Comhairliúchán Poiblí maidir le Creat Náisiúnta Oiriúnú don Athrú Aeráide
Cúlra – athraithe in aeráid na hÉireann
Léiríonn breathnadóireachtaí aeráide go bhfuil aeráid na hÉireann ag athrú i dtéarmaí ardú ar leibhéal na farraige, méadú ar an meánteocht agus athruithe ar phátrúin frasaíochtaí agus adhaimsir. Tá an scála agus ráta athraithe atá feicthe i gcomhréir le treochtaí réigiúnacha agus domhanda agus táthar ag súil go leanfaidh na hathruithe seo ar aghaidh agus go méadóidh siad sna blianta atá amach romhainn. Cibé rathúil is a mbeidh iarrachtaí chun astaíochtaí cheaptha teasa a laghdú, leanfaidh tionchar na hathraithe aeráide sna mblianta atá le teacht mar gheall ar thionchar mhoillithe na n-astaíochtaí reatha agus stairiúla. Níl aon rogha eile ann, dá bhrí sin, ach bearta oiriúnaithe a dhéanamh chun ullmhú i gcomhair iarmhairtí athrú aeráide nach féidir a sheachaint agus na costais eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta a bhaineann leo.
Aidhm an chomhairliúcháin seo
Beidh an chéad Creat Náisiúnta Oiriúnú don Athrú Aeráide reachtúil de chuid na hÉireann ina chéim thábhachtach chun an tír a chur ar bhealach an aistrithe go dtí geilleagar atá éadrom ó thaobh carbóin, athléimneach ó thaobh aeráide, agus inmharthana ó thaobh an chomhshaoil, faoin mbliain 2050. Leagfaidh an Creat Náisiúnta Oiriúnú don Athrú Aeráide amach an straitéis náisiúnta maidir le beartaithe oiriúnú a chur i bhfeidhm in earnálacha éagsúla agus sna húdaráis áitiúla chun leochaileacht an Stát i leith éifeachtaí diúltacha na hathrú aeráide a íslíú chomh maith le leas a bhaint as aon éifeachtaí dearfacha a d'fhéadfadh tarlú. Dá bhrí sin, leagfaidh an Creat agus a chomharbaí amach comhthéacs inar féidir leis na húdaráis áitiúla,réigiúnacha agus príomh-earnálacha eile measúnú a dhéanamh ar phríomhrioscaí agus ar leochaileachtaí na hathraithe aeráide, trí ghníomhaíochtaí athléimneacha aeráide a chomhaontú chun chinntiú go dtógtar oiriúnú ar athrú aeráide san áireamh i ngach polasaí náisiúnta, réigiúnach agus áitiúl i slí atá comhordaithe.
Ní shainaithneoidh an Creat suíomhanna nó beartaithe in earnálacha faoi leith. Ina ionad sin, déanfar bearta oiriúnaithe mionsonraithe a fhorbairt in earnálacha agus ag leibhéál rialtais áitiúil, a thógann treoracha na Creata san áireamh. Cuirfear tús leis an bpróiseas maidir le pleananna oiriúnú earnála a fhorbairt go foirmiúil tar éis don Rialtas an Chreat a cheadú.
Faoin Acht um Ghníomhaíocht Aeráide agus Forbairt Íseal Carbóin 2015, ní mór don Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil Creat Oiriúnú don Athrú Aeráide Náisiúnta a chur faoi bhráid an Rialtais nach déanaí ná an 10 Nollaig 2017.