Cad é Clár na gCrann Taca Digiteach Scoile?
Cad is Crann Taca Digiteach Scoile ann?
Cad a dhéanfaidh an fhoireann Chrann Taca Digiteach Scoile?
Cad iad téamaí an tionscadail?
An foláir dár scoil páirt a ghlacadh sa chlár?
Cén tionchar a bheidh ag an gclár ar thionscadail eile atá á ndéanamh ag do scoil?
Cén tairbhe a bhainfear amach trí pháirt a ghlacadh i gclár na gCrann Taca Digiteach Scoile?
An comórtas é?
Cad é an próiseas iarratais?
Cad é an tuarascáil tionscadail?
Cad é amlíne an chláir?
Conas is féidir liom tuilleadh eolais a fháil?
Cad é Clár na gCrann Taca Digiteach Scoile?
Is tionscnamh é a d’fhorbair an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Scileanna.Leis an gclár seo, spreagfar agus tacófar scoileanna chun teicneolaíocht dhigiteach a ghlacadh.Músclófar feasacht faoi ghairmeacha digiteacha freisin.Roghnóidh scoileanna foireann Crann Taca Digiteach Scoile a thabharfaidh aghaidh ar dhúshlán a bheidh bunaithe ar thionscadal a chur i bhfeidhm.
Cad is Crann Taca Digiteach Scoile ann?
Is dalta é an Crann Taca Digiteach Scoile a roghnaíonn an scoil mar ábhar ceannaire nó eiseamláire i leith teicneolaíocht dhigiteach agus ábhar digiteach a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.
Cad a dhéanfaidh an foireann Crann Taca Digiteach Scoile?
Mar chuid den chlár, beidh deis ag gach foireann:
a) tionscadal a chur i gcrích faoi cheann de na téamaí atá curtha síos i gceist a ceathair thíos.
b) páirt a ghlacadh i lá oiliúna ina gcuirfear ceardlanna ar fáil a bheidh dírithe ar na riachtanais atá sainaitheanta ina Foirm Iarratais.
c) taithí a fháil ar chuideachtaí teicneolaíochta ceannródaíocha trí chuairteanna suímh agus chainteanna leis na cuideachtaí seo le linn an chláir.
d) aithne a chur ar fhoirne Crann Taca Digiteach Scoile eile.
e) tionscadail chríochnaithe a chur os comhair phobail ag ócáid i mí Bealtaine 2019.
Cad iad na téamaí tionscadail?
Tá trí théama tionscadail ann faoi Chlár na gCrann Taca Digiteach Scoile, Fiontar Áitiúil, Comhphobal Áitiúil agus Scoil/Baile.Caithfidh daltaí a thaispeáint an bealach inar féidir leo teicneolaíocht agus scileanna digiteacha a úsáid chun difríocht a dhéanamh trí thionscadal a chur i gcrích faoi cheann de na téamaí seo.
Agus a dtionscadal á roghnú acu, iarrtar ar na daltaí machnamh a dhéanamh freisin ar na réimsí seo a leanas.Conas is féidir leat teicneolaíocht a úsáid chun difríocht a dhéanamh sna réimsí seo a leanas::
- dramhaíl a laghdú/bhainistiú
- an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide a chabhrú
- éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus
- ríomh-ionchuimsiú
An gcaithfidh ár scoil bheith rannpháirteach sa chlár?
Ní chaithfidh, is clár roghnach é seo. Is deis é seo do do scoil bheith rannpháirteach i dtionscnamh nua iontach, a chuirfidh úsáid na teicneolaíochta sa rang scoile chun cinn, agus a chuirfidh feabhas ar thorthaí foghlama na ndaltaí.
Cén tionchar a bheidh ag an gclár ar thionscadail eile a dhéanann do scoil?
Féadann Clár na gCrann Taca Digiteach Scoile cur luach breise le cláir atá ann cheana. Is féidir gach Crann Taca Digiteach Scoile saineolas agus tacaíocht dhigiteach a chur ar fáil do thionscadail eile amhail the Young Scientist, F1 in Schools, An Gaisce nó tionscadail dá samhail.
Cad iad na tairbhí a thagann as páirt a ghlacadh i gClár na gCrann Taca Digiteach Scoile?
Beidh deis ag daltaí:
- lá oiliúna a fhreastal, ina chuirfear ceardlanna ar fáil a bheidh dírithe ar na riachtanais atá sainaitheanta san fhoirm iarratais.
- cruinnithe le cuideachtaí teicneolaíochta ceannródaíocha a fhreastal ar dhátaí réamhshocraithe
- príomhscileanna a fheabhsú trí shaothar comhoibríoch
- ardchaighdeán na scileanna digiteacha atá bainte amach acu a thaispeáint, ní amháin don scoil, ach ar ardán níos leithne ag ócáid speisialta i mí Bealtaine 2019.
Beidh deis ag múinteoirí:
- foghlaim thionscadalbhunaithe agus táirgeadh eolais a chur chun cinn trí úsáid na teicneolaíochta nua
- dúshlán teicneolaíochta a úsáid chun daltaí a chur ag obair ar fhadhbanna an domhain a réiteach
- páirt a ghlacadh, i dteannta lena ndaltaí, i lá oiliúna dírithe ar na riachtanais atá curtha síos san fhoirm iarratais.
Beidh scoileanna in ann:
- taithí a thabhairt dá ndaltaí ar raon leathan foghlama trí pháirt a ghlacadh i gclár nuálach spreagúil.
