craolacháin seirbhíse poiblí nach bhfuil spleách ar ghléas agus atá bunaithe sa teaghlach.

     
    Grúpa Oibre um Thodhchaí an Chraolacháin Seirbhíse Poiblí

    I bhfianaise mholtaí an Choiste, cuireadh grúpa oibre ar bun mar thoradh ar chinneadh a rinne an Rialtas i mí Iúil 2018. Tá oifigigh shinsearacha ón Roinn Airgeadas, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ina mbaill den ghrúpa seo agus scrúdaigh sé na roghanna seo a leanas: bailiú an Cheadúnais Teilifíse ag na Coimisinéirí Ioncaim, tairiscint a chur isteach maidir le bailiú tháille an cheadúnais agus Muirear Craolacháin nó leagan eile de a chur in áit na táille.

     
    Thug an grúpa tuarascáil don Rialtas in Earrach 2019 agus mhol siad na nithe seo a leanas:
  1. 1. Cuirfear an ceadúnas teilifíse amach ar thairiscint phoiblí a luaithe agus a achtaítear an reachtaíocht chumasúcháin, Bille Leasaithe Craolacháin 2019. Thug an grúpa faoi deara go mbeadh gá le conradh ar théarma seasta 5 bliana a thairiscint le go mbeadh an tairiscint rathúil in ann infheistíocht a dhéanamh i bhfeabhsuithe maidir le bunachar sonraí agus bailiú. Sa Ríocht Aontaithe, laghdaigh an ráta go 7% i gcaitheamh roinnt blianta de bharr na dtairiscintí a lorgaíodh maidir le bailiú an Cheadúnais Teilifíse.
  2.  
  3.  
  4. 2. Ag deireadh thréimhse an chonartha, ba chóir go gcuirfí muirear neamhspleách ar ghléas a chur in áit tháille an cheadúnais chun tacú le hábhar seirbhíse poiblí ar bhonn in-athnuaite.  D'aithin an grúpa roinnt dúshlán i dtaca leis an rogha seo agus bheadh am ag teastáil chun iad a réiteach. 

    Ghlac an Rialtas leis na moltaí seo agus d'fhógair sé i mí Lúnasa na bliana seo iad.
     
     

 

Press Release Documents