- aitheantas a thabhairt do na daltaí siúd atá ina gceannródaithe ó thaobh úsáid na nua-teicneolaíochtaí de.
- foghlaim a stiúradh trí húsáid na nua-teicneolaíochtaí
- cur ar chumas na ndaltaí an-difríocht a dhéanamh trí húsáid na teicneolaíochta.
An comórtas é?
Ní. Ní hé iomaíochas atá bunaidhm an chláir ach rannpháirtíocht ghníomhach. Ba é tuairim na múinteoirí a ghlac páirt sa chlár roimhe seo go ligeann sé seo cur chuige níos cuimsithí a fheileann gach leibhéal de scileanna TF. In éineacht leis sin, bhraith siad go raibh na daltaí spreagtha chun eolas a roinnt agus obair a dhéanamh le chéile. Thairis sin, cuireadh ar an eolas iad faoi dheiseanna gairme san earnáil dhigiteach.
Cad é an próiseas iarratais?
Eisíodh litir chuig gach Príomhoide meánscoile ó Aire Denis Naughten agus Aire Richard Bruton inar tugadh cuireadh do do scoil páirt a ghlacadh sa chlár. Cuir na daltaí ar an eolas faoin gclár, le do thoil.Roghnaíonn do scoil foireann Crann Taca.Is féidir foireann Crann Taca (4 ar a mhéad) a chur ar bun trí dhaltaí a bhfuil suim acu sa chlár a thabhairt le chéile ó ranganna éagsúla nó ó bhlianta éagsúla sa scoil.Is féidir leat dara fhoireann Crann Taca a roghnú le haghaidh dara thionscadal, más mian leat.B’fhéidir gur fiú é foireann a roghnú a bhfuil eolas digiteach agus taithí theicniúil tugtha le chéile inti, chomh maith le raon scileanna maidir le heagrúchán Is é an chéad chéim eile ná teacht le chéile chun tionscadal digiteach a aontú a bheidh dírithe ar cheann de na trí phríomhthéama tionscadal (faigh eolas ó thaobh na bpríomhthéamaí de ag ceist a ceathair, thuas). Tabhair cuairt ar ár leathanach, "Conas iarratas a dhéanamh" le haghaidh sonraí breise agus chun teacht ar na foirmeacha iarratais agus toilithe is gá. Is é 11 Aibreán 2019 an dáta deiridh le haghaidh gach tionscadal.
Cad is tuarascáil tionscadail ann?Mar chuid den tionscadal Crann Taca Digiteach Scoile, ní mór do dhaltaí tuarascáil a chur le chéile, ina gcuirfear in iúl an t-eolas seo a leanas:
Cén tionscadal atá ann?
Cén teideal atá ar an tionscadal?
Cén bogearra ar bhain an fhoireann úsáid as?
An bhféadtar teacht ar an tionscadal ar líne? Cén áit?
Cad iad na haidhmeanna agus na spriocanna atá ag an tionscadal?
Conas a tugadh faoin tionscadal a dhéanamh?
Cén toradh a bhí ar an tionscadal?
Conas is féidir leat bunús inmharthana a thabhairt don tionscadal?
Céard a bhí an toradh is tábhachtaí ar an tionscadal?
Cérbh iad na tacaithe ba fhiúntaí libh?
Cén moladh a bheadh agaibh do Chrann Taca Digiteach Scoilesan am atá le teacht?
Deireadh Fómhair 2018
● 19 Deireadh Fómhair– An dáta deiridh chun foirm chomhlíonta le haghaidh chlár Crann Taca Digiteach Scoile a chur isteach ar líne.
● 19 Deireadh Fómhair– Foirm toilithe in aghaidh gach Crann Taca Digiteach Scoile, agus í sínithe ag tuismitheoir, le bheith seolta ag an Scoil chuig schooldigitalchampion@dccae.gov.ie
Na daltaí le dul i mbun oibre ar a dtionscadail. Ar an suíomh gréasáin seo againne, is féidir leat teacht ar ábhair óna gceardlanna a reáchtáladh anuraidh.
Samhain/Nollaig 2018
● Cuirfear lá oiliúna ar scileanna ar fáil do mhúinteoirí agus do dhaltaí, a chuimseoidh ceardlanna éagsúla.
Feabhra/Márta 2019
● Eagrófar cuairteanna ag foirne Crann Taca Digiteach Scoile, agus a múinteoirí, ar shuíomhanna de chuid ár gcomhpháirtithe tionscail.
● Iarrfaimid ort tuarascáil ar dhul chun cinn an tionscadail a sheoladh isteach chugainn.
Aibreán 2019
● 11 Aibreán – an dáta deiridh chun críoch a chur ar an tionscadal. Ba cheart Tuarascáil ar Thionscadal Críochnaithe a chur faoinár mbráid trí ríomhphost chuig schooldigitalchampion@dccae.gov.ie.
Bealtaine 2019
● Cuirfear tionscadail chríochnaithe os comhair an phobail ag imeacht náisiúnta, nuair a bhronnfar Teastas Rannpháirtíochta ar gach Crann Taca Digiteach Scoile.
Conas is féidir liom tuilleadh eolais a fháil?
Oifig Tionscadail um Chrann Taca Digiteach Scoile ,
Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil,
Teach Leamháin,
Bóthar Ghleann an Iarla,
An Cabhán H12 A8H7.
schooldigitalchampion@dccae.gov.ie